Bagdad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bagdad
بغداد
Bagdad
Suíomh

83°20′ Thuaidh 44°26′ Thoir

Rialtas
Tír: Flag of Iraq.svg An Iaráic
Cúige: Muḥāfaẓät Baġdād
Gobharnóir: Hussein Al Tahhan
Déimeagrafaic
Achar: 204.2 km²
Daonra: 7 milliún
Dlús daonra: 34,280/km²

Príomhchathair na hIaráice is í Bagdad (Araibis: بغداد‎ , Baghdād). Tá an chathair suite ar bhruach abhainn Tigris in lár na tíre. Is í an chathair is mó sa tír, agus an dara chathair is mó sa domhan Arabach, tar éis Caireo. Meastar go bhfuil cónaí ar 5,772,000 duine ann.

Stair[athraigh | edit source]

B'é an Cailíf al-Mansur, de ríshliocht na nAbbasach a bhunaigh Baghdad an 30 Iúil 762. Bhí príomh-chathair na bPeirseach, Ctesiphon, suite gar do Bhagdad. Ghabh na Moslamaigh an chathair siúd sa bhliain 627, agus bunaíodh Bagdad mar phríomh-chathair ina h-áit.

Meastar gurbh í Bagdad an chathair ba mhó ar domhan idir blianta 775 agus 935. Tá seans ann freisin gurbh í an chéad chathair a raibh daonra níos mó na milliún duine aici.

Rinneadh a lán dochair do Bhagdad le linn ionradh na Mongólach a chuir deireadh le réim na nAbbasach, le linn Cogadh na Murascaille idir 1990 agus 1991, agus an dara ionsaí sa bhliain 2003. Cuireadh an ruaig ar Saddam Hussein, ach níl an chathair faoi lánsmacht na húdaráise fós.

Mosc i mBagdad, sa bhliain 1973.