An tEarrach Arabach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tíortha Arabacha :

██ Rialtas treascartha

██ Cogadh cathartha

██ Athrú suntasach sa rialtas

██ Mor-agóidí

██ Mion-agóidí

██ Gan teagmhas

Tíortha neamh-Arabacha :

██ Agóidí gaolmhara

██ Gan teagmhas

Is éard is an tEarraigh Arabach ann ná tonn réabhlóideach de léirsithe agus d'agóidí a bhí agus a bhíonn ar siúl sa domhan Arabach ón 18 Nollaig 2010 ar aghaidh. Roimh seo, ba í an tSúdáin amháin an t-aon tír Arabach a bhí in ann fáil réidh le réimis deachtóireachta, sa bhliain 1964 agus arís sa bhliain 1985. Go dtí seo, bhí réabhlóidí sa Túinéis agus san Éigipt; cogadh cathartha sa Libia; éiríithe amach sa Bhairéin, sa tSiria, agus san Éimin; agóidí móra san Ailgéir, san Iaráic, san Iordáin, sa Mharacó, agus san Óman; agus mion-agóidí sa Chuáit, an Liobáin, an Mháratáin, an Araib Shádach, agus an tSúdáin.