An Damaisc
| Dimashq دِمَشق |
|
| Dimashq | |
|---|---|
| Rialtas | |
| Tír: | |
| Ceantar: | An Damaisc (gobharnóireacht) |
| Gobharnóir: | Bishr Al Sabban |
| Déimeagrafaic | |
| Achar: | 109 km² |
| Daonra: | 1,666,789 |
| Airde: | 680 m |
| www.esyria.sy/edamascus/ | |
Is í an Damaisc (دمشق) príomhchathair na Siria. Tá tuairim is 1,669,000 duine ina gcónaí sa chathair.. Tá sí suite cois Barada in iardheiscearrt na tíre 80km (50 míle) slí ó chósta thoir na Meánmhuire, ar ardchlár 680m (2,200 troigh) os cionn leibhéil na farraige. Tá an aeráid breacthúr. Is seanchathair í an Damaisc agus baineann tábhacht ar leith léi sa Leiveaint ó thaobh an chultúir agus an reiligiúin de. Roghnaíodh an Damaisc mar phríomhchathair Arabach an chultúir don bhliain 2008.[1]
Clár ábhair |
[athraigh] Stair
Bunaíodh an chathair sa dara mílaois roimh Chríost, agus bhí sí mar phríomchathair na nUmayyad ó 661-750. Tar éis bhua na n-Abasach, tháinig Baghdad i gcomharbas uirthi agus tháinig meath ar an Damaisc. Athbheochan a bhí i gceist le ré na n-Ayyubid agus na Mamluk sa Damaisc. Faoi smacht na nOtamánach, tháinig meath mór uirthi, ach roghnaíodh mar phríomhchathair na Siria í tar éis don tír sin neamspleáchas a bhaint amach.
[athraigh] Ceantair
- Abbasiyyin
- Abu Rummaneh
- Amara
- Bahsa
- Baramkah
- Barzeh
- Dummar
- Jobar
- Kafar Souseh
- Malki
- Mazraa
- Mezzeh
- Midan
- Muhajreen
- Qanawat
- Rukn Eddeen
- Al-Salihiyah
- Sarouja
- Sha'alan
- Al-Shaghour
- Tijara
[athraigh] Oideachas
Is í an Damaisc príomhionad oideachais na Siria. Is í Ollscoil na Damaisce an ollscoil is mó agus is sine sa tír.
[athraigh] Spórt
Tá sacar, cispheil, snámh agus leadóg bhoird coitianta sa Damaisc. Is iomaí club spóirt atá lonnaithe sa chathair, mar shampla clubanna sacair Al-Jaish, Al Wahda agus Al Majd.
[athraigh] Páirceanna
Is í Tishreen an pháirc is mó sa chathair. Bíonn seó bláthanna ar siúl sa pháirc gach bliain. Tá páirceanna Aljahiz, Al sibbki, Altijara agus Alwahda suite sa Damaisc chomh maith.
[athraigh] Córas iompair
Tá Aerfort Idirnáisiúnta na Damaisce tuairim is 20km ó lár na cathrach. Tá mionbhusanna an-tábhachtach san iompar poiblí sa Damaisc agus tá tuairim is 100 líne sa chathair.
[athraigh] Leabharliosta
- Marie Fadel, Rafik Shami: Damaskus, Der Geschmack einer Stadt, München 2009. ISBN 978-3-8363-0037-7
- Fischer Weltgeschichte 4, Die Altorientalischen Reiche, Band III (Frankfurt 1967).
- Monika Haddad: Jasmin und Oliven, Frankfurt 2004, ISBN 3-88939-721-2
- Lieve Joris: Die Tore von Damaskus, Piper 2000.
- Brigid Keenan: Damaskus. Verborgene Schätze im Orient, Stuttgart 2001. ISBN 3-7630-2384-4
- Hugh Kennedy: The Prophet and the age of the Caliphates. The Islamic Near East from the sixth to the eleventh century, London 1986. ISBN 0-582-49312-9 (engl.)
- Carmella Pfaffenbach: Damskus: Von der traditionellen orientalischen Stadt zur kulturell globalisierten Metropole des Südens. In: Günter Meyer (Hg.): Die arabische Welt im Spiegel der Kulturgeographie. Veröffentlichungen des Zentrums für Forschung zur arabischen Welt (ZEFAW) Band 1, Mainz 2004, S. 62-69
- Wayne T. Pitard: Ancient Damaskus. A historical study of the Syrian city-state from earliest times until its fall to the Assyrians in 732 BC, Winona Lake 1995. ISBN 0-931464-29-3 (engl.)
- Louis Pouzet: Damas au VIIe/XIIIe s. Vie et structures religieuses dans une métropole islamique, Beyrouth 1988.
- Christian Reder, Simonetta Ferfoglia (Hg.): Transferprojekt Damaskus. urban orient-ation (Recherchen, Gespräche, Essays, deutsch/arabisch), Edition Transfer bei Springer Wien-New York 2003, ISBN 3-211-00460-2
- Jean Sauvaget: Les monuments historiques de Damas, Beyrouth 1932.
- Frank Rainer Scheck, Johannes Odenthal: Syrien. Hochkulturen zwischen Mittelmeer und Arabischer Wüste, Ostfildern: DuMont, 4. Aufl. 2009, S. 124-171 ISBN 978-3-7701-3978-1
- Michael Teupel: Damaskus - Syrien, International Travel Books, Hamburg 2008, ISBN 978-3-00-024099-7
- Nicola Ziadeh: Damascus under the Mamluks, Oklahoma 1964.