Cispheil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula d'esportCispheil
Cineálcluiche liathróide agus spórt foirne
Sobrenom(s)bàsquet
CruthúNollaig 1891
Tír dhúchaisStáit Aontaithe Mheiriceá
Líon uasta imreoirí5
Fad ama56 min, 40 min, 32 min agus 12 min

Is spórt é cispheil. Go bunúsach, imríonn dhá fhoireann in aghaidh a chéile, agus bíonn an bua ag an bhfoireann a bhíonn in ann an méid is mó pointí a fháil.

Thug suirbhé domhanda a rinneadh sa bhliain 2022 faoi thuarastail lucht spóirt le fios gur i gcispheil na Stát Aontaithe atá siad siúd is mó a thuilleann ($8.32m an duine ar meán).[1]

Stair na cispheile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é múinteoir spóirt darbh ainm Dr James Naismith, a bhunaigh an cluiche cispheile níos mó ná céad bliain ó shoin. Rugadh agus tógadh i gCeanada é. Chuaigh sé go Meiriceá ag múineadh agus chum sé cispheil sa dóigh is go mbeadh cluiche ínteacht le himirt ag na micléinn sa choláiste i rith an gheimhridh. Sa lá atá inniu ann imrítear cispheil ar fud na cruinne.

Is cluiche simplí ach gasta é an chispheil agus imrítear é ar chúirt chispheile.

Liathróid chispheile.

Rialacha na cispheile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá chineál rialacha ag baint le cispheil, rialacha proifisiúnta agus rialacha amaitéireacha. Maireann an cluiche proifisiúnta 48 bomaite agus caitheann an t-imreoir an liathróid chispheile a chuir san eangach taobh istigh de fiche soicind. Maireann an cluiche amaitéireach 40 bomaite agus caitheann an t-imreoir an liathróid cispheile a chuir san eangach taobh istigh de tríocha soicind. Imrítear an cluiche proifisiúnta agus an cluiche amaitéireach go bunúsach mar an gcéanna ach go bhfuil difir beag sna línte atá marcáilte amach ar na cúirteanna.

An cluiche cispheile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cúigear imreoir ar gach fhoireann, imreoir sa lár (an t-imreoir is airde), beirt gharda (imreoirí beaga ach gasta), agus beirt imreoir chun tosaigh (imreoirí arda). Fanann an t-imreoir sa lár deas go leor don chiseán i rith an chluiche. Caithfidh na gardaí a bheith maith ag pasáil na liathróide, ag preabadh na liathróide agus á chur sa chiseán ó phíosa fada ar shiúl. Caithfidh na himreoirí chun tosaigh a bheith ábalta an liathróid a chuir sa chiseán ó dhá thaobh na cúirte agus a bheith ábalta greim a fháil ar an liathróid má bhuaileann sí an chlár cúil. Tá cead ag gach duine ar an fhoireann scóráil. Tá cead ag gach duine ar an fhoireann lámh a chuir ar an liathróid. Tá cead ag gach duine ar an fhoireann a dhul áit ar bith ar an gcúirt. Nuair a chuireann na himreoirí an liathróid isteach san eangach faigheann siad scór. Bíonn an bua ag an fhoireann a fhaigheann na pointí is mó. Tá cead ag na himreoirí an liathróid a chaitheamh chuig a chéile nó í a phreabadh ar an chúirt. Níl cead rith leis an liathroid. Má tharlaíonn sin faigheann an fhoireann eile an liathróid. Déantar feall ar imreoirí má bhrúitear iad, má choinnítear greim orthu nó má chuirtear go talamh iad. Má dhéanann imreoir barraíocht feall cuirtear den pháirc é/í. Tá cead ag na foirne ionadaithe a chuir isteach. Tá cead ag na traenálaithe 'sos' nó "time-out" a bheith acu ar feadh bomaite le labhairt leis na himreoirí.

Michael Jordan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Michael Jordan an t-imreoir cispheile is cáiliúla ar domhan. Rugadh é i Nua-Eabhrac Mheiriceá sa bhliain 1963 agus bhog an teaghlach go Carolina Thuaidh nuair a bhí sé ina ghasúr og. Bhuaigh sé scoláireacht cispheile go hOllscoil Carolina Thuaidh agus sa bhliain 1984 bhuaigh sé "Imreoir Choláiste Naismith na Bliana". Is ansin a thosaigh sé ag imirt do na Chicago Bulls. D'imir sé chun tosaigh sa chluiche cispheile don chuid is mó mar go raibh sé iontach ard, sé troigh agus sé orlach. Sa bhliain 1993 d'éirigh sé as an gcispheil nuair a maraíodh a athair agus thosaigh sé ag imirt baseball. Ach níor fhan sé ar shiúl ón gcispheil i bhfad agus thosaigh sé ag imirt do na Chicago Bulls arís ar an 18 Márta 1995. Sa bhliain 1996 shínigh sé conradh $30 milliúin leo. D'imir sé a chluiche dheireanach sa bhliain 2003 agus é daichead bliain d'aois.

Cispheil cathaoir rotha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tosaíodh ar chispheil chathaoir rotha a imirt ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda. Thosaigh na saighdiúirí á imirt mar gur chaill siad lúth na gcos sa chogadh. Úsáideann na himreoirí cathaoireacha rotha speisialta atá daor le cheannacht ach atá breá éadrom agus ábalta bogadh iontach gasta. Glacann lúthchleasaithe atá míchumasach páirt sna Paralimpeacha gach dara bliain.

Cispheil do pháistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an tsuímh idirlíne basketballireland.ie cuirtear béim ar thábhacht an spóirt seo i measc páistí óga an lae inniu. Impítear orainne, mar mhúinteoirí, páistí a ghríosadh le cispheil a imirt ar scoil mar go gcuireann sé le dul chun cinn fisiciúil an pháiste, is cluiche é ina bhfoghlaimíonn páistí an dóigh le comhoibriú le páistí eile, agus cothaíonn sé dearcadh dearfach i leith imirt, traenáil agus comórtasaíocht. Tá rialacha difriúla cispheile ann do pháistí agus tá cóip iomlán le fáil ar an idirlíon ag www.basketballireland.ie.

Nascanna Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mártan Ó Ciardha (25 Meitheamh 2023). "Díol spéise an scéal a mhíníonn cé as ar baisteadh comórtas na Luaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-25.