Fórsaí armtha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Eagraíochtaí míleata a bhunaíonn stát go hoifigiúil chun an tír a chosaint ó ionsaí tíre eile. Bíonn difríocht shoiléir idir na fórsaí seo agus eagraíochtaí oifigiúla chun an dlí a fheidhmiú taobh istigh den tír féin (na póilíní) is grúpaí armtha neamhoifigiúla (eisreachtaithe). De ghnáth, bíonn 3 phríomhbhrainse sna fórsaí armtha: an t-arm, an cabhlach, agus an t-aerfhórsa—ach uaireanta, bíonn forluí éigin eatarthu (mar shampla, saighdiúirí cabhlaigh). Go minic bíonn éagsúlacht sa bhfoireann i mbrainse ar bith (mar shampla, saighdiúirí gairmiúla, coinscríofaigh, amhais, cúltacaithe).