An Iaráin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
جمهوری اسلامی ايران
Jomhūrī-ye Eslāmī-ye Īrān
Bratach na hIaráine Armas na hIaráine
Bratach Armas
Mana: Esteqlāl, āzādī, jomhūrī-ye eslāmī
(Peirsis: Neamhspleáchas, Saoirse, Poblacht Ioslamach!)
Amhrán náisiúnta: Sorūd-e Mellī-e Īrān
Suíomh na hIaráine
Príomhchathair Tehran
35°40′ Thuaidh 51°25′ Thoir
An chathair is mó Tehran
Teangacha oifigiúla Peirsis
Rialtas Poblacht Ioslamach
Ali Khamenei
Mahmoud Ahmadinejad
Réabhlóid
11 Feabhra, 1979
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
1,648,000 km² (17ú)
0.7%
Daonra
 • Meas. ó 2007
 • Daonáireamh 2011
 • Dlús
 
71,208,000[1] (18ú)
74,700,000
40/km² (128ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2011
$827,344,000,000 (17ú)
$10,797 (77ú)
Airgeadra Rial (ريال) (IRR)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
(UTC+3.30)
(UTC+4.30)
Fearann Idirlín .ir
Glaochód +98

Is tír in iardheisceart na hÁise í Poblacht Ioslamach na hIaráine. Tá teorainneacha aici leis an Airméin, an Asarbaiseáin agus an Tuircméanastáin sa tuaisceart, an Afganastáin is an Phacastáin san oirthear, agus leis an Tuirc is an Iaráic san iarthar. Tá uiscí na Murascaille roinnte leis an Araib Shádach, Cuáit, Catar, Bairéin agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.

Thugtaí an Pheirs ar an dtír san Iarthar go dtí an bhliain 1935. Ansin, d'iarr an ceann stáit Reza Shah Pahlavi ar na toscairí eachtrannacha an t-ainm úd an Iaráin a úsáid i gcomhfhreagras foirmiúil ón mbliain 1936 ar aghaidh. Tá achrann ann faoi láthair maidir le hainm oifigiúil na tíre. Sa bhliain 1979, bhunaigh an t-Ayatollah Ruhollah Khomeini poblacht Ioslamach faoi stiúir na n-iamám tar éis Réabhlóid Ioslamach na bliana sin agus is é Poblacht Ioslamach na hIaráine an t-ainm a úsáidtear ó shin i leith.

Stair[athraigh | edit source]

Conspóid na hArtola san Iaráin[athraigh | edit source]

I mí Márta 1951, chinn pairlimint na hIaráine an Comhlacht Artola Angla-Iaránach a náisiúnú - is é sin, an comhlacht agus gach ar bhain leis a shealbhú do stát na hIaráine. B'é an seanstátaire Mohammad Mossadegh ba mhó a bhí ar son an bhille áirithe seo, agus rinneadh príomh-aire na hIaráine de sa bhliain a bhí chugainn le tacaíocht an fhormhóir mhóir sa phairlimint. Leis an gconspóid a shocrú, mhol an Chúirt Idirnáisiúnta comhghéilleadh: aitheantas a thabhairt don náisiúnú, agus brabús na hartola a roinnt go cothrom idir an Bhreatain Mhór agus an Iaráin. Dhiúltaigh Mossadegh don chomhréiteach seo, áfach, agus tháinig deireadh leis na comhchainteanna idir na hIaránaigh agus na Sasanaigh. Thosaigh na Sasanaigh uisce faoi thalamh a thógáil in aghaidh na hIaráine, agus iad ag útamáil leis an smaoineamh Mossadegh a chur ó chumhacht le cuidiú na seirbhísí rúnda. Ní raibh uachtarán na Stát Aontaithe, Harry Truman, róshásta leis an bhforbairt seo, ná ró-fhonnmhar chun cabhrú leis an mBreatain Mhór, ó bhí a aird féin ar chogadh na Cóiré ag an am. Mar sin féin, d'éirigh leis na Sasanaigh baghcat trádála a chur i bhfeidhm ar an Iaráin a rinne an-dochar d'eacnamaíocht na tíre.

Nuair a tháinig Winston Churchill ar ais mar Phríomh-Aire san Bhreatain Mhór, chrom sé ar rialtas Mossadegh a chur ag guagaíl. Bhí an dá thaobh ag iarraidh fad a bhaint as an gconspóid le tairiscintí doghlactha, agus sa deireadh thiar thall, theip ar na comhchainteanna go hiomlán. Ansin, agus an damáiste a bhí á dhéanamh don Iaráin ag an gcosc trádála, thosaigh an t-arm agus an chuid de phairlimint na hIaráine a bhí fabhrach don Bhreatain Mhór, thosaigh siad pleananna a oibriú amach le Mossadegh a chur as oifig le lámh láidir.

Bhí Winston Churchill agus a Aire Gnóthaí Eachtracha ag iarraidh an craiceann is a luach a bheith acu. Ó thaobh amháin, theastaigh uathu an Iaráin a chur ar bhealach a leasa i gcúrsaí polaitíochta agus eacnamaíochta - an tír a fhorbairt is a fheabhsú. Ón taobh eile de, ba leasc leo an Comhlacht Artola a fhágáil faoi smacht na nIaránach, siúd is gurb ar éigean a d'fhéadfaí an tír a fheabhsú gan airgead artola. Ar dtús, bhí siad ag tacú le Sayyid Zia, ó shíl siad go mbeadh sé indéanta gnóthaí a shocrú leis siúd, ach nuair a chuaigh an diospóireacht i bhfad, thosaigh siad ag tógáil uisce faoi thalamh leis an Arm. Mar sin, bhí rialtas Winston Churchill tar éis an plean céanna a ghlacadh chucu a bhí ag rialtas Attlee roimhe sin - is é sin, forghabháil chumhachta a chur i bhfeidhm in aghaidh Mossadegh.

An coup d'état, Tehran, Lúnasa 1953

Níor mhaolaigh ar an ngéarchéim le teacht na bliana 1953 ach an oiread. Chinn Churchill tacaíocht a thabhairt don fhorghabháil chumhachta san Iaráin, ó bhí cuidiú ag teacht ó Uachtarán na Stát Aontaithe, Dwight Eisenhower, agus é siúd an-bhuartha faoin dóigh a raibh Mossadegh ag déanamh mórtachais leis na Sóivéadaigh. B'é an Ginearál Fazlollah Zahedi a bhí ag teacht chun tosaigh mar cheannaire an fhreasúra in aghaidh Mossadegh, agus na Sasanaigh is na Meiriceánaigh ag taobhú leis dá réir sin. Bhí na léirsithe is na mórshiúlta ag dul i dtreise san Iaráin i samhradh na bliana 1953, agus nuair a chóirigh Mossadegh reifreann a d'iompaigh amach a bheith mí-ionraic go hiomlán, agus 99.9 % de na vótaí caite ar mhaithe le Mossadegh, mar dhea, chonaic Zahedi go raibh a lá tagtha. Le maoiniú na gcumhachtaí coimhthíocha, chuaigh sé i gceannas ar an tír, agus ghéill Mossadegh dó ar an bhfichiú lá de Mhí Lúnasa, 1953.

Ba mhaith an léiriú é an coup d'état seo ar an meon paradacsúil a bhí ag roinnt leis na stáit dhaonlathacha ardfhorbartha ag an am. Theastaigh acmhainní uathu le caoi cheart a chur orthu féin agus an treascairt a fuair siad sa Dara Cogadh Domhanda. San am céanna, bhí siad ag iarraidh lámh thapaidh an Aontais Shóivéidigh a stopadh ó thuilleadh cumhachta a shealbhú. Mar sin, bhí siad ag caitheamh le stáit nua neamhspleácha an Tríú Domhain mar a bheidís siúd ina gcoilíneachtaí i gcónaí.

Geilleagar[athraigh | edit source]

Go dtí na 1960idí bhí geilleagar na hIaráine bunaithe ar an talmhaíocht sa chuid ba mhó. As sin amach rinneadh iarracht an tionsclaíocht a fhorbairt, go mórmhór táirgeadh peitriceimiceán, teicstílí (in Isfahan go háirithe), ábhar tógála, feithiclí, gléasanna leictreacha agus leictreonacha, páipéir agus táirigí bia.

I ndiaidh na Réabhlóide Ioslamaí sa bhliain 1979, bhí titim an-mhór san infheistíocht eachtrannach i ngeilleagar na tíre agus thit an tóin as an turasóireacht go hiomlán, beagnach. Mar bharr ar an donas, rinne an cogadh leis an Iaráic an-dochar don ghníomhaíocht eacnamaíoch sa tír agus ní dhearna praghasanna marbhánta an artola aon mhaitheas di ach an oiread. Tháinig an tsíocháin ar ais faoi dheireadh na 1980idí agus faoin bhliain 1995 bhí geilleagar na tíre ag fás ag ráta 2.5% sa bhliain. Chuaigh praghas an artola in airde arís ag tosnú sa bhliain 2003.

Sa bhliain 2005, d’eascair 11.6% den olltáirgeacht intíre (OTI) ón talmhaíocht agus 30% den daonra ag brath uirthi lena mbeatha a shaothrú. Cruithneacht agus eorna an dá bharr is tábhachtaí. In oirthuaisceart na tíre tá saothrú an chadáis fairsing agus mar i gcéanna leis an rís sna ceantracha riascacha in aice Mhuir Chaisp. Saothraítear an tobac, an tae agus biatais siúcra freisin. I measc torthaí na tíre, áirítear líomóidí an tuaiscirt, fíonchaora, úill, piorraí agus péitseoga an réigiún láir agus dátaí na gceantracha in aice na Murascaille. Tá cáil ar an Iaráin as a cuid torthaí tíortha, go mór mór na cnónna pistéise.

Tá iascaireacht ar siúl feadh na gcóstaí, theas agus thuaidh. Tá tóir ar eochraí an bhradáin fearna (caibheár) ón Muir Chaisp. San iarthuaisceart tógtar caoirigh agus gabhair, chomh maith le cuid . Tógtar camaill ann go fóill freisin agus iad in úsáid le haghaidh iompair agus spóirt.

Is é an peitriliam an acmhainn nádúrtha is tábhachtaí sa tír; is é an gás nádúrtha an darna ceann. Faightear an peitriliam agus an gás in iardheisceart na tíre. Sa bhliain 2005 rinneadh 1 mhilliún gluaisteán san Iaráin den chéad uair. Is é Iran Khodro (IKCO) an déantóir gluaisteán is mó sa Mheán Oirthear. Tá roinnt comhfhiontar curtha ar bun ag an gcomhlacht le Renault agus comhlachtaí eile ar cheithre mhór-roinn ar fud an domhain.

Is iad bia, innealra, trealamh iompair, iarann agus cruach na rudaí is mó a impórtálann an Iaráin. Is iad an t-artola, rugaí urláir, torthaí tíortha, agus ainmhithe feirme na rudaí is mó a easpórtálann an tír.

Íomhá:Runna.jpg
Déanann an comhlacht Iran Khodro an Runna. Comhlacht príobháideach a bunaíodh sa bhliain 1962 é IKCO.

Tagairtí[athraigh | edit source]