An Airméin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Airméin
Հայաստան (hy)
Հայաստանի Հանրապետություն (hy) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnMer Hayrenik Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 40°23′00″N 44°57′00″E / 40.38333°N 44.95°E / 40.38333; 44.95

PríomhchathairEireaván Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán2,930,450 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús98.52 hab./km²
DéamainmAirméanach Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan Airméinis Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnAn Chríostaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deIarthar na hÁise
Oirthear na hEorpa Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla29,743.423459 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeSliabh Aragats (4,090 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleDebed (400 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síAn tAontas Sóivéadach Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú23 Meán Fómhair 1991
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht, stát aonadach agus córas parlaiminteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na hAirméine Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachComhthionól Náisiúnta na hAirméine Cuir in eagar ar Wikidata
• President of Armenia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataArmen Sarkissian (2018–2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Prime Minister of Armenia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataNikol Pashinyan (2018–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil13,861,409,969 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraArmenian dram (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.am agus .հայ (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+374 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112, 101, 102 agus 103 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreAM Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingov.am… Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: armenia Cuir in eagar ar Wikidata

Tír i Sléibhte Chugais is ea Poblacht na hAirméine (Hayastani Hanrapetut'yun, Հայաստանի Հանրապետություն), agus í ag críochantacht leis an Asarbaiseáin, an tSeoirsia, an Tuirc, agus an Iaráin. Tá cuid den Asarbaiseáin, Nakhichevan, dealaithe ón gcuid eile den tír ag an Airméin.[1]

Is é an t-ainm a thugann na hAirméanaigh féin ar a dtír ná Hayastan (Հայաստան), agus é bunaithe ar ainm an laoich mhiotasaigh a chuir tús leis an tír, Haik nó Hayq. B'iad na comharsana a bhaist an t-ainm Armenia uirthi. Is dócha go raibh treibh láidir Airméanach ann a raibh an t-ainm sin uirthi. Tá Aram coitianta mar ainm Airméanach. D'fhéadfá a shíleadh go raibh taoiseach láidir ann arbh ainm dó Aram, agus gurbh iad lucht leanúna an taoisigh seo a thabhaigh an t-ainm sin don tír ansin.

Stair na hAirméine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tír sheanársa is ea an Airméin, agus tábhacht aici mar chumhacht réigiúnach i laethanta na sean-Róimhe. Tháinig na hAirméanaigh go dtí an Airméin thart faoin mbliain 600 roimh bhreith Chríost, nuair a thit an tóin as an ríocht úd Urartu a bhí ann rompu. Ina dhiaidh sin, bhí an Airméin ina cúige Peirseach, agus na hAirméanaigh ar fiannas in arm an rí Pheirsigh. De thoradh fheachtas míleata Alastair Mhóir, tháinig stáit nua ar an bhfód, ina measc ríocht Heilléanach na hAirméine, a bunaíodh sa bhliain 190 roimh bhreith Chríost. Nuair a bhí an stát seo i mbláth a chumhachta, idir na blianta 95 agus 66 roimh bhreith Chríost, chuimsigh sé na críocha ó Chugas go dtí an Liobáin, an tSír agus oirthear na Tuirce, de réir gheografaíocht an lae inniu. Ar feadh tamaill, bhí an Airméin ar an stát ba chumhachtaí soir ó Impireacht na Róimhe. Fuair an Róimh greim ar an Airméin sa bhliain 66 roimh bhreith Chríost, agus tháinig na hAirméanaigh faoi thionchar an Iarthair i gcúrsaí polaitíochta, cultúir, agus creidimh. Ba mhinic a bhí an Airméin ina cnámh spairne idir na Rómhánaigh agus na Peirsigh.

Sna blianta 37-47 i ndiaidh bhreith Chríost, shealbhaigh na Partaigh an Airméin, ach ansin, ruaig na Rómhánaigh iad arís. Nuair a bhí Nero ina Impire sa Róimh, chuir na Rómhánaigh feachtas cogaidh ar Impireacht na bPartach, a bhí ag iarraidh an Airméin a fhorghabháil arís. D'éirigh ina chogadh idir na Rómhánaigh agus na Partaigh arís, nuair a d'ionsaigh Vologases a Ceathair, Rí na bPartach, an Airméin sa bhliain 162. I ndiaidh trí bliana cogaidh, d'éirigh leis an Impire Lucius Verus an cath a bhriseadh ar na Partaigh. Thabhaigh an feachtas seo an leasainm Armeniacus don Impire.

Sa bhliain 252, d'fhorghabh na Peirsigh, a raibh rítheaghlach na Sasánach á rialú san am seo, d'fhorghabh siad an Airméin, agus iad i seilbh na tíre go dtí gur tháinig na Rómhánach ar ais sa bhliain 287. Sa bhliain 384, chuaigh scoilt agus críochdheighilt ar an Airméin. Ghabh na Peirsigh an leath thoir, ach d'fhan na Rómhánaigh - is é sin, na Rómhánaigh Thoir, nó na Biosántaigh - i gceannas ar an leath thiar.

Teacht na Críostaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 301, ghlac na hAirméanaigh leis an gCríostaíocht mar reiligiún oifigiúil. Inniu féin, tá Eaglais Náisiúnta dá gcuid féin ag na hAirméanaigh agus í neamhspleách ar an Róimh agus ar Eaglais an Oirthir araon, cé go bhfuil Eaglais Chaitliceach Náisiúnta ag na hAirméanaigh freisin - eaglais a chloíonn leis na deasghnátha Airméanacha, cé go dtugann sí urraim don Phápa.

Rinne na Peirsigh iarracht i lár na cúigiú haoise i ndiaidh bhreith Chríost a reiligiún féin — an Sóróstarachas — a thabhairt isteach sa leath Pheirseach den Airméin. D'éirigh na hAirméanaigh amach in aghaidh na Peirse, agus mhair siad i bhfad ag cur treallchogaidh ar na Peirsigh, go dtí go raibh an rítheaghlach Sasánach sásta a gcreideamh a ligean leo sa bhliain 484.

Sa séú haois, rinneadh cnámh spairne den Airméin idir na Sasánaigh agus na Biosántaigh. Sna blianta 591-640, bhí na Biosántaigh in ann an chuid ba mhó den Airméin a choinneáil, ach má bhí, chuir na huaisle Airméanacha go mór ina n-aghaidh.

Na Meánaoiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Garni, Kotayk (1ú haois)

I ndeireadh na seachtú haoise, tháinig na hArabaigh i gceannas ar an Airméin, tar éis dóibh frithbheartaíocht na n-uasal Airméanach a chloí. Nuair a bhí an Chailifeacht Mhoslamach in ísle brí sa naoú haois, áfach, d'éirigh le Aiseot a hAon, sa bhliain 886, ríocht nua neamhspleách a chur ar bun san Airméin. Tháinig Aiseot a Dó i gcomharbas air, agus thug seisean na cathanna saoirse chun críche. An ríocht a bhí bunaithe ag an dá Aiseot, chuaigh sí i léig arís san aonú haois déag, agus chuir an tsíorchogaíocht agus na coimhlintí inmheánacha deireadh le neamhspleáchas na tíre. Shealbhaigh an Biosáintiam na cúigí Airméanacha ceann i ndiaidh a chéile, ach d'éirigh le teifigh ón Airméin prionsacht bheag neamhspleách, an Mhion-Airméin, a chur ar bun in oirdheisceart na Mion-Áise, sa réigiún ar a dtugtaí an Chilic sa tseanársaíocht. Chuaigh an ríocht bheag seo i dtuilleamaí na gCrosáidithe le haghaidh fortachta in aghaidh na mBiosántach agus na Moslamach. Sa bhliain 1342, thit an ríocht le muintir Lusignan, teaghlach uasal de Chrosáidirí a bhí bunaithe sa Chipir. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, ghabh na Mamalúcaigh Éigipteacha an Airméin, agus ansin, fuair an Impireacht Otamánach seilbh ar an tír.

An Aois Nua[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa seachtú cogadh idir an Tuirc Otamánach agus Impireacht na Rúise, sna blianta 1828-1829, d'éirigh leis na Rúisigh an leath thoir den Airméin a sciobadh ó na Turcaigh. Nuair a cuireadh an naoú cogadh idir an dá ríocht sin, sna blianta 1877-1878, bhí an Ríocht Otamánach idir dhá thine Bhealtaine, agus géarchéim sna Balcáin san am céanna. Mar sin, ghéill na Turcaigh tuilleadh den Airméin don Rúis, go háirithe na cúigí úd Kars agus Ardahan.

I Mí an Aibreáin den bhliain 1915, chuaigh an ródach ar na hAirméanaigh sa Tuirc, nó ba ansin a thosaigh cinedhíothú na nAirméanach. Ba í gluaiseacht náisiúnaíoch na dTurcach Óg a tharraing an tubaiste seo anuas ar na hAirméanaigh, nó theastaigh uathu stát náisiúnta a dhéanamh den Tuirc, in áit an stáit ilnáisiúnta Otamánaigh.

Sna blianta 1918-1920 bhí stát dá gcuid féin ag na hAirméanaigh, agus é ag tacú leis an Entente in aghaidh na Gearmáine agus a cuid comhghuaillithe. Mar sin, gealladh neamhspleáchas don Airméin i gconradh síochána Sèvres, ach ní dheachaigh an conradh áirithe sin i bhfeidhm riamh. Sa bhliain 1920, shealbhaigh an Rúis Shóivéadach an leath thoir den Airméin. Nuair a cuireadh an tAontas Sóivéadach ar bun, chuaigh an Airméin isteach i gComhphoblacht Shóivéadach Shóisialach na Traschugaise, in éineacht leis an Asarbaiseáin agus an tSeoirsia. Ní raibh mórán ratha ar an gcomhphoblacht sin riamh, agus an trí náisiún ní ba mhíshásta ná a chéile léi. Sa bhliain 1936, cuireadh deireadh léi, agus rinneadh trí phoblacht Shóivéadacha san Aontas Sóivéadach di, mar atá, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hAirméine, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hAsarbaiseáine, agus Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Seoirsia.

Chuaigh an Airméin Shóivéadach go mór mór chun tosaigh mar lárionad tionsclaíochta ceimicí san Aontas. Bhí déantús na mbróg agus an ríomhaireacht tábhachtach freisin, agus bhí an-ról ag na hAirméanaigh i bhforbairt na teicneolaíochta le haghaidh an spástaistil. Thairis sin, thagadh na Rúisigh go dtí an Airméin ar lorg na gréine agus an teasa. An-áit turasóireachta a bhí ann sna blianta Sóivéadacha, mar sin.

I ndeireadh na n-ochtóidí, tháinig an náisiúnachas chun cinn san Airméin, agus thosaigh na daoine ag dul chun cearmansaíochta ar an gcóras Sóivéadach. San am céanna, d'éirigh ina chogadh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin faoin Nagarna-Carabaic, ceantar san Asarbaiseáin arbh Airméanaigh iad formhór a mhuintire.

Ar an seachtú lá de Mhí na Nollag sa bhliain 1988, rinne talamhchrith millteanach an-léirscrios i Mori, réigiún i dtuaisceart na hAirméine. Fuair 25,000 duine bás san olltubaiste seo, agus fágadh cuid mhaith daoine amuigh gan fáras gan dídean i lár an gheimhridh. Ansin, d'fháiltigh an rialtas isteach lucht fortachta ó na tíortha Iartharacha, agus tháinig na sluaite móra acu, rud nach bhfacthas a leithéid roimhe sin sa stát Sóivéadach. Cé go bhfuair bunadh na háite cuidiú uathu, níor éirigh leis an Airméin riamh caoi cheart a chur ar infreastruchtúr an cheantair arís, agus cuireann iarsmaí an léirscriosta seo isteach ar fhorbairt eacnamaíoch an réigiúin i gcónaí.

Sa bhliain 1991, bhain an Airméin amach a saoirse, nuair a thit an tóin as an Aontas Sóivéadach. Mar sin féin, níor mhaolaigh sin ar an gcoimhlint idir an Airméin agus an Asarbaiseáin. Tháinig deireadh leis an gcogaíocht sa bhliain 1994. Tharla cogaí eile; i mhí Meán Fómhair 2023, ghabh fórsaí armtha ón Asarbaiseáin seilbh go hiomlán ar Nagorno-Karabakh.[2][3] Cuireadh an ruaig ar na hAirméanaigh ar fad a bhí fós ina gcónaí sa Nagarna-Carabaic.

Príomhalt: Nagorno-Karabakh

Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léarscáil

I Mí an Mheithimh sa bhliain 2005, measúnaíodh go raibh 2,982,904 duine ina gcónaí san Airméin, agus is í an Airméin an dara tír is dlúithe daonra de na poblachtaí iar-Shóivéadacha. Ó thit an tAontas Sóivéadach as a chéile, chaill an Airméin cuid mhaith den daonra, agus an oiread daoine is a chuaigh ar imirce. Tá an chuma ar an scéal, áfach, go bhfuil an taoide ag casadh faoi láthair, agus go dtosóidh an daonra ag dul i méadaíocht arís sa bhliain 2010.

Airméanaigh eitneacha is ea 97.9 % de mhuintir na tíre. Coirdínigh (1.3 %) agus Rúisigh (0.5 %) is ea an chuid is mó den fhuílleach, chomh maith le dornáin bheaga d'Úcránaigh, Aisírigh, Gréagaigh agus Seoirsigh. Bhí mionlach réasúnta mór d'Asarbaiseánaigh ann freisin, ach nuair a thosaigh an cogadh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin, d'éalaigh an chuid ba mhó acu as an tír chomh sciobtha in Éirinn agus ab fhéidir leo. Sin é an rud a tharla d'Airméanaigh na hAsarbaiseáine chomh maith, nó shocraigh siad síos sna ceantair a bhí sealbhaithe ag na saighdiúirí nó na treallchogaithe Airméanacha.

Tá an chuid is mó d'Airméanaigh an domhain ina gcónaí taobh amuigh dá máthairthír inniu. Deirtear, fiú, go bhfuil ocht milliún Airméanaigh ar deoraíocht. Tá pobail Airméanacha le fáil ar fud an domhain, go háirithe sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, sa Rúis, san Fhrainc, san Iaráin, agus sa Liobáin.

Is í an Chríostaíocht an reiligiún is mó san Airméin. Bunaíodh Eaglais na hAirméine chomh fada siar leis an gcéad aois i ndiaidh bhreith Chríost, agus deirtear gur beirt Aspal de chuid an tSlánaitheora féin, Parthalán agus Iúdás Tadáias, a chuir tús léi, nuair a bhí siad ag misinéireacht san Airméin i lár na haoise. Sin é an tuige, fosta, go dtugtar "Eaglais Aspalda na hAirméine" ar eaglais náisiúnta na tíre. Baill den Eaglais seo is ea iad 93 % de mhuintir na hAirméine. Eaglais Ortadocsach Oirthearach atá ann, agus í an-tugtha dá cuid deasghnátha agus dá seanfhoirceadal. D'fhéadfá a rá go bhfuil sí cosúil leis an Eaglais Choptach agus leis an Eaglais Shíreach. Tá Caitlicigh ann chomh maith. Tá dhá chineál Caitliceach ann dháiríre, idir Chaitlicigh Rómhánacha agus Chaitlicigh Airméanacha. An dara dream acu, tugann siad urraim don Phápa, ach san am céanna, cloíonn siad leis na deasghnátha Airméanacha. Tá dornán beag Airméanach ag dul leis na heaglaisí beaga Protastúnacha freisin. Maidir leis na Coirdínigh in iarthar na tíre, tá creideamh traidisiúnta - Yazideachas - dá gcuid féin acu.

Ní mhaireann ach an corr-Mhoslamach san Airméin inniu. Moslamaigh ab ea na hAsarbaiseánaigh a raibh cónaí orthu sa tír roimh an gcogadh, chomh maith le cuid de na Coirdínigh, ach theith siad lena n-anam nuair a d'éirigh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Serzh Sargsyan - 3ú Uachtarán na hAirméine

Nuair a bhain an Airméin amach a saoirse arís, vótáladh Levon Ter-Petrossian isteach mar Uachtarán, agus níos mó ná ceathrar duine as gach cúigear ag tacú leis. Sa bhliain 1996, d'éirigh na toghcháin leis arís, ach b'éigean dó éirí as i ndiaidh dhá bhliain, agus na daoine ag cur in aghaidh a chuid polasaithe i leith Karabagh. Ba é an Príomh-Aire Robert Kocharyan a tháinig ina áit. Ar an 27ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair, 1999, feallmharaíodh Ceann Comhairle na Parlaiminte Karen Demirchian agus an Príomh-Aire Vazgen Sargsian, maille le seisear eile.[4] Ina dhiaidh sin, bhí saol polaitiúil na tíre ina phraiseach ar feadh tamaill, agus an freasúra ag cur brú ar Kocharyan scor den Uachtaránacht. Bhí Kocharyan ábalta, áfach, na trioblóidí seo a chloí.

Is é an aidhm a chuir na hAirméanaigh rompu i ndiaidh bhlianta dorcha an tSóivéadachais ná poblacht dhaonlathach den déantús Iartharach a chur ar bun. Mar sin féin, is é an breithiúnas atá tugtha ag breathnóirí idirnáisiúnta ar shaol polaitiúil na tíre nach mbíonn na toghcháin ná na reifrinn thar mholadh beirte. Ón taobh eile de, níl an Airméin leath chomh dona le formhór mór na bpoblachtaí iar-Shóivéadacha.

Is minic nach mbactar mórán leis na cearta daonna san Airméin, ach an oiread. Bíonn na póilíní ag tabhairt greidimíní do dhaoine éigiontacha agus ag stopadh dlíodóirí ó theacht ar cuairt chuig a gcuid cliant sna príosúin. Ní bhíonn mórán tuisceana ann d'aon chreideamh nach bhfuil seanbhunaithe, agus is minic a bhítear ag imeaglú lucht leanúna Fhinnéithe Iaivé nó Protastúnaigh a bhaineann le heaglaisí beaga.

Ranna riaracháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Airméin roinnte ina deich cúige (marzer, uimhir uatha: marz) agus tá stádas riaracháin speisialta ag baint le cathair (kaghak) Eireaváin (Երևան) mar phríomhchathair na tíre. Tugtar "marzpet" (gobharnóir an marz) ar phríomhfheidhmeannach gach cúige agus ceapann rialtas na hAirméine iad. In Eireaván, is é an méara an príomhfheidhmeannach, arna cheapadh ag an uachtarán.

Tá comhphobail (hamaynker, uimhir uatha: hamaynk) laistigh de gach cúige. Tá gach comhphobal faoina rialú féin agus tá siad roinnte ina lonnaíochtaí (bnakavayrer, uimhir uatha: bnakavayr). Aicmítear lonnaíochtaí mar bhailte (kaghakner, uimhir uatha kaghak) nó mar shráidbhailte (gyugher, uimhir uatha: gyugh). Ón mbliain 2007, tá 915 comhphobal san Airméin ar mheastar go bhfuil 44 ina gcomphobail uirbeacha agus 866 ina gcomhphobail tuaithe. Tá stádas comhphobail ag Eireaván, an phríomhchathair, leis.[5] Tá Eireaván roinnte i 12 ceantar leath-uathrialach chomh maith.

Cúige Príomhchathair Achar Daonra
Aragatsotn (Արագածոտն) Ashtarak (Աշտարակ) 2,753 km² 126,278
Ararat (Արարատ) Artashat (Արտաշատ) 2,096 km² 252,665
Armavir (Արմավիր) Armavir (Արմավիր) 1,242 km² 255,861
Gegharkunik (Գեղարքունիք) Gavar (Գավառ) 5,348 km² 215,371
KotaykKotayk (Կոտայք) Hrazdan (Հրազդան) 2,089 km² 241,337
Lori (Լոռի) Vanadzor (Վանաձոր) 3,789 km² 253,351
Shirak (Շիրակ) Gyumri (Գյումրի) 2,681 km² 257,242
Syunik (Սյունիք) Kapan (Կապան) 4,506 km² 134,061
Tavush (Տավուշ) Ijevan (Իջևան) 2,704 km² 121,963
Vayots Dzor (Վայոց Ձոր) Yeghegnadzor (Եղեգնաձոր) 2,308 km² 53,230
Eireaván (Երևան) 227 km² 1,091,235

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

teanga agus aibítir dá gcuid féin ag na hAirméanaigh, agus ba é Movses Khorenatsi sa chúigiú haois i ndiaidh bhreith Chríost a chuir bun leis an litríocht Airméanach. Chum sé saothar mór staraíochta a d'fhéadfá a chur i gcomparáid le Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn. Cur síos a bhí ann ar réamhstair na nAirméanach, agus dearcadh criticiúil ag an scríbhneoir ar na foinsí eile. Is iomaí craiceann a chuir litríocht na nAirméanach di ina dhiaidh sin. Sa naoú haois déag, tháinig an Nua-Airméinis in áit na hAirméinise Clasaicí, agus bhí scríbhneoirí ar nós Mikael Nalbandian ag iarraidh cuma na nua-aoise a chur ar an litríocht.

Tá níos mó ná sé mhíle déag de shaothair ealaíne ó na Meánaoiseanna i dtaisce i nDánlann Náisiúnta na hAirméine, chomh maith le saothair le healaíontóirí comhaimseartha Eorpacha. Thairis sin, tá sraith mhaith dánlann eile le fáil i bpríomhchathair na tíre, ar nós Músaem na hEalaíne Nua-Aimseartha, Ailéar Pictiúirí na bPáistí, agus Músaem Martiros Saryan, chomh maith lena lán ailéar príobháideach.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.britannica.com/EBchecked/topic/46781/Azerbaijan
  2. "2023 Nagorno-Karabakh clashes" (as en) (2023-09-27). Wikipedia. 
  3. Nuacht RTÉ (2023-09-26). "Soláthairtí leighis á seoladh go dtí Nagorno-Karabakh" (as ga). 
  4. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-30. Dáta rochtana: 2011-01-03.
  5. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-04-20. Dáta rochtana: 2008-04-20.