An Airméinis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Airméinis
հայերեն

Cineálteanga bheo agus teanga nádúrtha
Úsáid
Cainteoirí dúchais6,700,000 (21 haois)
Dúchasach doan Airméin, An Nagarna-Carabaic, East Azerbaijan Province (en) Aistrigh, West Azerbaijan Province (en) Aistrigh, Ardabil Province (en) Aistrigh agus Airméanaigh
Stáitan Airméin, Poblacht Artsakh, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an tSeoirsia, an Rúis, an Fhrainc, an Iaráin, an Chipir, an Airgintín, an Liobáin, an tSiria, an Ghréig, Uragua, an Astráil, an Ghearmáin, Málta, an Asarbaiseáin agus an Tuirc
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir na hAirméinise
Institiúid caighdeánaitheLanguage Committee (en) Aistrigh
Staidéar agArmenian studies (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1hy
ISO 639-2arm
ISO 639-3hye
ISO 639-5hyx
Glottologarme1241
Linguasphere57-AAA-a
Ethnologuehye
ASCL4901
IETFhy

Teanga is ea an Airméinis a labhraítear san Airméin agus i measc an diaspóra Airméanaigh ar an gcoigríoch. Teanga Ind-Eorpach is ea í, agus í ina foghrúpa inti féin i measc na dteangacha Ind-Eorpacha. Creidtear gurb í an Ghréigis an teanga is gaolmhaire di, ach níl aon chomhthuiscint ann. Tá an Airméinis breac le hiasachtaí ó na seanteangacha a labhraítí ina timpeall, focail nach féidir mórán a fháil amach fúthu a thuilleadh. Bhí an-tionchar ag an bPeirsis agus an Tuircis ar stór focal na teanga, agus bhí tionchar na Peirsise is na dteangacha Iaránacha eile ar an Airméinis chomh láidir is gur shíl na teangeolaithe Iartharacha ar dtús gur ceann acu siúd a bhí ann.

Náisiún seanársa is ea na hAirméanaigh a chuaigh leis an gcreideamh Críostaí sa cheathrú haois i ndiaidh bhreith Chríost. Deirtear gurb é Naomh Meshrop Mashtots, naomhphátrún na hAirméine, a chum is a cheap aibítir agus caighdeán clasaiceach na hAirméinise sa bhliain 405. Is féidir tionchar na haibítre Gréagaí a aithint ar ordú na litreach in aibítir na hAirméinise, ach ní féidir leis an nGréagach aon chiall a bhaint as na litreacha féin.

De ghnáth, ní úsáidtear an aibítir Airméanach le haon teanga eile a scríobh. Thiar san ochtú agus sa naoú haois déag, áfach, tháinig cuid mhaith leabhar Tuircise amach i gcló Airméanach. B'é ba chúis leis seo go raibh an leagan clasaiceach den Airméinis, an tSean-Airméinis nó an teanga Grabar, go raibh sí dothuigthe ag an gcuid de na hAirméanaigh nach raibh ag freastal ar scoileanna na hEaglaise. Mar sin féin, theastaigh leabhair uathu i dteanga a thuigfidís - Tuircis. Bhí Tuircis an lae sin á scríobh san aibítir Arabach, de ghnách, ach ó bhí an aibítir seo ceangailte go dlúth don chreideamh Mhoslamach, ní raibh na hAirméanaigh sásta í a úsáid.

Cibé scéal é, ba faoi bhrú na Tuircise Airméanaí seo a tháinig an caighdeán nua-aimseartha ar an bhfód, de réir chosúlachta. Tuigeadh do na hintleachtóirí Airméanacha go raibh géarghá le caighdeán nua le todhchaí na teanga a chinntiú. Mar sin, d'fhorbair dhá chineál Nua-Airméinise sa naoú haois déag - an leagan Iartharach agus an leagan Oirthearach. Bhí an caighdeán Iartharach in úsáid ag Airméanaigh na Tuirce, ach le linn an chéad chogadh domhanda, rinne na Turcaigh cinedhíothú orthu. Iad siúd a tháinig slán as an bhfaopach seo, chuir siad fúthu sna tíortha eile ar nós na Liobáine, na Síre, na Bulgáire, na Stát Aontaithe, Cheanada agus go leor áiteanna eile. Sin é an fáth go bhfuil an chuid is mó de na pobail diaspóra ag baint úsáide as an gcanúint Iartharach agus as an gcaighdeán Iartharach.

Seanleabhar in Airméinis

San Airméin féin, is é sin, i bPoblacht iar-Shóivéadach na hAirméine, a labhraítear an chanúint Oirthearach den teanga. Cuireadh simpliúcháin áirithe i bhfeidhm ar cheartlitriú na teanga sna blianta Sóivéadacha, ach níor ghlac na pobail diaspóra leis na hathruithe seo ina gcuid scríbhneoireachta féin. Labhraíonn Airméanaigh na hIaráine an chanúint Oirthearach chomh maith, ach má labhraíonn, is é an seanlitriú a úsáideann siad i gcónaí.

Tá an dá phríomhchanúint Airméinise chomh difriúil le chéile, go háirithe ó thaobh na bhfuaimeanna de, agus go mbíonn sé deacair go leor ag cainteoir aon chanúna ciall a bhaint as an gceann eile. Mar sin féin, deir na hAirméanaigh gurb í an teanga chéanna í, agus nach bhfuil sé dodhéanta ag cainteoirí líofa teacht isteach ar an gcanúint nár tógadh iad léi, ar acht go bhfuil seans acu í a chloisteáil go minic.

An Airméinis
Vicipéid le fáil as An Airméinis freisin


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]