An tSeoirsia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn tSeoirsia
საქართველო (ka) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

AintiúnTavisupleba Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Dzala ertobashia (en) Aistrigh» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósSeoirsigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 42°N 44°E / 42°N 44°E / 42; 44

PríomhchathairTbilisi Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán3,717,100 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús53.33 hab./km²
Teanga oifigiúilan tSeoirsis
an Abcáisis (regional language (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla69,700 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeShkhara (en) Aistrigh (5,193.2 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAn Mhuir Dhubh (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síPoblacht Shóivéadach Shóisialach na Seoirsia Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1008
26 Bealtaine 1918Neamhspleáchas
25 Feabhra 1921:  RSS Georgia (Poblacht san Aontas Sóivéadach)
25 Nollaig 1991Stát ceannasach
Saoire phoiblí
ÉarlamhNaomh Seoirse Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaissemi-presidential system (en) Aistrigh, stát aonadach, poblacht pharlaiminteach agus poblacht Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na Seoirsia Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint na Seoirsia Cuir in eagar ar Wikidata
• President of Georgia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataZviad Gamsakhurdia (1991–1993) Cuir in eagar ar Wikidata
• Prime Minister of Georgia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataIrakli Kobakhidze (2024–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Bhunreachtúil na Seoirsia Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil18,629,365,612 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraGeorgian lari (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.ge agus .გე (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+995 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112, 111, 113 agus 122 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreGE Cuir in eagar ar Wikidata

Tír i gCugas is ea an tSeoirsia agus í ag críochantacht leis an Asarbaiseáin, an Airméin, an Tuirc agus an Rúis. Gruziya (Грузия) a thugtar uirthi as Rúisis, agus mar sin, feictear an leagan An Ghrúis sa Ghaeilge freisin. Is é an t-ainm atá ag muintir na Seoirsia ar a dtír ina dteanga féin ná Sakartvelo (საქართველო). Bhain an tír a neamhspleáchas amach sa bhliain 1991 ón Aontas Sóivéadach.

Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an tSeoirsis teanga oifigiúil na Seoirsia, agus tá aibítir dá cuid féin aici. Teanga Chugasach Dheisceartach is ea í, rud a chiallaíonn nach bhfuil gaol ar bith aici le bunús mór na dteangacha eile san Eoraip. Labhraítear roinnt mhaith teangacha eile sa Seoirsia, go háirithe Asarbaiseáinis (6.5 %) agus Airméinis (5.7 %). Tá dornán Rúiseach ina gcónaí sa tír fós, ach ó bhain an tSeoirsia amach a neamhspleáchas, d'fhág an chuid ba mhó acu an áit. Cloistear na teangacha Margaluri (Megreli), Svan, agus Laz in áiteanna. Tá gaol acu leis an Seoirsis, ach tá siad an-difriúil léi, agus mar sin, is é an dearcadh atá ag na teangeolaithe nach canúintí iad ach teangacha iontu féin. Agus an méid sin ráite, is í an tSeoirsis chaighdeánach an teanga a úsáideann lucht labhartha na dteangacha seo le haghaidh na litríochta is na léitheoireachta. Mar sin, murar canúintí iad, ní bhaintear ach úsáid na canúna astu. Tá Seoirsis nó ceann de na teangacha gaolmhara seo ag 83.8 % de mhuintir na tíre .

Cosúil leis an Airméin, is náisiún seanársa Críostaí í an tSeoirsia, agus eaglais náisiúnta ar leith ag na Seoirsigh. Mar sin féin, is Moslamach duine as gach deichniúr sa Seoirsia. Cuid mhór de na Moslamaigh sa tír, is Aidseáraigh iad, is é sin, Seoirsigh a chuaigh leis an Ioslam nuair a bhí na hOtamánaigh i seilbh na tíre. Is iomaí duine acu a d'iompaigh ina gCríostaithe nuair a bhain an tSeoirsia amach a neamhspleáchas, daoine óga ach go háirithe. Tá eaglais náisiúnta dá gcuid féin ag na hAirméanaigh freisin. Thairis sin, tá dornán beag Caitliceach agus Protastúnach ann, agus is é an tIoslam reiligiún na nAsarbaiseánach sa tír.