2 Eanáir
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| << Eanáir >> | ||||||
| Lu | Má | Cé | Dé | Ao | Sa | Do |
| 1 | ||||||
| 2 | 3 | 4 | 5 | 6 | 7 | 8 |
| 9 | 10 | 11 | 12 | 13 | 14 | 15 |
| 16 | 17 | 18 | 19 | 20 | 21 | 22 |
| 23 | 24 | 25 | 26 | 27 | 28 | 29 |
| 30 | 31 | |||||
| 2012 | ||||||
| Laethanta na bliana go léir | ||||||
Is é an 2 Eanáir an dara lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 363 lá fágtha sa bhliain nó 364 i mbliain bhisigh.
Clár ábhair |
[athraigh] Féilte
[athraigh] Daoine a rugadh ar an lá seo
- 1837 - Mily Balakirev, cumadóir ceoil († 1910)
- 1902 - Dan Keating, (Dónall Céitinn), poblachtach Éireannach († 2007)
- 1920 - Isaac Asimov, scríbhneoir ficsin eolaíochta († 1992)
- 1968 - Cuba Gooding Jr., aisteoir Meiriceánach
- 1984 - Denis Behan, imreoir sacair
[athraigh] Daoine a fuair bás ar an lá seo
- 1963 - Dick Powell, 58, aisteoir
- 1994 - Raymond Crotty, 68, eacnamaí Éireannach
- 2000 – Patrick O'Brian, úrscéalaí Briotanach
- 2009 - Tony Gregory, polaiteoir Éireannach
[athraigh] Imeachtaí eile
- 1870 - Cuireadh tús le tógáil an Brooklyn Bridge i Nua Eabhrac.
- 1900 - Osclaíodh Canáil Chicago.
- 1907 - Chuaigh an chéad traein ó Shráid Amien go Binn Éadair.
- 1922 - Foilsíodh an chéad eagrán de Poblacht na hÉireann, iris a bhunaigh na Poblachtánaigh le cur in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh.
- 1941 - D'ionsaigh eitleáin bhuamála na Gearmáine Éire de thaisme. Fuair triúr ban bás i gContae Cheatharlach, agus gortaíodh cuid mhaith daoine sa phríomhchathair féin.
- 1944 - Thug an Kerlogue, long Éireannach, 164 Gearmánach go dtí Cóbh tar éis iad a tharrtháil amuigh ar an teiscinn mhór. Chuaigh a long féin i dtóin phoill nuair a bhuail toirpéad í.
- 1959 - Ghlac Fidel Castro seilbh ar Chúba tar éis teitheadh Batista an lá roimhe sin.
- 1971 - Cuireadh cosc ar fhógraíocht tobac ar an teilifís sna Stáit Aontaithe.
- 1971 - Cailleadh 66 duine ag cluiche Rangers-Celtic sa dara tubáiste Ibrox i nGlaschú in Albain.