Cáisc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Féile Chríostaí is ea an Cháisc (ainm.u. Cáisc, gin.u. Cásca), agus í ar cheann de na féilte móra sa bhféilire Críostaí. De réir scrioptúr Críostaí, d'aiséirigh Íosa Críost tar éis é a bheith adhlactha ar feadh trí lá. Ceiliúrtar aiséirí Íosa ar Lá CáscaDomhnach Cásca, dhá lá tar éis Aoine an Chéasta agus trí lá tar éis Déardaoin Mandála. Meastar gur thit na heachtraí i gceist amach áit éigin idir 26 agus 36 AD. Cuireann an Cháisc deireadh le Carghas.

Braitheann an dáta ar casadh na gealaí, agus ní ionann an dáta gach bliain. Bíonn difríocht, freisin idir dáta a cheiliúrtha sna heaglaisí san iarthar, agus sna heaglaisí Ceartchreidmheacha, mar nár ghlacadar le féilire Ghréagóra, a chuir eaglais na Róimhe i réim.

Tagann an focal ón Laidin Pasqua, mar ní raibh an litir ná an fhuaim p sa sean-Ghaeilge, agus chuirtí c (fuaim q na Laidine agus an Bhéarla) ina áit.

Bíonn saoire poiblí in Éirinn ar Luan Cásca, ní hamháin mar gheall ar an gCáisc, ach chun Éirí Amach na Cásca i 1916 a chomóradh.

Tugtar An tSeachtain Mhór ar an seachtain deireanach den Carghas agus an tseachtain roimh an Cháisc. Tugtar Seachtain na Páise ar an seachtain a thosaíonn ar an Luan roimh Dhomhnach Cásca.