An Renaissance

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist leis an Renaissance ná gluaiseacht chultúrtha a tharla ón 14ú céad go dtí an 17ú céad A.D, ag tosú san Iodáil ag deireadh na Meánaoiseanna agus ansin ag scaipeadh amach ar fud na hEorpa. Tagann an focal ón bhFraincís Renaissance, a chiallaíonn "athbhreith", a thagann ó Rinascimento na hIodáilise, ó re- "arís" agus nascere "breith". Tugtar an Athbheochan air sa Ghaeilge. Tháinig feabhas ollmhór i gcúrsaí ealaíona, leighis, eolaíochta, ceoil agus ailtireachta. Go traidisiúnta, féachtar ar an Renaissance mar dhroichead idir na Meánaoiseanna agus an Ré Nua-aoiseach.

[athraigh] Renaissance Luath

Thosaigh an Renaissance i bhFlórans timpeall na bliana 1300 A.D. Nuair a thit Cathair Chonstaintín, d'éalaigh na mílte scoláire Gréigeach go Flórans, agus thóg siad na leabhair Ghréagacha agus Rómhánacha leo. Fáth eile gur thosaigh an Renaissance in Flórans ná go raibh teaghlach an-saibhir ann darbh ainm "Medici", a bhí mar phátrúin ar roinnt daoine mór le rá ag an am sin.

Ba theaghlach an-chumhachtach agus an-tábhachtach iad na Medici i rith an Renaissance i bhFlórans. Ba é Giovanni di Bicci de Medici an duine a rinne iad chomh saibhir sin. Ba é Cosimo il Vecchio de’Medici an chéad Medici a bhí mar rialóir ar Flórans. Bhí tóir mhór air agus nuair a fuair sé bás tugadh an t-ainm Pater Patriae ("athair na tíre") air. Ba é Piero il Gottoso de’Medici rialóir Flórans ina dhiaidh. Rialóir lag ab ea é ach bhí a mhac ar dhuine de na daoine ba cháiliúla i stair na hIodáile.

Lorenzo de' Medici

Duine an-tréitheach ab é Lorenzo il Magnifico de’Medici: ba lúthchleasaí, fhile, baincéir iontach, agus pátrún mór na healaíona é. Thug sé airgead d'ealaíontóirí mór le rá ar nós Leonardo da Vinci, Michelangelo Buonorroti, agus Sandro Botticelli. Cosúil lena sheanathair, Cosimo, sheol sé daoine tríd an Eoraip agus go dtí an Oirthear ag lorg lámhscríbhinní. Stóráladh na lámhscríbhinní seo i leabharlann Lorenzo, an chéad leabharlann phoiblí san Eoraip. Bhí a lán naimhde aige, áfach, agus ar Dhomhnach Cásca 1478 rinne siad iarracht Lorenzo agus a dheartháir Giuliano a mharú. Rop siad Giuliano ach d’éalaigh Lorenzo. I ndiaidh na heachtraí sin chuaigh drong feargach trí na sráideanna ag marú daoine a cheap siad a bhí bainteach leis an ionsaí. Fuair Lorenzo il Magnifico de’ Medici bás ar an 8ú lá de mhí Aibreán 1492 ina villa in Careggi.

Ba é Piero, mac Lorenzo, céad rialóir eile ar Flórans. Ba rialóir an-lag é, agus theith sé Flórans nuair a d’ionsaigh na Francaigh é. D’imigh na healaíontóirí cáiliúla chomh maith. D’imigh siad go dtí an Róimh áit a raibh failte rompu. Mar sin bhí an Róimh mar phríomhchathair ar an Renaissance.

Sa chúigiú haois déag bhí na pápaí i gceannas ar an Róimh. Ba phrionsaí cumhachtacha iad chomh maith a raibh suim láidir acu sa pholaitíocht. Ba phátrúin mhóra na healaíne iad freisin.

[athraigh] An tArd-Renaissance

Bhí baint mór ag an pápa Nicholas V leis an Renaissance.[fíoras?] Bhí suim mhór aige i leabhair agus bhunaigh sé Leabharlann na Vatacáine sa bhliain 1475. Sa bhliain 1453 ghabh na Túrcaigh Cathair Chonstaintín agus rinne sé iarracht an méid ba mhó leabhair ar féidir leis a shabháil. Phleanáil sé “La Basilica di San Pietro in Vaticano” chomh maith. Pápa eile mór le rá ná Sixtus IV. Chuir sé feabhas mór ar chathair na Róimhe. Leathnaigh sé na sráideanna agus thóg sé droichid agus eaglaisí. Bhí a lán drochphápaí ann chomh maith, áfach. An ceann ba mheasa dóibh ná Alexander VI. Bhí a lán páistí aige agus thug sé poist tábhachtach dá chlann mar shampla rinne sé cairdinéal dá mhac.

Tháinig athbhreith in ábhair eile, mar shampla san eolaíocht agus sa fhealsúnacht. Roimh an Renaissance bhí ar dhaoine leabhair a chóipeáil le lámh, ach that ar an mbliain 1450 cheap Johann Gutenberg an clóphreas miotail inaistrithe. Ba mhodh an-éasca agus an-tapaidh é an clóphreas chun leabhair a chóipeáil agus a scaipeadh. Tríd an modh nua seo a úsáid scaip an t-eolas ar pháipéir go tapaidh.

D’athraigh an réalteolaíocht go mór i rith an Renaissance. Ceann de na réalteolaí ba cháiliúla den tréimhse ná Nicholas Copernicus. Chreid sé gur chas an domhan ar a ais féin agus go ndeachaigh sé timpeall na gréine. Níor inis sé a chuid smaointí le héinne agus níor foilsíodh a leabhar De Revolutionibus Orbium Coelestium ("I dtaobh Imrothlú na Sféar Neimhe") go dtí go bhfuair sé bás sa bhliain 1543.

Rugadh Galileo Galilei i bPisa sa bhliain 1564. B'ollamh le matamaitice é agus sa bhliain 1593 d’fhionn sé go dtiteann rudaí de thoirteanna difriúla ag an ráta céanna. Sa bhliain 1609 chuala sé faoi aireagán san Ísiltír; an teileascóp. Rinne sé a cheann féin agus d’fhionn sé ceithre ghealach de chuid Iúpatair. Chruthaigh sé sin go raibh an ceart ag Copernicus. I mí Meitheamh 1633 cháin an pápa Urban VII é agus bhí air a a chuid smaointí a aistharraingt. Fuair sé bás naoi mbliana ina dhiaidh sin. Mar gheall ar a chuid oibre thábhachtaí sa réalteolaíocht tugadh an t-ainm “Padre di Scienza Moderna” - athair na heolaíochta nua-aimseartha - dó.

[athraigh] Naisc sheachtracha


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile