An Mheánaois

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist leis an Meánaois nó, mar a deirtear go minic faoi thionchar an Bhéarla, na Meánaoiseanna ná an tréimhse idir an tSeanaois Chlasaiceach (is é sin, ré na Sean-Róimhe agus na Sean-Ghréige) agus an Nua-aois (an Renaissance agus ar tháinig ina dhiaidh). Thosaigh an Mheánaois faoi lár na chéad mhílaoise i ndiaidh bhreith Chríost (~500 AD) agus tháinig deireadh léi míle bliain níos déanaí (~1500 AD), i ré an Renaissance agus an Reifirméisin. I dtús na Meánaoise, chaill Impireacht na Róimhe a seantábhacht, agus scoilteadh ina dhá leath í. Ba iad na stáitíní beaga feodacha a tháinig chun tosaigh ansin, agus an Eoraip go léir lán pobail bheaga agus treibheacha - Teotanaigh, Rómánsaigh, Ceiltigh, agus Slavaigh. Bhí sochaí na Meánaoise dealaithe ina haicmí a raibh teorainneacha soiléire eatarthu, agus b'í an Eaglais Chríostaí croílár an chultúir, an léinn agus na litríochta. In Iarthar na hEorpa, bhí an Laidin á saothrú mar chomhtheanga chultúrtha. Maidir leis an eacnamaíocht, bhí sí bunaithe ar an seirfeachas agus ar an bhfeodachas.