Anno Domini

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dionysius Exiguus

Is é is brí leis na focail Laidine Anno Domini (nó Anno Domini Nostri Iesu Christi) ná "i mbliain an Tiarna" (nó "i mbliain ár dTiarna Íosa Chríost"). Is mar A.D., ADIC (Iar-Chríost) a ghiorraítear é. Cuirtear na focail seo le huimhir na bliana, agus na blianta á gcuntas ón chéad bhliain i ndiaidh bhreith Íosa Críost. Is í an bhliain 1 an chéad bhliain sa chóras seo, agus níl aon bhliain 0 ann.

Go bunúsach, is córas é seo atá bunaithe ar an gcreideamh Críostaí, ach glacann go leor forais agus fothuithe idirnáisiúnta leis mar chaighdeán, agus i dtíortha a úsáideann an chosmhuintir féilire éigin eile, is gnách aird a thabhairt ar an bhféilire Críostaí agus ar ré na Críostaíochta i gcúrsaí gnó agus i gcaidreamh idirnáisiúnta. Ar mhaithe leis an neodrach i gcaidreamh idirchreidmheach, áfach, is minic a chloistear leaganacha ar nós "de réir na ré coitianta" in áit "A.D." ina lán teangacha inniu.

As Gaeilge, is féidir na litreacha "A.D." a léamh amach mar "d'aois ár dTiarna". Cé gur gnách gan an t-alt a úsáid sa Ghaeilge roimh ainmfhocail a dtagann uimhir ar a lorg - "teach a dó", "seomra a trí" a deirtear, mar shampla - is í an ghnáthúsáid i litríocht na Gaeltachta féin scinneadh ón nós seo nuair atá uimhreacha na mblianta i gceist. Mar sin, "sa bhliain 2006" an leagan is fearr, in áit "i 2006" nó "i mbliain a 2006", cé nach mbeadh ach an leagan deireanach ag freagairt do ghnáthnósanna uimhriúcháin na Gaeilge.

Na blianta roimh bhreith Chríost, cuirtear "r. Chr." leo sa Ghaeilge. Is ionann sin agus "BC" a fheictear sa Bhéarla.

Stair Anno Domini[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa chéad cheithre chéad bliain de Ré na Críostaíochta, bhítí ag baint úsáide as an bhféilire Rómhánach, ach nuair a tháinig meath ar Impireacht na Róimhe, theastaigh córas eile ó na daoine leis na blianta a chomhaireamh. Sa bhliain 525, chuaigh an manach Rómhánach Dionysius Exiguus i dtuilleamaí an eolais a bhí ar fáil sa Bhíobla, agus is é an tátal a bhain sé as ná gur rugadh Íosa 525 bliana roimhe sin.

Dar le beagnach gach fear léinn sa lá atá inniu ann go raibh sé mícheart. Is é an meastachán atá acu ná gur saolaíodh an Slánaitheoir idir an bhliain 8 RC agus an bhliain 4 RC.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]