Teangacha Rómánsacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teangacha Rómánsacha:

██ Spáinnis

██ Portaingéilis

██ Fraincis

██ Iodáilis

██ Rómáinis

Foghrúpa de na teangacha Ind-Eorpacha iad na teangacha Rómánsacha a tháinig chun saoil nuair a thit na leaganacha éagsúla den Laidin as a chéile ar fud iarsmaí Impireacht na Róimhe. Labhraíonn seacht gcéad milliún duine teangacha den chineál seo ar fud an domhain - san Eoraip chomh maith leis na hiar-choilíneachtaí Eorpacha sna hilchríocha eile.

Níl na teangacha Rómánsacha bunaithe ar an Laidin Chlasaiceach, an teanga a bhí á saothrú ag leithéidí Iúil Caesar agus Marcus Tullius Cicero, ach ar an ngnáthchaint i mbéal na saighdiúirí sna léigiúin Rómhánacha. Mar sin, is iomaí focal Clasaiceach nár mhair ar aon nós sna teangacha Rómánsacha. Bhí córas na ndíochlaonta an-simplithe sa Laidin Choitianta i gcomparáid le teanga ghalánta na litríochta freisin. Níl na teangacha Rómánsacha cosúil leis an Laidin Chlasaiceach ó thaobh ord na bhfocal de ach an oiread. Is é an t-ord focal atá sna teangacha seo ná SVO (ainmní - briathar - cuspóir), ach is é ord focal na Laidine Clasaicí ná SOV (ainmní - cuspóir - briathar): Marcus Tulliam amat "tá Marcus i ngrá le Tullia", a deirtear as Laidin, ach is é an leagan Spáinnise ná Marco ama a Tulia (nó Marco quiere a Tulia).

Is iad na teangacha Rómánsacha is tábhachtaí ná an Spáinnis, an Phortaingéilis, an Fhraincis, an Iodáilis, an Rómáinis agus an Chatalóinis. Tá cuid mhaith teangacha agus canúintí gaolmhara á labhairt ar fud dheisceart na hEorpa agus iad ar beagán cainteoirí i gcomparáid leis na mórtheangacha seo.

Stór focal na Laidine i gcomparáid leis na teangacha Rómánsacha[athraigh | edit source]

  • Edere an focal Laidine ar "ithe", agus chuaigh sé in éag sa ghnáthchaint. Ba é an briathar manducare - "mungailt" - a tháinig ina áit san Fhraincis (manger), sa Chatalóinis (menjar) agus san Iodáilis (mangiare), ach tá an briathar Spáinnise comer bunaithe ar an bhfocal comhshuite comedere "craosaireacht a dhéanamh" (= com- + edere).
  • Emere an focal Laidine ar "ceannach". Tháinig focail eile ina áit sna teangacha Rómánsacha, ar nós comprar sa Spáinnis (atá gaolmhar le comparare na Laidine, cf. compare an Bhéarla agus comparáid na Gaeilge) agus acheter (< adcaptare, focal comhshuite: ad = "chuig", + captare, "dréim le rud, bheith ag iarraidh rud a shealbhú") san Fhraincis.
  • Equus an focal Clasaiceach Laidine ar "capall". Is é focal na gnáthchainte a mhaireann sna teangacha Rómánsacha, áfach, caballus: cheval san Fhraincis, caballo sa Spáinnis. (Tabhair faoi deara, áfach, go bhfuil an focal Spáinnise ar "láir, capall baineann" gaolmhar le hequus na Laidine: yegua.)
  • Ignis an focal Laidine ar "tine", agus sinn ábalta an tamhan céanna a aithint san fhocal Béarla ignition. Chuaigh an focal in éag sna teangacha Rómánsacha, agus tháinig focus ("áit na tine, tinteán") ina áit sa chuid is mó acu (fuego as Spáinnis, feu as Fraincis).
  • Vetus an focal Laidine ar "sean, aosta", agus is é an ginideach atá aige ná veteris. Mar sin, is é tamhan an fhocail ná veter-. Níl an -r- sin le feiceáil sna foirmeacha Rómánsacha den aidiacht seo (viejo as Spáinnis, vieux, vieille as Fraincis). Is amhlaidh go bhfuil na leaganacha seo bunaithe ar fhoirm dhíspeagúil na haidiachta seo, vetulus. Rinneadh veclus de sa ghnáthchaint, nuair a thit an t-u gearr gan bhéim ar lár. Ní cheadaíonn foghraíocht na Laidine an -tl-, agus mar sin, tháinig an -cl- ina áit.

Tá a leithéid ann agus Appendix Probi, liosta focal ón tríú haois i ndiaidh bhreith Chríost a mholann d'fhoghlaimeoirí na Laidine scríofa focail mhíchearta áirithe a sheachaint agus ceartfhoirmeacha a úsáid ina n-áit. Ceann de na moltaí sa liosta is ea é "VETULUS NON VECLUS", is é sin "[scríobh] vetulus seachas veclus". Díol suntais é go raibh an tseanaidiacht úd vetus imithe as úsáid ar fad san am seo, de réir dealraimh.