Ealaín na hAthbheochana

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Amor Sacro e Amor Profano le Tiziano Vecelli (timp. 1514)

Gluaiseacht a thosaigh i bhFirenze na hIodáile go luath sa 15ú céad nuair a chuardaigh na healaíontóirí Masaccio, Donatello is Brunelleschi tinfeadh ó ealaín is ailtireacht na Róimhe ársa clasaicí. Ag an am céanna le daonnacht nua sa litríocht chomhaimseartha, tháinig tuiscint nua maidir le stíl chun cinn. Bhí na péintéirí Piero della Francesca, Mantegna is eile ag féachaint go dian le coibhnis chlasaiceacha a léiriú ina bhfigiúirí, agus chabhraigh córas nua na peirspictíochta leo doimhneacht a chur sna pictiúir. I ndiaidh Donatello, ba iad Ghiberti, Verrocchio is Michelangelo na dealbhóirí ab fhearr. Rinne Leonardo da Vinci is Raphael portráidí agus saothair reiligiúnda is stairiúla. Tugtar an Ard-Athbheochan ar an tréimhse timpeall 1500-1520. Sa 16ú céad leathnaigh stíl na hAthbheochana don chuid eile den Iodáil, an Veinéis go háirithe, agus an chuid is mó d'iarthar na hEorpa.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ealaín na hAthbheochana". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 233.