Francesco Petrarca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFrancesco Petrarca

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Iúil 1304
Arezzo (Poblacht Fhlórans)
Bás19 Iúil 1374
69 bliana d'aois
Arquà Petrarca (Poblacht na Veinéise)
Áit adhlacthaArquà Petrarca Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Bhologna (1320–1323)
Ollscoil Montpellier - dlí (1316–1320) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht
Gairmfealsamh, sléibhteoir, dírbheathaisnéisí, focleolaí, daonnachaí, scríbhneoir, aistritheoir, liriceoir, file, duine den chléir Chaitliceach Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFilíocht agus prós
Mac/iníon léinn de chuidPietro Cerniti, Jacobus de Belviso, Barlaam di Seminara agus Giovanni d'Andrea
Mac/iníon léinnGiovanni Malpaghini
TeangachaAn Iodáilis, an Laidin, Laidin na hAthbheochana, Laidin na meánaoise agus Iodáilis na Meánaoise
SpórtSléibhteoireacht Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairPetracco  agus Eietta Canigiani
Gradam a fuarthas

Spotify: 1WxDOiNZ4empnM1x2YCXHc Musicbrainz: a2109c59-5f37-4cab-8b7d-1927d586b36f Discogs: 504673 IMSLP: Category:Petrarca,_Francesco Find a Grave: 14937853 Cuir in eagar ar Wikidata

File agus dhaonnachaí de chuid de chuid na Tuscáine Francesco Petrarca (Iodáilis: Petracco agus Béarla: Petrarch) a rugadh in Arezzo ar an 20ú Iúil sa bhliain 1304, agus a d'éag in Arqua ar an 18ú nó ar an 19 Iúil 1374.

Tugtar ‘athair na filíochta’ air san Iodáil inniu. Roimhe seo, ní raibh daoine ag scríobh in Iodáilis; b’éigean dóibh scríobh i Laidin. [1]

manu Matthaei domini Herculani de Vulterris, 15ú céad

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1309, agus Petrarca cúig bhliain d'aois, lean a mhuintir an Pápa Clement V agus chuir fúthu in Avignon.

Níos déanaí rinne Petrarca staidéar ar an dlí in Ollscoil Mhontpellier agus Ollscoil Bhologna. D'éirigh sé as an dlí agus chuaigh sé isteach san Eaglais agus lean sé Naomh Aibhistín. Rinne sé dianstaidéar ar an tSibhialtacht Chlasaiceach agus bhí sé tugtha d'athchruthú an tSean-Domhain.

Is i Laidin den chuid is mó a chum Petrarca a chuid saothar. Mar sin féin deirtear gurbh eisean "athar na filíochta" san Iodáilis mar gheall ar na hiliomad dánta grá a chum sé in Iodáilis faoi bhean den ainm Laura. Deirtear gur chas sé uirthi ar Aoine an Chéasta, 6 Aibreán 1327. Bean pósta ab ea í agus thug Petrarca gean agus ómós di gan bualadh léi riamh ina dhiaidh sin.

Scríobh sé a lán soinéad (dán le 14 líne). Ghlaoitear "Canzoniere" ar an gcnuasach de 366 dánta, soinéid an chuid is mó díobh, agus ceaptar gur as an mbailiúchán seo a d'eascair filíocht liriciúil na Meánaoise.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh aithris ar Petrarca i gcuid mhaith de thíortha na hEorpa, go háirithe sa séú haois déag. Feicfear samplaí maithe Fraincise in Ó Doibhlin (1994).[2] Tugadh an soinéad isteach sa Bhéarla timpeall ar 1530, go mórmhór trí fhilíocht Sir Thomas Wyatt (c.1502–1542) agus Henry Howard, Iarla Surrey (1517–1547). Is é an rud is suntasaí faoi shoinéad an Bhéarla nár glacadh leis an chruth ríme a bhí ag Petrarca agus ag na Francaigh, ochtréad agus seisréad.[3]

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí tionchar ag Petrach ar an litríocht in Éirinn. Mar shampla, déantar cur síos nósmhar i luathshaothar Uí Chonaire ar cholainn na mná ag tarraingt airde go sonrach ar a cuid gruaige, a súile, a béal agus a beola, a grua agus a muineál. Leanann an moladh seo ar bhaill airithe de cholainn na mban traidisiún an ‘blazon’ a theann siar chomh fada le Petrarch.[4]

D’fhorbair Petrarca, an té is mó a d’aclaigh traidisiún liteartha an tsóláis le linn an Renaissance, feidhm theiripeach na reitrice agus chothaigh nasc idir an líofacht agus an tsláinte intinne.[5][6] Bheadh sé seo ag teacht go beacht le traidisiún dúchais na Gaeilge mar a raibh feidhm dhúbailte ag an amhrán chun tocht a léiriú agus a shrianadh in éineacht.[7]

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Canzoniere
  • Secretum
  • De Viris Illustribus
  • Rerum Memorandarum Libri
  • De Otio Religiosorum
  • De Vita Solitaria
  • De Remediis Utriusque Fortunae
  • Itinerarium
  • Carmen Bucolicum
  • Africa

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. COGG. "Ó Chlochaois go Spásrás". Dáta rochtana: 2020.
  2. Léirmheastóir - Mícheál Ó Cróinín (2020-05-30). "Ón Fhraincis, Aistriúcháin, leathanaigh 36–44, 48–58" (ga). Aistriú Litríochta. Dáta rochtana: 2020-07-18.
  3. Clann Tuirc clanntuirc.co.uk. "Trí Rainn agus Amhrán: Réamhrá". www.clanntuirc.co.uk. Dáta rochtana: 2020-07-18.
  4. Ní Chualáin, Aingeal (2013). "Siocracha Peaca Téamaí an Chaidrimh agus an Ghnéis i Saothar Phádhraic Óig Uí Chonaire agus Mháirtín Uí Chadhain". Dáta rochtana: 2019.
  5. Mícheál Mac Craith (2018-11-30). "The Pearl of the Kingdom: A study of a A fhir léghtha an leabhráin bhig by Giolla Brighde Ó hEódhasa" (as ga). COMHARTaighde (4). doi:10.18669/ct.2018.08. ISSN 2009-8626. 
  6. Ailbhe Ó Corráin (2015). "Léirmheas: The light of the universe: poems of friendship and consolation by Giolla Brighde Ó hEódhasa. Studia Hibernica 41, lch 213-215". online.liverpooluniversitypress.co.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-11-10. Dáta rochtana: 2020-07-18.
  7. Breandán Ó Madagáin (1985). "Functions of Irish Song in the Nineteenth Century" lch 144–151.