Filíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Wiktionary-logo-en.png
Déan cuardach ar filíocht sa
Vicífhoclóir, an foclóir saor.

Is saghas ealaíona scríofa í an fhilíocht ina úsáidtear teanga ar son a cháilíochtaí aeistéitiúla chomh mhaith le - nó in ionad - na tuairimi le tuiscint óna focail. Dán 'sea an téarma i nGaeilge ar píosa filíochta a chruthaíonn an file. Tá stair fada ag baint le filíocht atá i bhfad níos faide ná léitheoireacht nó scríobhneoireacht. Is féidir idir-dhealú a dhéanamh idir filíocht agus prós maidir leis an úsáid a bhaintear i bhfilíocht as cáilíochtaí aeistéitiúla na focail, athrá, rithim agus meadaracht.

Go minic úsáidtear foirm comhdhlúite i ndáin chun mothúcháin nó smaointe doimhne a chur in iúl don léitheoir nó don lucht éisteachta. Chomh maith le sin tá deiseanna cosúil le hathrá agus comhfhuaim le cloisteáil chun éifeacht ceolmhara a chur i gcrích. De ghnáth, baineann filí an-fheidhm as íomhánna, meafair srl. chomh maith. Uaireanta déanann íomhánna nó meafair casta i dán é deacair a thuiscint. Bíonn níos mó ná brí amháin le tuiscint ón chuid is mó de píosaí filíochta.

Clár ábhair

[athraigh] Filíocht as Gaeilge

Tosaiodh ag scriobh filíocht as Gaeilge chomh luath leis an 7ú haois, saothar úr suaithinseach nach raibh a leithéid le fáil in aon tír eile. Tá an cheird á cleachtadh riamh ó shin, agus sna meánaoiseanna bhí na trí shaghas ann - filíocht na scol, dánta grá agus filíocht an phobail. Ba é an saghas deireanach a tháinig chun tosaigh sa 19ú haois, agus gan léamh ná scríobh na Gaeilge ag mórán, ach sa 20ú haois tháinig borradh faoin bhfilíocht chomhaimseartha chathrach agus roinnt scríbhneoirí nótálta ina bun.

Anuas go dtí an 17ú haois níor tugadh aitheantas oifigiúil ach don saghas véarsaíochta a chum filí a oileadh sna scoileanna - áiteanna léinn mar ar fhoghlaim siad ceird an-chasta na bairdne. Aicmí difriúla a bhí i gceist sa cheird seo, agus bhain an t-ollamh leis an aicme ab airde. Bheadh pátrún uasal aige agus chumfadh sé píosaí ag moladh an tiarna, a phóir agus a shleachta, agus bheadh an tiarna faoi chomaoin aige dá bharr. Bheadh súil ag an bhfile le cúiteamh dá réir - eallach go minic - agus chuir scríbhneoirí Sasanacha i leith na bhfilí sa 16ú haois go ngríosaidís na taoisigh chun creiche. Síleadh go raibh cumhacht eile ag an bhfile agus blas ársa na draíochta uirthi: bhí sé in ann daoine a mháchailiú le haor.

Cuireadh na pátrúin Ghaelacha as seilbh i ré Chromail, rud a chuir deireadh leis an mbairdne; ach lean filí orthu ag cumadh filíocht an-ghreanta i gcaint na ndaoine. Chuireadh cuid di síos ar chúrsaí an lae agus bhain cuid eile le cúrsaí polaitíochta, rud a rinneadh trí fhoirm idéalaithe na hAislinge. Bhí filíocht na ndaoine láidir fós, í le fáil sna hamhráin agus go háirithe sna caointe, saghas cumadóireachta arbh iad na mná ba mhó a rinne é.

Is í Athbheochan na Gaeilge i dtús an 20ú haois ba mhó a spreag daoine chun pinn arís, agus le haimsir tháinig roinnt filí an-suntasacha ar an bhfód - Seán Ó Ríordáin, Máirtín Ó Direáin, Máire Mhac an tSaoi agus eile. Anois tá glúin nua ann.

[athraigh] Filí na Gaeilge

(in ord príomhlitreach na sloinne)

[athraigh] Céadlínte agus Teidil Dánta

Aoibhinn Beatha an Scoláire

[athraigh] Naisc sheachtracha

Do chuid uirlisí