Leonardo da Vinci

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLeonardo da Vinci

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(it) Leonardo di ser Piero da Vinci
15 Aibreán 1452
Anchiano (Poblacht Fhlórans)
Bás2 Bealtaine 1519
67 bliana d'aois
Amboise (Ríocht na Fraince)
Siocair bháisBás nádúrtha (Rith fola ceirbreach)
Áit adhlacthaChâteau d'Amboise Cuir in eagar ar Wikidata
Ambasadóir
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Áit chónaitheAn Veinéis
Flórans
An Róimh
Flórans
Milano
Teanga dhúchaisan Iodáilis
LámhcheannasCiotógacht
Gníomhaíocht
Réimse oibreAiltireacht na hAthbheochana, radharcagrafaíocht, innealtóireacht, fiseolaíocht agus péintéireacht
Suíomh oibre Amboise
Milano
An Róimh
Mantova
Flórans
An Veinéis Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpéintéir, luibheolaí, fiseolaí, fisiceoir, cumadóir, ceimiceoir, scigealaíontóir, míoleolaí, línitheoir, eolaí, dearthóir, cumadóir, innealtóir sibhialta, fealsamh, réalteolaí, innealtóir, taidhleoir, anatamaí, dealbhóir, matamaiticeoir, ailtire, Ileolaí, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre? – 1519
FostóirLudovico Sforza (1482–1500)
Cesare Borgia Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraPortráid, péintéireacht reiligiúnda agus ealaín reiligiúnach
GluaiseachtAn tArd-Renaissance agus An Renaissance
Critical catalogue (en) AistrighLeonardo da Vinci: The Complete Paintings and Drawings (en) Aistrigh (2003) Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidAndrea del Verrocchio, John Argyropoulos agus Paolo dal Pozzo Toscanelli
Mac/iníon léinnPontormo, Barthemely d'Francesco Melzi, Andrea Solari, Cesare da Sesto agus Salaì
TeangachaAn Iodáilis
PátrúnProinsias I na Fraince
Lorenzo de' Medici (1477–)
Ludovico Sforza (1482–) Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairSer Piero da Vinci  agus Caterina di Meo Lippi
Síniú


IMDB: nm1827914 Musicbrainz: dc0640db-f5db-4fde-a5ca-ab1331f94a43 Discogs: 2132839 Find a Grave: 3673 Cuir in eagar ar Wikidata

Ileolaí Iodálach ab ea Leonardo da Vinci (15 Aibreán, 14522 Bealtaine, 1519), a bhí ina eolaí, matamaiticeoir, innealtóir, cumadóir, eolaí anatamaíochta, péintéir, dealbhóir, ailtire, luibheolaí, ceoltóir agus scríbhneoir. Is beag duine i stair an domhain a bhí chomh cumasach leis. Ba dhuine é a bhí ‘i bhfad roimh a am’ gan amhras.[1]

Bíodh nach raibh a shaothar ealaíonta chomh líonmhar, bhain sé clú domhanda amach mar sin féin. Ar a shaothair is mó clú tá An Suipéar Déanach agus An Mona Lisa.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mac dlíodóra, rugadh é i gceantar Vinci i bhFlórans i 1452 (i sráidbhaile beag darbh ainm Vinci).

Battesimo di Cristo nó Baisteadh Chríost

[2]

Níl mórán ar eolas againn faoina shaol nuair a bhí sé óg. Ach nuair a bhí sé 14 bliana d’aois, thosaigh sé ag obair i stiúideo an ealaíontóra Verrocchio. Nuair a chonaic Verrocchio cé chomh cumasach agus a bhí Da Vinci, shocraigh sé ar phictiúr a dhéanamh i gcomhpháirt leis. Battesimo di CristoBaisteadh Chríost an t-ainm atá ar an phictiúr sin. D’fhan Da Vinci sa stiúideo ag Verrocchio ar feadh 7 mbliana agus is ansin a d’fhoghlaim sé cuid mhaith den cheird s’aige.

Chaith sé an chuid eile dá shaol ag obair le healaíontóirí clúiteacha eile agus bhí sé cairdiúil leis na daoine mór le rá fosta, an Pápa san áireamh.

An Suipéar Deireanach
Mona Lisa

Phéinteáil sé An Suipéar Deireanach, pictiúr an-chlúiteach eile dá chuid, sa bhliain 1498, le feiceáil inniu i ndánlann i Milano. Faoin bhliain 1518 bhí an pictiúr ag meath cheana féin, áfach. Faoi 1670, bhí drochbhail ar fad air. In 1726, rinneadh é a athchóiriú, rud a chuidigh go mór lena shábháil. Tháinig meath air arís i lár an 20ú haois agus, mar gheall air sin, cuireadh tús le hathchóiriú eile nár críochnaíodh go dtí 1999.

B'iad na Medici na pátrúin ba fhlaithiúla agus ab aithnidiúla timpeall an ama seo. Chuidigh a bpátrúnacht le stádas ealaíontóra a ardú agus tháinig na mórealaíontóirí ar nós da Vinci chun cinn faoina gcoimirce.[3]

Cúpla bliain i ndiaidh do Da Vinci An Suipéar Deireanach a phéinteáil, d’iarr fear saibhir air portráid dá bhean chéile a phéinteáil. An Mona Lisa a thugtar ar an phortráid sin agus tá sí ar an phortráid is cáiliúla dá chuid. Cuireann daoine spéis ar leith sa mheangadh bheag gáire atá ar aghaidh Mona Lisa a bhfuil mistéir éigin ag baint léi. Nuair a chuaigh Da Vinci chun na Fraince, bhronn sé an phortráid ar an tír sin agus is sa Louvre i bPáras atá sí anois.

Taighde[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba nós le Da Vinci rudaí a chruthú. D’fhág sé cuid mhór de na smaointe a bhí aige ina dhiaidh i scríbhinní.

Leonardo da Vinci, Svenska Familj-Journalen

Chuir da Vinci i gcuntas a shaothar taighde — i leabhair nóta, a bhí lán de nótaí inspéise agus de léaráidí gléineacha, a bhí scríofa ón dtaobh dheas go dtí an taobh chlé i scríbhinn léargais.

Mar shampla, sa bhliain 1500, fuair Leonardo da Vinci amach gur ghluais fuaim i bhfoirm thonnta.[4]

Bhí anatamaíocht an choirp, fás an linbh sa bhroinn, dlíthe sruth, dlíthe eitilte, geolaíocht, fisic agus réalteolaíocht ar ábhair léinn an fhir iontach seo. Cheap sé paraisiút, inneall eitilte, agus fomhuireán chomh maith.

Eitilt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí sé go fóill óg rinne Leonardo péintéireacht do dhuine saibhir, agus tugadh dornán maith airgid dó mar luach saothair. As go brách leis chun an mhargaidh chun éin bheaga i gcliabháin a cheannach.[5] Thug sé leis iad go barr cnoic, is cosúil, d’oscail na cliabháin, agus lig saor na créatúir.

Bás Leonardo, le Ingres

Níos déanaí rinne Leonardo staidéar cruinn  ar eitilt na n-éan, agus bhí sé cinnte go mbeadh duine ábalta eitilt lá éigin. Tá léaráid de rud éigin a bhí iontach cosúil le héileacaptar ina chuid chartlainne. Níor cruthaíodh an héileacaptar go dtí 1936, ach bhí sé in intinn Da Vinci na céadta bliain roimhe sin.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stróc a thug a bhás is cosúil. Ní raibh sé ach 67 bliain d'aois. Tá sé curtha i Château d'Amboise sa Loire.

Leonardo in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Sa bhliain 2007, d’oscail an mórthaispeántas sa Leabharlann Chester Beatty: Leonardo: the Codex Leicester.[6] Cuireadh i láthair an phobail lámhscríbhinní cáiliúla eolaíochta Leonardo da Vinci a tháinig ar iasacht ó Bill Gates.
  • Sa bhliain 2016, bhí sraith de dheich líníocht le Leonardo da Vinci ón mBailiúchán Ríoga ar taispeántas i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann.[7] Roghnaíodh na líníochtaí seo chun scóip iontach na spéiseanna a bhí ag an ealaíontóir a thaispeáint, idir péintéireacht agus dealbhóireacht, innealtóireacht, zó-eolaíocht, luibheolaíocht, cartagrafaíocht agus anatamaíocht. Déantar ionadaíocht mhaith dá húsáid sciliúil de mheán éagsúil — peann agus dúch, cailceanna dearga agus dubha, uiscedhath agus pointe miotail.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. cogg.ie. "Leonardo Da Vinci". Dáta rochtana: 2020.
  2. "The Baptism of Christ (Verrocchio and Leonardo)" (as en) (2020-02-27). Wikipedia. 
  3. "Seoid na hAthbheochana" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-05-02.
  4. COGG (Céad bliain níos déanaí arís, ba é Martin Mersenne an chéad duine a thomhais luas fuaime in aer). "Eureka". Dáta rochtana: 2019.
  5. gaelscoiluineill.com. "Obair Bhaile". Dáta rochtana: 2019.[nasc briste go buan]
  6. Leabharlann Chester Beatty (2007). "Da Vinci". Dáta rochtana: 2019.
  7. "Gailearaí Náisiúnta na hÉireann" (2016). Dáta rochtana: 2019.