Leanbh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tugann an comhartha tráchta seo rabhadh don tiománaí go bhfuil sé ag teacht i gcóngar d'áit a mbíonn páistí ag freastal uirthi, cosúil le scoil. Tagann an comhartha seo ón nGearmáin, ó tá déanamh an triantáin air.

Is é is leanbh (nó páistegasúr) ann ná duine an-óg, ábhar firmná, nach bhfuil cuma an duine fhásta ag teacht air go fóill. Nuair a thosóidh an páiste ag teacht in inmhe fir nó mná, ní ghlacfar leis a thuilleadh gur páiste atá ann, agus tabharfar déagóir air.

Sa Ghaeilge, is gnách "leanbh" a thabhairt ar pháistí an-bheaga, go háirithe má tá siad níos óige ná cúig bliana. "Páiste" a thugtar orthu siúd atá ag teacht in aois na scoile nó atá ag dul ar scoil cheana féin. Maidir leis an bhfocal "gasúr", is féidir dó tagairt do pháistí an dá chineál, idir bhuachaillí agus chailíní, ach i nGaeilge Uladh, ní thugtar gasúr ach ar bhuachaill de ghnáth. Le Gaeilge na Mumhan amháin a bhaineann an leagan "garsún".

Le baby an Bhéarla a aistriú go Gaeilge, is gnách leaganacha éagsúla Gaelaithe den fhocal Béarla a úsáid inniu. Is iad "báb" agus "babaí" na foirmeacha is oiriúnaí don Ghaeilge. Tá an focal "tachrán" coitianta chomh maith. I nGaeilge na Gaeltachta, má tháinig duine ar cuairt nuair a bhí bean an tí díreach ag breith linbh, deirtí gur tháinig sé "in aimsir na dtachrán". Maidir le "lámhacánaí", is focal Muimhneach é a thugtar ar leanbh nach bhfuil seasamh ná siúl aige go fóill, agus é ag déanamh a bhealaigh ar aghaidh ag "lámhacán" leis, agus a bholg ag cuimilt an urláir nó na talún. Bhí "bunóc" in úsáid i nGaeilge Chiarraí i laethanta óige Pheig, ach is ar éigean a chloisfeá an focal sin i gCiarraí an lae inniu.

Nascanna inmheánacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]