Gaeilge na Mumhan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Ghaeilge i gCúige Mumhan.

Is í Gaeilge na Mumhan canúint dheisceartach na Gaeilge. Labhraítear canúintí den chineál seo i gCiarraí (go háirithe i nGaeltacht Chorca Dhuibhne), i gCúil Aodha, in Oileán Chléire agus i nGaeltacht na Rinne. Bhí an-ról ag Gaeilge na Mumhan i bhforbairt na litríochta nua-aimseartha Gaeilge, cé go bhfuil sí ar an gcanúint is lú cainteoirí dúchais inniu. Is sa chanúint seo a scríobhadh Séadna leis an Athair Peadar Ua Laoghaire, chomh maith leis na clasaicigh Bhlascaodacha, Peig le Peig Sayers, An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain, agus Fiche Blian ag Fás le Muiris Ó Súilleabháin. Is dócha gurb iad Pádraig Ó Cíobháin agus Maidhc Dainín Ó Sé na scríbhneoirí comhaimseartha is bisiúla sa chanúint.

Saintréithe Ghaeilge na Mumhan[athraigh | edit source]

Is féidir difríochtaí a aithint idir na mionchanúintí Muimhneacha féin, ach seo iad na saintréithe is suntasaí atá ag baint leo:

  • Cuirtear an bhéim ar an nguta fada, fiú nuair nach é an chéad ghuta san fhocal é.
  • Fuaimnítear an -igh/-idh i ndeireadh an fhocail mar a bheadh -ig ann
  • Coinnítear an chuid is mó d'fhoirmeacha táite na mbriathar: chaitheas in áit chaith mé, duartdúrt in áit dúirt mé, chonac in áit chonaic mé, caithfeam in áit caithfimid
  • Úsáidtear go, agus araile in áit gur, níor mar mhíreanna briathartha fiú más briathar rialta atá i gceist: ní chaitheas in áit níor chaith mé. Nós gnáthchainte é seo nach bhfeictear go minic sa scríbhneoireacht.
  • Séimhítear sm-: do shmaoiníos in áit smaoinigh mé.
  • Úsáidtear na foirmeacha neamhspleácha de na briathra fiú nuair a bheifeá ag súil leis na foirmeacha spleácha: go ngeibheann in áit go bhfaigheann, ní chonacníor chonac in áit ní fhaca mé, go gcíonn sé in áit go bhfeiceann sé.

Na Briathra Rialta i nGaeilge na Mumhan[athraigh | edit source]

An Aimsir Láithreach[athraigh | edit source]

  • caithim
  • caitheann tú, caithir
  • caitheann sé, sí
  • caithimíd
  • caitheann sibh
  • caithid, caithid siad
  • caitear
  • osclaím
  • osclaíonn tú, osclaír
  • osclaíonn sé, sí
  • osclaímíd
  • osclaíonn sibh
  • osclaíd, osclaíd siad
  • osclaítear

An Aimsir Fháistineach[athraigh | edit source]

  • caithfead
  • caithfir
  • caithfidh sé, sí
  • caithfeam, caithfimíd
  • caithfidh sibh
  • caithfid, caithfid siad
  • caithfear
  • osclód
  • osclóir
  • osclóidh sé, sí
  • osclóm, osclóimíd
  • osclóidh sibh
  • osclóid, osclóid siad
  • osclófar

An Modh Coinníollach[athraigh | edit source]

Cloistear an do roimh na consain féin go minic i nGaeilge na Mumhan. Go praiticiúil, áfach, is mar dh- a fhuaimnítear é roimh na gutaí, is é sin, b'fhearr, abair, d'osclóinn a litriú mar dh'osclóinndo dh'osclóinn leis an bhfíorfhuaimniú a chur in iúl - rud a d'fheicfeá i bhfoilseacháin bhéaloidis ina bhfuiltear ag déanamh dlúthaithris ar an gcanúint.

  • do chaithfinn
  • do chaithfeá
  • do chaithfeadh sé
  • do chaithfimis
  • do chaithfeadh sibh
  • do chaithfidís
  • do chaithfí
  • d'osclóinn
  • d'osclófá
  • d'osclódh sé
  • d'osclóimis
  • d'osclódh sibh
  • d'osclóidís
  • d'osclófaí

An Aimsir Chaite[athraigh | edit source]

  • do chaitheas
  • do chaithis
  • do chaith sé, sí
  • do chaitheamar, do chaitheamair
  • do chaitheabhair - tá sé ag brath ar an bhfochanúint áitiúil cé acu a fhuaimnítear an iarmhír seo -abhair mar -úir nó mar -avair.
  • do chaitheadar
  • do caitheadh (déantar "chaitheadh" de i gcanúint na Rinne, áfach). Is mar -ch nó mar -g a fhuaimnítear an iarmhír sin -adh san fhoirm seo, agus ní mar -ú, mar a dhéantar sna canúintí níos faide thuaidh.
  • d'osclaíos
  • d'osclaís
  • d'oscail sé, sí
  • d'osclaíomar, d'osclaíomair
  • d'osclaíobhair
  • d'osclaíodar
  • do hosclaíodh

Tabhair faoi deara arís gur gnáth dh'osclaíos, dh'osclaís agus araile a dhéanamh de sa chaint. Le fírinne d'fheicfeá leithéidí do dh'oscail, do dh'éirigh sna díolamaí béaloidis ina ndéantar aithris chruinn ar fhíorfhuaimniú na canúna.

Maidir leis na briathra neamhrialta, in áit an -as, is é an dóigh a gcuireann siad an chéad phearsa uatha in iúl san aimsir chaite ná leathnú an chonsain dheireanaigh: thánag "tháinig mé", dúrt, duart "dúirt mé", chuala (gan iarmhír gan forainm) "chuala mé", chonac (fuaimniú: ch'nuc) "chonaic mé" (ach, ar ndóigh, deirtear chuas "chuaigh mé", rugas "rug mé", bhíos "bhí mé"). Maidir le thánag agus chuala, is iad sin na ceartfhoirmeacha stairiúla, ach is ar éigean a úsáideann aon chanúint ar leith an bheirt acu, nó i gCiarraí, rinneadh thána de thánag faoi thionchar chuala, ach i gContae Chorcaí, rinneadh chualag de chuala faoi thionchar thánag.

Bíonn foirmeacha aimsire caite an bhriathair úd déan!/déanamh bunaithe ar an tamhan dein-: do dheineas, do dheinis, do dhein sé, do dheineamar, do dheineabhair, do dheineadar; do deineadh.

An Aimsir Ghnáthchaite[athraigh | edit source]

  • do chaithinn
  • do chaiteá
  • do chaitheadh sé, sí
  • do chaithimis
  • do chaitheadh sibh
  • do chaithidís
  • do chaití (i nGaeilge Chorcaí - i nGaeilge Chléire, ar a laghad - d'fhágfaí an fhoirm seo gan séimhiú faoi thionchar shaorbhriathar na haimsire caite)
  • d'osclaínn
  • d'osclaíteá
  • d'osclaíodh sé, sí
  • d'osclaímis
  • d'osclaíodh sibh
  • d'osclaídís
  • d'osclaítí

Liosta focal[athraigh | edit source]

Is follasach go dtagann an chuid is mó de na focail as Gaeilge Chiarraí, ós í an chanúint is mó sa Mhumhain.

  • a a úsáidtear in áit as i nGaeilge Chléire. Is é sin, ní úsáidtear as ansin ach roimh an alt, ach is é a foirm an réamhfhocail seo roimh ainmfhocail loma. Cuireann an t-a seo an réamhlitir h- roimh gutaí.
  • achrann: tá an ghnáthchiall leis an bhfocal seo sa chanúint, ach i mbreis air sin, chloisfeá in achrann do... sa chiall "i gcóngar do...", "i dteagmháil le..."
  • aireachas aire. Aireachas a thabhairt = aire a thabhairt. Focal é seo is minic a chluinfeá i nGaeltacht na Rinne, ach go háirithe.
  • áisiún tír choimhthíoch. Leagan den fhocal náisiún é seo ó thús. Gaeilge Cho. Chorcaí.
  • amadántúlacht amaidí (Gaeilge na Rinne)
  • aosáid faoiseamh, biseach (ón tinneas)
  • beachaig, beachaidh, beachaigh beacha, beachóga (cf. luchaig)
  • briocast bricfeásta (focal ó Ghaeilge na Rinne)
  • brus smidiríní; dusta. Ní rabhadar i bhfad amuigh nuair a d'éirigh stoirm uafásach agus bhádh na daoine agus dheineadh brus den mbád. Ní raibh siad i bhfad amuigh nuair a d'éirigh stoirm uafásach agus bádh na daoine agus rinneadh smidiríní den bhád. (sliocht béaloidis, lch. a 13, An Linn Bhuí 5)
  • bunóc leanbh beag. Focal ó Chiarraí é a d'fheicfeá ag Peig Sayers, ach ní chluinfeá é sa ghnáthchaint a thuilleadh.
  • canathaobh (= cad ina thaobh) cén fáth, cad chuige, tuige
  • ciotrúnta ciotach, ciotógach
  • cluthair deas te teolaí
  • comáint tiomáint. Cloistear tiomáint sa chúige chomh maith. Leagan ó Ghaeilge Chiarraí é comáint ach go háirithe.
  • conas: Tá an oiread Gaeilge ag cách in Éirinn is go bhfuil a fhios acu gurb é conas tá tú? an Ghaeilge ar how are ye?, ach, le fírinne, focal Muimhneach amháin a bhí i gceist le conas ar dtús. Tagann an clásal díreach ar a lorg: conas atá tú?. I nGaeilge Uladh, deirtear cad é mar atá tú?, agus is é an clásal díreach a úsáidtear anseo freisin. Is é cén chaoi a bhfuil tú? an leagan Connachtach, agus is é an clásal indíreach a fheicimid anseo. Má thagann clásal indíreach ar lorg conas (conas go bhfuil agus a leithéid), is ceist reitriciúil é agus is é is brí don fhocal conas ná "cén fáth"; how come an Bhéarla is fearr a aistríonn é.
  • concas: is é is bunbhrí leis an bhfocal seo ná "gabháltas", "forghabháil" (conquest an Bhéarla), ach is éard a deirtear i nGaeilge na Rinne ná go gcuireann éadaí deasa concas (draíocht) ar na mná, ionas go gcaitheann siad an iomarca airgid orthu.
  • contúirt: Aithnítear an focal seo sa ghnáthchiall (is é sin, "dainséar"), ach is minic a thagraíonn sé do chuntar an tábhairne nó an tsiopa. Cúntúirt an fuaimniú.
  • coráiste misneach. Bíonn na focail iasachta ar -áiste ón bhFraincis Normannach níos coitianta i nGaeilge thraidisiúnta na Mumhan ná i gcaint na réigiún eile.
  • craimsiú, caimsiú aimsiú
  • cuileachta, c'leachta cuideachta; sult
  • daochaint dóthain (Gaeilge na Rinne). ...dh'fhainfeadh sí as do cheann in airde le heagla ná híosthá do dhaochaint (An Linn Bhuí 6, lch. 98) d'fhanadh sí os do chionn in airde ar eagla nach n-íosfá do dhóthain
  • dearmhad, dearúd dearmad
  • dé chúis (< "cad é an chúis") cén fáth, cad ina thaobh. (Gaeilge na Rinne)
  • dúthaigh dúiche, ceantar, réigiún
  • fachta, fálta faighte. Fachta is mó a chloisfeá i gCiarraí. Tabhair faoi deara an focal fáltas = "maoin shaolta".
  • feadar: ní fheadar níl a fhios agam, an bhfeadraís? an bhfuil a fhios agat? - Tá ciall na haimsire láithrí leis an bhfocal seo, ach tá na hiarmhíreanna níos cosúla leis an aimsir chaite.
  • fear (na) beilte péas, pílear, garda, póilín, síothmhaor
  • feiscint feiceáil
  • fliuchadh: is minic a chloisfeá fliuchadh sa chiall "fiuchadh", is é sin, uisce a chur ar fliuchadh sa chiall "uisce a chur ar fiuchadh, uisce a chur ar gal"
  • fodhuine corrdhuine
  • fothain, foithin foscadh
  • fothragadh fuadar
  • fuar: bhí fuar agam níor éirigh liom, ní bhfuair mé mo mhian
  • gadhar madra
  • Gaelainn Gaeilge: Conradh na Gaelainne
  • galar: is minic a úsáidtear i gciall mheafarach é sa chanúint, ag tagairt do dhrochnósanna nó a leithéid
  • ganntar gá, call, riachtanas - is dócha gur meascán é seo as gátar ("in am an ghátair") agus as gann. An rud a bhfuil ganntar leis, is rud é a bhfuil gá leis. Sa chiall ganntanas is gnách an focal gannchúis a úsáid.
  • go ruig go dtí. Tá gaol ag an réamhfhocal comhshuite seo le "go nuige" ("go nuige seo", mar shampla). In áiteanna i gContae Chorcaí a deirtí "go ruig", ach is féidir nach cuid den chaint bheo é a thuilleadh.
  • harasaí an rud a dtugtar delirium tremens air i Laidin na ndochtúirí
  • iaigh/iamh a úsáidtear sa chanúint go minic in áit dún/dúnadh
  • laochas: úsáidtear an focal seo i gciall an bhróid i nGaeilge na Rinne. Tá laochas orm = tá bród orm.
  • leásaí leisciúil
  • leis: úsáidtear é sa chiall "freisin", "fosta".
  • lofa aidiacht ghinearálta lochtaithe: tá an bia so lofa. Lobhtha, lobhaite a deirtear sa bhunchiall.
  • lógóireacht olagón, mairgneach. Is dócha gur olagóireacht a bhí ann ar dtús. Tá an focal seo an-tipiciúil i nGaeilge na Rinne, ach feictear i dtéacsanna ó Ghaeltachtaí eile na Mumhan é freisin.
  • luchaig (nó luchaidh, luchaigh, ach is ionann an fuaimniú) - uimhir iolra an fhocail "luch". Sa teanga chaighdeánach is ainmfhocal rialta de chuid an dara díochlaonadh é.
  • matalang drochrud, tubaiste
  • MeiriceAimeirice (béim ar an dara siolla) a deirtear i gCúige Mumhan, in áit Meiriceá
  • mínáire fearg
  • mínigh/míniú sa chiall "ceacht a mhúineadh do dhuine": míneod é fós múinfidh mé ceacht dó go fóill (sa chiall bhagrach: tabharfaidh mé íde bhéil nó greidimíní dó)
  • miotóg a bhaint as duine liomóg (greim dhá mhéar) a bhaint as duine
  • míshaolta neamhshaolta, osnádúrtha
  • mótar carr, gluaisteán
  • nach: i nGaeilge Chiarraí, chluinfeá sa chiall "gach" é: nach aon saol mar a thagann sé. I nGaeilge na Rinne, is minic a chiallaíonn sé "ach": nach nuair a bheir an aimsir dealbh sa ngeimreadh orthu, ní raibh ao' rud a chuigint acu. (Risteard Turraoin, Gairdín an Chabáiste, An Linn Bhuí, uimhir a dó, lch. 60.)
  • nath a chuirtear i rud, nuair a chuirtear sonrú ann - is é sin, nuair a thugtar faoi deara é
  • neamhcheart mícheart
  • neomat nóiméad
  • nótáilte (déantar nótáltanótáltha de sa chanúint): chloisfeá an focal seo mar aidiacht mholta ghinearálta - "an-mhaith, an-deas, ar fheabhas, thar barr" - i nGaeilge na Mumhan
  • oidhre duine atá ag breathnú an-chosúil lena athair, deirtear gurb é oidhre a athar é
  • oiriúnú feiliúint, oiriúint, fóirstin, bheith oiriúnach, bheith fóirsteanach, bheith feiliúnach. An chulaith éadaigh a oiriúnaíonn thú, níl sí rómhór ná róbheag agat. Is mar riúnú a fhuaimnítear an briathar seo. Feileann sé duit, oireann sé duitfóireann sé duit a déarfaí sna canúintí eile, ach is é an cuspóir díreach, seachas an réamhfhocal do, a úsáidtear leis an mbriathar seo oiriúnú - i nGaeilge na Mumhan. - Sa Ghaeilge liteartha, d'fhéicfeá an briathar oiriúnú - rud a oiriúnú do rud eile, nó do dhuine - sa chiall rud a chur in oiriúint do rud eile, rud a dhéanamh oiriúnach do rud eile.
  • ordú rabhadh; tá sé ordaithe tá rabhadh tugtha faoi, tá a leithéid de mhí-ádh ag bagairt
  • pas uair, ócáid, turas; pas beag beagáinín, traidhfilín
  • pionós: chluinfeá sa chiall "pian mór" é fosta
  • prioc(adh) pioc(adh)
  • puinn faic (na fríde), a dhath (ar bith), faic na ngrásta
  • réans srianta (sa bhunchiall, is é sin, ag tagairt do na srianta a chuirfeá ar chapall; focal Béarla - reins - é seo gan amhras, ach tá sé seanbhunaithe sa chanúint)
  • réiltín réalta
  • roimis roimhe
  • saghas sórt, cineál. Chloisfeá saghas i nGaeilge Uladh fosta, ach is iasacht nua ón mBéarla ansin é, agus is é is brí leis ansin ná "méid".
  • salacharáil, salacharaíl: níl ach salacharáil bheag Gaelainne aige níl ach beagán Gaeilge aige
  • saoráideach furasta, go háirithe ag tagairt do rudaí a bheadh ar fáil go bog
  • scailéathan áibhéil
  • scamhard: Baintear úsáid as an bhfocal seo sa teanga chaighdeánach nó léannta le nutrition, nourishment an Bhéarla a aistriú, ach is focal gnáthchainte é i nGaeilge na Mumhan. Cuirtear an bhéim ar an dara siolla sa chanúint, [skә'va:rd]. Is é [skauәrd] an fuaimniú a mholann Foclóir Póca agus Foclóir Scoile, áfach.
  • siúicre siúcra
  • slí: is minic a chloisfeá sa chiall "spás" é
  • sóinseáil, seoinseáil briseadh airgid; athrú aimsire. Tá an focal seo gaolmhar le change an Bhéarla, ach is léir gur tháinig an dá fhocal as an bhFraincis Normannach ar dtús. Bíonn focail as an teanga sin níos coitianta i nGaeilge na Mumhan ná i gcanúintí eile na teanga.
  • speabhraídí ciopóga (a bheith ar dhuine), meascán mearaí.
  • srois, sroisint sroich, sroicheadh
  • stóinsithe stobarnáilte, dáigh, stuacánta, dochomhairleach
  • stróinséir, stróinséarach strainséir
  • támáilte cúthail, cotúil
  • téanam! tar liom! - Níl ach dhá fhoirm ag an mbriathar seo: modh foshuiteach na haimsire láithrí in uimhir iolra na chéad phearsan (téanam!) agus an t-ainmfhocal briathartha (téanachtaint)
  • tarrac tarraingt. Tá tarrac ar bhia againn anso tá a lán bia againn anseo - is é an smaoineamh gur féidir leat tarraingt ar fhoinse an bhia mar is mian leat agus ní spíonfaidh tú í.
  • tindeáil freastal, bheith ag tabhairt aire
  • tionóisc taisme, timpiste
  • toirmeasc trioblóid. Cosc is brí leis an bhfocal seo sna canúintí eile.
  • tosnú tosú
  • trangláil tranglam, trioblóid, clampar
  • tuin blas coimhthíoch ar chaint an duine
  • tulca báisteach throm; taom feirge
  • um: tá an réamhfhocal seo beo go hiomlán i nGaeilge Chúil Aodha i gcónaí: cuir an chulaith umat, is é sin, ort. I gcanúintí Muimhneacha eile, ní úsáidtear é ach mar thagairt don am: um an Nollaig. "Faoi" nó "[timpeall] ar" is brí leis. An chuid is mó de na Gaeilgeoirí dúchasacha, níor casadh orthu é ach i leabhar na reacht: An Reacht um Chuideachta Eorpach.
  • vaits uaireadóir; is cuma nó vaits liom is cuma liom sa diabhal.
  • várnáil rabhadh, foláireamh

Litríocht[athraigh | edit source]

  • Ó Buachalla, Breandán: An Teanga Bheo - Gaeilge Chléire. Institiúid Teangeolaíochta Éireann, Baile Átha Cliath 2003. ISBN 0-946452-98-9
  • Ó Sé, Diarmuid: An Teanga Bheo - Corca Dhuibhne. Institiúid Teangeolaíochta Éireann, Baile Átha Cliath 1995. ISBN 0-946452-82-2