Bill Gates

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bill Gates sa bhliain 2007.

Fear gnó Meiriceánach agus ceannródaí ríomhaireachta is ea William Henry Gates III (rugadh ar 28 Deireadh Fómhair, 1955 é), ar a dtugtar Bill Gates go leathan. Bhunaigh sé an corparáid Microsoft in éineacht le Paul Allen. Is eisean cathaoirleach agus príomh-ailtire bogearraí Microsoft. Tá sé ar cheann de na daoine is saibhre ar domhain, agus dar leis an iris Forbes i 2005 is eisin an té is saibhre, le US$45.3 billiún aige. Rugadh i Seattle, Washington é.