Ceol

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Leagan amach deaslabhartha na fuaime agus an tosta is ea an ceol. Tá fíorbhrí an fhocail ceol an-chonspóideach, agus féadann na fuaimeanna a nglactar leo mar cheol athrú de réir ré na staire agus an chultúir, ach glactar leis de ghnáth gur ceart na fuaimeanna a bheith eagraithe go comhfhiosach ag duine nó grúpa daoine.

Tá mórán ceoil comhdhéanta de thoin (a chomharthaítear le nótaí ceolmhara) le hairdí cinnte. Déanann toin dhifriúla a sheinntear mar thon i ndiaidh toin séis, agus déanann toin seinnte go comhuaineach cordaí agus armóin. Tá fuaimeanna gan airde déanta le cnagadh go minic. Is í an rithim eagrú tomhaiste na gcodanna sin.

Stair an cheoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is sórt cumarsáid é an ceol, agus tá ceol níos sine ná an focail scríofa. Tá sé ceangailte le gach aon chultúr daonra. D'fhás ceol le cabhair fuaime nádúrtha agus na hainimhithe a dhein siad. Thosaigh ceol roimh stair nuair a d'éirigh cultúr daonra níos cliste, timpeall an am stair geolaíoch déanach[fíoras?].

Scríobh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nótáil ceoil Tchaikowski - coinséartó bpianó

Is féidir le ceol a bheith scríofa roimh léiriú ag cumadóir nó ag scríbhneoir. Mar sin, leanann an ceoltóir nó na ceoltóirí atá ag seinm an fhoinn (cé acu scríofa acu féin é nó nach ea) orduithe an chumadóra go leathan, ordaithe atá scríofa síos mar nodaireacht cheolra ar nós lámhscríbhinn cheoil. Ina áit sin, féadann an ceol a bheith cumtha a bheag nó a mhór ag na ceoltóirí fad a sheinneann siad é (tobchumadh).

Léiriú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir le ceol a bheith curtha i láthair le haon ceoltóir amháin, nó mórán ceoltóirí le chéile mar ghrúpa ceoil ar nós roc-bhanna nó ceolfhoirne. Féadtar an ceol a dhéantar a chloisteáil trí mhórán meáin chumarsáide; léiriú beo a chloisteáil é an modh is traidisiúnta, i láthair na gceoltóir. Féadtar ceol beo a chraoladh thar an raidió nó an teilifís, nó fiú an Idirlíon, cé gur mó is cosúla don éisteoir é seo le héisteacht le taifeadadh nó féachaint ar fhíseán ceoil. Ar uairibh, bíonn fuaimeanna réamhthaifeadta san áireamh i léirithe; mar shampla, déanann DJ ceirníní a scríobadh. Is féidir leat féin ceol a chruthú le canadh, le seinm ar uirlis cheoil, nó le cumadh. De ghnáth, déanann nuathosaitheoirí iarracht ar an ngiotár nó ar an bpianó mar chéad-uirlis.

Féadann duine bodhar ceol a chleachtadh le mothú na gcreathanna istigh ina chorp; is é Ludwig van Beethoven an sampla is cáiliúla de cheoltóir bodhar, a chum mórán saothar cáiliúil cé gur chaill sé a éisteacht cheana féin. San aimsir níos nuaí is cnagcheoltóir atá molta go hard í Evelyn Glennie (atá bodhar ó 12 bhliain d’aois) .

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn ceachtanna ceoil á dtógáil ag daoine nuair is mian leo seinm an cheoil a fhoghlaim. Is í ceoleolaíocht réimse leathan a chlúdaíonn an staidéar staire agus an staidéar eolaíochta, teoiric cheoil agus stair cheoil san áireamh.

Uirlisí[cuir in eagar | athraigh foinse]

An fhidil

Is iomaí uirlis a úsáidtear chun ceol a léiriú. De réir dealramh ceann do na céad uirlisí a d'úsáideadh na clocha le poill iontu a tháinig na chéad daoine orthu ar an trá. Bhuailidís le chéile iad (cnaguirlis) agus ansin i ndiaidh roinnt fiosraithe air, thosaíodar ag séideadh isteach iontu agus tháinig gleo (nóta ceoil). Tháinig siad ar chlocha le poill ar mhéideanna éagsúla agus bhí neart nótaí acu le píosaí ceoil a sheinm!

Seánraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is léir don domhan go bhfuil an-chuid saghsanna ceol. Tá gach saghas ceol do gach uile duine mar gur ealaíon sheanda í an ceol, tá mórán seánra ann.

Féach ar[cuir in eagar | athraigh foinse]