Idirlíon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is líonra ríomhairí poiblí é an tIdirlíon, nó an tIdirghréasán, a nascann líonraí ríomhaireachta ar fud an domhain ag úsáid córais theileachumarsáide phoiblí.

Seoltar sonraí mar mheascán de chomharthaí analógacha agus comharthaí digiteacha thar an Idirlíon. Caithfear seoladh uathúil a bheith ag gach ríomhaire atá ceangailte go díreach leis an Idirlíon. Tugtar an seoladh IP air seo.

Seirbhísí[athraigh | edit source]

I measc na seirbhísí is mó a úsáidtear ar an Idirlíon, tá:

I measc na seirbhísí nach bhfuil in úsáid chomh mór sin níos mó, tá:

Úsáidí[athraigh | edit source]

I measc na réimsí úsáide atá ag an Idirlíon, tá:

Roghanna ceangal[athraigh | edit source]

Bíonn roinnt roghanna ar fáil le ceangal leis an Idirlíon. Níl gach rogha ar fáil i ngach áit. I measc na roghanna atá ar fáil, tá:

  • Nasc Dialaithe
    • Úsáidtear an córas teileafóin
    • Luas íseal – 56 Kbps ar a mhéid
    • Bíonn moill ceangail i gceist
    • Líne teileafóin gafa leis – ní féidir glaonna a dhéanamh ag an am céanna
    • Móideim ag teastáil
    • An t-aon rogha atá ar fáil i gceantair áirithe
    • Samplaí: do chomhlacht fóin
  • Líonra Digiteach de Sheirbhísí Comhtháite (ISDN)
    • Líne ISDN (éagsúil ón líne fóin) ag teastáil
    • ar fáil go forleathan in Éirinn
    • Móideim ISDN ag teastáil
    • Luas réasúnta –
      • 64 Kbps (líne shingil)
      • 128Kbps (líne dhúbailte)
    • Níl bhíonn moill ceangail ann
    • Sách daor má bhíonn an dá líne in úsáid
  • Leathanbhanda thar an gcóras fóin: Líne Dhigiteach Rannpháirtí (DSL)
    • Úsáidtear an córas teileafóin
    • Luas ard – 1 Mbps +
    • Ceangailte i gcónaí
    • Is féidir glaonna a dhéanamh ag an am céanna
    • Móideim DSL ag teastáil
    • Níl sé ar fáil go forleathan – caithfidh tú a bheith gar don mhalartán
    • Praghas ag ísliú de bharr iomaíochta ó sholáthraithe eile leathanbhanda
  • Leathanbhanda thar Chábla
    • Úsáidtear córas soláthar teilifíse trí cháblaí le banda leathan a chur ar fáil chomh maith
    • Tréithe ginearálta cosúil le DSL
    • Buntáiste breise – ní gá líne fóin a bheith agat (ní gá cíos a íoc ar líne fóin)
  • Satailít/Gan Sreang
    • Roinnt soláthraithe ag cur seirbhísí gan sreang ar fáil
    • I gceantair áirithe, an t-aon rogha a bheadh níos sciobtha ná nasc dialaithe
    • Glacadóir speisialta nó mias satailíte ag teastáil

Stair ghairid[athraigh | edit source]

  • 1965 – Tosaíonn ARPA (Advanced Research Projects Agency - an Ghníomhaireacht um Tionscadail Forbartha Taighdear) ar an ARPANET a fhorbairt
  • 1969 – Déantar an céad 4 óstach a cheangal le ARPANET: Stanford Research Institute, UCLA, UC Santa Barbara agus University of Utah
  • 1971 – 23 óstach ar ARPANET
  • 1973 – Ceanglaítear roinnt óstaigh i dtíortha eile
  • 1974 – Deartar TCP/IP le húsáid ar ARPANET
  • 1981 – 213 óstach ar ARPANET. Breis líonraí neamhspleácha á cheangal. Cruthaíonn NSF (National Science Foundation) a líonra fairsing fhéin nach raibh ceangailte le ARPANET
  • 1982 – An téarma "Internet" luaite don chéad uair
  • 1983 – TCP/IP in úsáid go caighdeánach
  • 1986 – ARPANET agus NFSNET ceangailte
  • 1987 – Breis agus 10,000 óstach ar an Idirlíon
  • 1989 – Breis agus 100,000 óstach ar an Idirlíon
  • 1992 – An WWW scaoilte ag CERN
  • 1993 – An chéad bhrabhsálaíMosaic
  • 1994 – A lán óstaigh agus líonraí nua á gceangal leis an tIdirlíon. Is féidir pizza a ordú ó Pizza Hut tríd!!!
  • 1996 – 10 milliún óstach
  • 1996 – 1998 – Borradh mór i gcúrsaí tráchtála ar an nGréasán Domhanda
  • 2000 – Pléascadh an .com
  • 2007 – Tá úsáid an Idirlín fós ag fás. Tá comhlachtaí ag déanamh airgid as. Tá éileamh ar cheol (m.sh. iTunes), podchraoladh (m.sh. cláir raidió), VOIP (m.sh. Skype), blagáil (m.sh. IrishBlogs.ie), cláir feasacháin (m.sh. boards.ie), vicithe (m.sh. Vicipéid).

Féach freisin[athraigh | edit source]