Giotár

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An giotár.

Is saghas uirlis cheoil é an giotár. Is téaduirlis í, agus bíonn idir cheithre agus dhá théad dhéag air, de ghnáth. Nuair a phioctar na téada (léis na méara nó le pleictream), tosaíonn siad ag tonnchrith agus fuaim uathu. Tá dhá shaghas giotár le fáil, go bunúsach - giotár leictreach agus giotár fuaimiúil. Chomh maith leis sin, tá dord nó dord-ghiotár ann freisin.

Is uirlis choitianta é an giotár sa rac-cheol, an giotár-leictreach go háirithe. Tugtar an t-ainm giotáraí ar dhuine a sheinneann an giotár. Nuair a bhuaileann tú ceann de na téada nó na sreanga ar an ngiotár baineann tú creathadh as agus téann an creathadh sin siar go dtí an poll fuaime nó i gcás an ghiotáir leictrigh go dtí na glacadóirí. Is í minicíocht an chreathaidh seo a dhéanann an nóta. Bíonn na téada saora ar ghnáthghiotár sé-théadach tiúnáilte mar seo: E B G D A E. Agus nuair a leagan tú méar ar na frets athraítear an mhinicíocht go crómatach de réir mar a théann tú suas an caol nó an muineál.