Reigé

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Saghas ceoil choitianta de bhunús Rastaiféarach na hIamáice, ach faoi anáil na dtraidisiún Afra-Mheiriceánach is an rac-cheoil. Éiríonn cuid mhaith de na hamhráin reigé as réabadh sóisialta. Leis an amhránaí a thionlacan, bíonn giotáir leictreacha, pianó, orgán leictreach is leagan drumaí. Amhránaithe cáiliúla reigé ab ea Bob Marley is na Wailers.