Féilire Iúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Féilire a bhunaigh Iúl Caesar i 46 RC de bhrí go raibh an féilire a bhí in úsáid ó 153 RC suas le 3 mhí as alt leis na séasúir. Chuir sé 67 lá breise sa bhliain 43 RC, agus chinntigh go mbeadh 365 lá sa bhliain is lá breise gach 4 bhliain (bliain bhisigh), ar dtús trí dhá 24 Feabhra a bheith ann. Modhnaíodh in 8 AD é nuair a ceartaíodh feidhmiú na mblianta bisigh. In úsáid sa chuid is mó den Eoraip go dtí 1582 nuair a chuireadh féilire Ghréagóra i bhfeidhm.