Tobac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tobac a chaitear i bpíopa.

Is éard is tobac ann ná duillí úra na bplandaí sa ghéineas úd Nicotiana a leasaítear ar bhealach ar leith le haghaidh úsáide mar dhruga. Is é an dóigh is minice a gcaitear tobac ná é a chur ag cráindó i dtoitín, i bpíopa nó i dtodóg agus an toit a análú isteach. Sa Ghaeilge, deirtear go bhfuiltear ag caitheamh tobac, ach úsáidtear an leagan tobac a ól freisin, go háirithe sna canúintí deisceartacha.

Is é an Nicotiana tabacum an cineál is mó a chuirtear,[1] ach baintear úsáid as an gcineál Nicotiana rustica chomh maith. Tá an rustica chomh saibhir sa nicitín is gur féidir é a úsáid le nicitín a tháirgeadh mar fheithidicíd. Bíonn na seamain bhundúchasacha i Meiriceá Theas ag úsáid an chineáil sin mar dhruga sícideileach freisin.

An planda[athraigh | edit source]

Baineann an planda tobac leis an bhfine úd Solanaceae, agus mar sin, tá gaol aige le plandaí mar stoc an aingil, práta, lus mór na coille, mandrác, píobar dearg, tráta, agus ubhthoradh.[2]

An tobac san Oileán Úr[athraigh | edit source]

Tháinig nós úsáide an tobac ón Oileán Úr, nó tá an planda féin ag fás ansin le hocht míle bliain, ar a laghad. Táthar á chaitheamh ón mbliain 3000 RC i leith, a bheag nó a mhór. Ar dtús, d'úsáidtí é mar fhrith-heilminteach, is é sin, mar chógas a chuireann ruaigeadh ar na seadáin (na paraisítí) as an gcorp trí néal a chur orthu. Bhí sé á chaitheamh i ndeasghnátha reiligiúnacha na mbundúchasach Meiriceánach chomh maith, agus a lán treibheacha den tuairim go raibh draíocht agus druagántacht ar leith ag baint leis. Bhí na hAstacaigh i Meicsiceo barúlach, mar shampla, gurbh é an dia úd Xochipilli nó "Prionsa na mBláth" a bhronn an tobac ar na daoine, agus ba nós leo "dia na gcúig lus" nó Macuilxochitl a thabhairt ar Xochipilli freisin - chreid siad go raibh cúig lus naofa ann a raibh tábhacht ar leith acu i súile an Phrionsa, agus an tobac ar cheann acu. I ndiaidh do na hEorpaigh an tOileán Úr a shealbhú, d'fhoghlaim siad úsáid an tobac, agus inniu féin, tá ról nach beag ag an tobac i saol eacnamaíoch na Stát Aontaithe.

An tAinm[athraigh | edit source]

Tobac an leagan caighdeánach d'ainm an phlanda agus an táirge i nGaeilge an lae inniu. Focal firinscneach é, agus an bhéim ar an dara siolla. Feictear an leagan tobaca i scríbhneoireacht Chúige Uladh fosta, agus is é an leagan a bhí ag filí Oirthear Uladh ná tambac. Tháinig an focal tríd an mBéarla ón Spáinnis, ach is deacair a rá, cá bhfuair an Spáinnis féin é. Glactar leis gurb as ceann de na teangacha Arawak a tháinig sé - teangacha a labhraítear, nó a labhraítí, timpeall na Cairibe. Ón taobh eile de, áfach, bhí focal cosúil á úsáid sa tsean-Spáinnis agus sa tsean-Iodáilis le tagairt do lusanna éagsúla leighis, focal a tháinig ón Araibis. Scéal eile fós gurb é túpac an focal Ceatsuaise ar "ríoga", agus ba phribhléid ríoga é an tobac (sayri an focal Ceatsuaise) ag na hIncigh. Síltear freisin go bhfuil gaol ag an bhfocal le hainm Thobágo (i bPoblacht Oileán na Tríonóide is Thobágo).

Stair úsáide an tobac[athraigh | edit source]

Bhí an tobac á úsáid san Oileán Úr i bhfad roimh theacht na nEorpach, ach ba nós do na bundúchasaigh Mheiriceánacha srianta éigin a chur leis an úsáid. Mar shampla, d'fhéadfadh an t-asarlaí nó an seaman siabhráin agus mearuithe súl a tharraingt air féin trína lán tobac a úsáid, agus é in ann na siabhráin a chiallú de réir a thuisceana reiligiúnaí féin, ach ní bhlaisfeadh na daoine eile den tobac, ó shílfidís go raibh draíocht ann. Agus ar ndóigh, ba nós le treibheacha áirithe píopa a chaitheamh le séala a chur ar an gconradh síochána. Cibé scéal é, searmanas ar leith ab ea é tobac a chaitheamh, agus ba iad na hEorpaigh ba túisce a rinne nós laethúil de. Tháinig borradh mór ar úsáid an tobac i ndiaidh do James Bonsack an meaisín rollta toitíní a chéadcheapadh sa bhliain 1880.[3] Faoi lár na fichiú haoise, áfach, chuaigh an tuiscint ar feadh an domhain go raibh an tobac thar a bheith dainséarach don tsláinte, agus de réir a chéile, thosaigh na daoine ag éirí as an nós.

An tobac agus an tsláinte[athraigh | edit source]

Glactar leis inniu go bhfuil sé mífholláin ar fad tobac a chaitheamh. Ba iad na heolaithe Gearmánacha ba thúisce a d'aithin chomh dainséarach agus a bhíonn an tobac don tsláinte, thiar sna 1930idí, ach bhí an tuiscint seo an-mhall ag dul i bhfeidhm ar na caiteoirí tobac. Thar aon rud eile, ba sa Ghearmáin Naitsíoch ba thúisce a tháinig an ghluaiseacht in aghaidh an tobac ar an bhfód, agus le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhí na comhghuaillithe den tuairim nach raibh ann ach leannán smaoinimh eile de chuid na Naitsithe, nó bhí a lán idéanna áiféiseacha acu siúd faoi chúrsaí na sláinte mar chuid d'uaisliú an chine. Sa bhliain 1950, áfach, d'fhoilsigh Richard Doll alt tábhachtach ar an British Medical Journal faoin mbaint a bhí ag an tobac le hailse na scamhóg, agus i gceann ceithre bliana eile, dheimhnigh an British Doctors' Study - staidéar a rinneadh ar nósanna caite tobac na ndochtúirí sa Ríocht Aontaithe - go raibh priacal na hailse scamhóg agus an taom croí ní b'airde ag lucht an tobac.[4]

Is iad na scamhóga, an croí agus na bealaí riospráide is mó atá faoi bhagairt ag na galair a bhaineann leis an tobac. Nicitín is cúis leis an dúil nimhe a thugann na daoine don tobac, agus is iad na nimheanna eile is cúis leis an ailse a thagann sna sála ag an andúil. Go bunúsach, is iad na hidreacarbóin aramatacha ilnúicléacha is mó a tharraingíonn ailse ar an gcaiteoir tobac. Is minic a thugtar "tarra" ar na hidreacarbóin seo, nó cineál tarra atá iontu go bunúsach, is é sin, meascán hidreacarbón a úscann as ábhar orgánach agus é ag cráindó.

I ngeall air seo ar fad tá cosc curtha ar chaitheamh tobac in ionaid oibre, tithe tábhairne agus clubanna oíche i mórán tíortha; san Eoraip agus Meiriceá ach go háirithe.

Tagairtí[athraigh | edit source]