Rís

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Féar gránach tábhachtach le panacail oscailte ag cromadh le gráinní iomadúla. An príomhphlanda bia san Áise, a saothraíodh sa tSín roimh 4000 RC. Saothraítear i bpáirceanna báite í, agus tá an iliomad saghsanna oiriúnaithe d'airdí éagsúla uisce. Le blianta anuas, trí chláir taighde póraithe, tá saghsanna nua leathmhionsacha atá rathúil is a tháirgeann barr ar feabhas mór é ar na seansaghsanna. Tá saghsanna oiriúnaithe do thalamh ard nach gá na páirceanna a bhá dóibh, is féidir a fhás i réigiúin níos tirime fionnuaire.