An Afganastáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
د افغانستان اسلامي دولت
دولت اسلامی افغانستان
Da Afghanistan Islami Dawlat
Stát Ioslamach na hAfganastáine
Bratach na hAfganastáine Armas na hAfganastáine
Bratach Armas
Mana: Níl aon cheann ann
Amhrán náisiúnta: Soroud-e-Melli
Suíomh na hAfganastáine
Príomhchathair Cabúl
34°30′ Thuaidh 69°10′ Thiar
An chathair is mó Cabúl
Teangacha oifigiúla Paistis, Peirsis
Rialtas Poblacht Ioslamach
Hamid Karzai
Neamhspleáchas
Fógraithe
ón Ríocht Aontaithe
1919
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
647,500 km² (40ú)
0%
Daonra
 • Meas. ó 2010
 • Daonáireamh -
 • Dlús
 
31,412,000 (40ú)
31ú
46/km² (160ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
U S$21.5 billiún (105ú)
US$800 (185ú)
Airgeadra Afghani (Af) (ARS)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
+4:30 (UTC)
+4:30 (UTC)
Fearann Idirlín .af
Glaochód +93

Tír Áiseach í an Afganastáin (Paistis/Dairi-Pheirsis: افغانستان, Afğānistān). Tá sí suite i lár na hÁise agus í teorainn ar theorainn leis an Iaráin, an Phacastáin, an Tuircméanastáin, leis an Úisbéiceastáin, leis an Táidsíceastáin agus leis an tSín. Is é Cabúl an phríomhchathair. Tá 31.4 milliún duine ina gcónaí sa tír.

Stair[athraigh | edit source]

Tá iarsmaí daonna ar na sléibhte atá níos sine ná caoga míle bliain, agus léiríonn iontaisí plandaí gur thosaigh an fheirmeoireacht i gceantar an Hindu Kush timpeall an ama sin. Creidtear gur ann a rinneadh cré-umha den chéad uair. Bhí bailte á dtógáil thart faoi chúig mhíle bliain ó shin. Meastar gur bunaíodh Cabúl timpeall 1,500 RC.

Timpeall 600 RC bhunaigh Zoroaster creideamh nua aon Dé i mBaictria. I gceann tamaill tháinig cuid mhór den tír faoi smacht impireacht na Peirse. Tar éis d'Alastar Mór an Pheirse a ghabháil chuir sé smacht ar an Afganastáin, agus bhí na Gréagaigh faoi réim ar feadh cúpla céad bliain. D'fhás cultúr ar leith sa tuaisceart a raibh rian an Bhúdachais agus na Gréige air. Impireacht Kushan a tugadh ar an tréímhse sin, ach thit an impireacht as a chéile i 220 AD. Ghlac na Hunaigh seilbh ar an tír i 400 AD agus rinne siad slad; tháinig na Peirsigh i réim arís i 550 AD ach is iomaí éirí amach a bhí ann. Thug na hArabaigh an tIoslamachas chun na tíre i 652.

Bunaíodh impireacht Ioslamach Ghaznavid (962-1140) agus bhí príomháit ag an Afganastáin i sibhialtacht na Muslamach. Nuair a cailleadh Machmad Ghazni i 1030 thit a ríocht as a chéile agus ní raibh cosaint ar bith ag na hAfganastánaigh ar Gheingeas Cán nuair a rinne sé ionradh ar an tír i 1219. Scrios Geingeas Cán an córas uiscithe agus rinne fásach buan de cheantair a bhí an-torthúil tráth.

Bhí Timour-i-Lang i réim ó 1370 go 1404.

Ghlac Afganastánach darbh ainm Buhlul seilbh ar Deilí na hIndia gur bhunaigh sé ríshliocht Lodi. Rinneadh ionradh ar an Afgánastáin ón India ina dhiaidh sin agus bhí dreamanna éagsúla faoi réim ann go dtí gur éirigh le Ahmad Shah Candahar a ghabháil i 1747 agus críocha na hAfgánastáine a aontú. Bhí sé i gcumhacht go dtí 1773 agus impireacht thréan aige. Ach ba mhinic daoine i mbun ceannairce san 18ú haois, agus rinne an Pheirs ionsuithe gan rath.

An 19ú hAois[athraigh | edit source]

Bhí aicmí éagsúla ag dul in adharca a chéile ar feadh na mblianta, agus chaill an Afganastáin smacht ar cheantar na Sinde. I 1833 ghabh na Peirsigh cúige Churasan, ach bhí na hAfganastánaigh ábalta Heireat a chosaint. Ghabh na Saícigh Peiseabhar i 1834 agus ní raibh na hAfganastánaigh ábalta iad a ruaigeadh in ainneoin bhua chath Sheamrud.

Tháinig Dost Mohammad Khan i gcumhacht in 1836 agus é ag athaontú na tíre nuair a d'ionsaigh na Sasanaigh é. Lean an cogadh ar feadh trí bliana nó gur ghéill Dost Mohammad Khan agus gur chuir na Sasanaigh Shah Shuja i gcoróin. Maraíodh é siúd i mí Aibreáin 1842 agus bhí cogadh arís ann. Bhuaigh Akbar Khan ar na Sasanaigh agus níor tháinig ach fear amháin den 16,600 saighdiúir d'arm na Breataine slán. Bhí an Afganastáin neamhspleách arís ach ghabh na Sasanaigh an Bhalúitseastáin, rud a d'fhág an Afganastáin gan chladach gan chósta riamh ó shin.

Bhí cumhacht na Rúise ag méadú ar fud na hÁise ag an am, agus ghabh sí Búcara, Taiscint agus Samarcand i 1865. Leag an Rúis síos teorannacha thuaidh na tíre in 1873 ach cúig bliana ina dhiaidh sin rinne na Sasanaigh ionradh ar an Afganastáin arís. D'fhan siad ann go dtí 1880 agus chaill an Afganastáin a thuilleadh tailte. Rinne na Rúisigh athionsaí i 1885 gur bhain sí tailte eile den tír. Bhí an Bhreatain agus an Rúis ag dul in iomaíocht le chéile chun smacht a fháil ar an tír, ach faoi dheireadh i 1907 rinneadh conradh a d'fhág an Afganastáin lasmuigh de réimse tionchair na Rúise.

An 20ú hAois[athraigh | edit source]

Bhí achrann sa tír ar feadh na mblianta agus ceannairí éagsúla ag iarraidh an tír a chur faoina smacht. D'fhan an Afganastáin neodrach le linn an Dara Chogadh Domhanda. Nuair a d'fhág an Bhreatain an India bunaíodh an Phacastáin ach mhaígh an Afganastáin gur léise cuid den stát nua. Aird níor tugadh uirthi, agus chuaigh sí i bpáirt leis an Rúis i 1955 cheal cabhair a fháil ó na Meiriceánaigh. Ba bheag nach raibh ina chogadh idir í féin agus an Phacastáin faoi chúrsaí teorann. Cuireadh Páirtí Cumannach ar bun go rúnda i 1965 agus faoi 1973 bhí de neart aige dul chun ceannairce: briseadh an Rí agus bunaíodh Poblacht. I 1978 síníodh conradh cairdis leis an Aontacht Shóivéideach ach an bhliain chéanna thosaigh éirí amach Ioslamach.

Bhris cogadh cathartha amach i 1979 agus tháinig fórsaí na hAontachta Sóivéidí thar teorainn isteach. Thug na Meiriceánaigh an-chabhair do na ceannarcaigh Ioslamacha. I Mí na Feabhra 1989, tar éis naoi mbliana den ár, b'éigean do na Sóivéidigh cúlú, rud nár chuir deireadh leis an chogaíocht. Ghabh na Muitsidíní Cabúl ar 15 Aibreán 1992 agus bhunaigh stát Ioslamach. Bhí an Phacastáin agus an Iaráin ag cur a ladair i ngnóthaí na tíre i rith an ama agus lean an chogaíocht ar aghaidh.

Na Talaban[athraigh | edit source]

Bunaíodh na Talaban, míliste Ioslamach, i 1994 le cúnamh na Pacastáine, agus d'éirigh leo cuid mhór den tír a smachtú. Rinneadh léirscrios ar chathracha na tíre agus ghabh an Taliban Cabúl i Mí Mheán Fómhair 1996. Cuireadh mná faoi chois, maraíodh na mílte agus rinneadh cos ar bolg ar mhionlaigh chreidimh. Idir an dá linn bhí uisce faoi thalamh ar siúl i gcónaí ag an Phacastáin agus ag an Iaráin.

Tugadh na Talaban dídean do threallchogaithe Ioslamacha as tíortha eile, agus cuireadh smachtbhannaí ar a rialtas as tearmann a thabhairt d'Osama bin Laden, deargnamhaid Mheiriceá.

Tar éis do ghrúpa bin Ladin, al-Qaida, a mhaíomh gurb iadsan a d'ionsaigh Nua-Eabhrac ar 11 Meán Fómhair 2001 thosaigh na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain ag buamáil áiteanna san Afganastáin a síleadh a raibh al-Qaida ann. Rinne NATO ionradh ar an tír agus faoi 2003 bhí an phríomhchathair gafa acu. Ó shin i leith tá fórsaí ECAT (NATO) sa tír ach tá feachtas treallchogaíochta ar bun ag an Talaban agus ag dreamanna eile i gcónaí.