An Talaban

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Talaban
(ps) طالبان Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach an Talaban Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineáleagraíocht sceimhlitheoireachta
eagraíocht reiligiúnach
eagraíocht mhíleata
gluaiseacht pholaitiúil
eagraíocht pholaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaIoslamachas
والله باذن اقترب دككم ولا ينفعكم الروساء المطبعين (en) Aistrigh
Bunúsaíochas Ioslamach
Deobandi (en) Aistrigh
Pashtunwali (en) Aistrigh
Jihadism (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Reiligiúnan tIoslam Sunnaíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaan eite fhíordheis Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1994, Kandahar Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Mohammed Omar agus Abdul Ghani Baradar Cuir in eagar ar Wikidata
Ócáid shuntasach
2021 1 Bealtaine 2021-2021 Taliban offensive (en) Aistrigh
15 Lúnasa 2021 15 Lúnasa 2021-15 Lúnasa 2021Fall of Kabul (2021) (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ballraíocht70,000 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Ceanncheathrú
Ceanncheathrú
UachtaránachtMohammed Omar (1994–2013)
Akhtar Mansour (2015–2016)
Haibatullah Akhundzada (2016–) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinalemarahenglish.af Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: IslamicEmiirate Youtube: UCF_fUrvSVJcLabN9XRRW8kw Cuir in eagar ar Wikidata

Gluaiseacht Ioslamach de chuid na hAfganastáine is ea an Talaban.

1996-2001[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh an Talaban stát Ioslamach bunúsaíoch san Afganastáin sa bhliain 1996, an 'Éimíríocht Ioslamach na hAfganastáine' mar a thugtaí uirthi.

Ach bhí sárú ar chearta an duine. Gearradh pionóis chorpartha ar dhaoine faoi rialacha éagsúla a shárú.[1] Crochadh, lámhachadh, lascadh agus buaileadh daoine le clocha os comhair an tsaoil i gcaitheamh na mblianta sin. Cuireadh mná faoi chois freisin agus ní raibh cead acu dul ag obair.

Mar sin, le Rún 2513 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 10 Márta 2020,[2] glacadh leis go raibh 'comhréiteach polaitiúil' ag teastáil.

Rinne na Stáit Aontaithe ionradh ar an Afganastáin i mí Dheireadh Fómhair 2001. Tháinig 'Poblacht Ioslamach na hAfganastáine' ar an bhfód, stát a bhí ar teaghrán ag na Stáit Aontaithe.

2021-[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mike Pompeo[3] (SAM) agus an Talaban i mbun cainteanna, 2020

Thréig SAM an tír sa bhliain 2021 agus tháinig an Talaban ar ais i gcumhacht ar 15 Lúnasa 2021.[4][5][6] Bhí na mílte daoine ag teitheadh ón Afganastáin dá bharr sin.[7] Tugadh taidhleoirí agus sibhialtaigh amach as an Afganastáin ar eitleáin mhíleata. Bhí sé ina chíor thuathail timpeall i mí Lúnasa ag an aerfort i gCabúl agus an draoi daoine ag féachaint le teitheadh ón tír.[1] Bhí anord ceart san áit le tamall ó bhailigh na sluaite ag an aerfort ag iarraidh teitheadh.

Thug urlabhraí sinsearach an Talaban le fios ag preasócáid ar 17 Bealtaine nach mbeidís chomh dian ar dhaoine agus a bhí nuair a bhí siad i gcumhacht cheana idir na blianta 1996 agus 2001.[8] Dúirt urlabhraí an Talaban ag an am go mbeadh sé i gceist acu glacadh le cearta ban agus mionlach san Afganastáin feasta "de réir ghnáis na tíre agus suáilcí Ioslamacha."[1] Bhí iarrtha ag an Talaban ar dhaoine oilte gan an tír a fhágáil. Gheall siad nach sáróidh siad cearta daonna aon ghrúpa.[7]

Ina ainneoin sin, bhí go leor de mhuintir na hAfganastáine scanraithe roimh an Talaban agus a gcuid dianpholasaithe. Bhí faitíos ar dhaoine oilte agus ar mhná ach go háirithe nach mbeidh na cearta daonna agus oibre céanna acu faoi réimeas Ioslamach an Talaban agus a bhí faoin iar-rialtas. Mar sin theith daoine ón Afganastáin agus faitíos orthu roimh dhianpholasaithe tiarnasacha an Talaban.[8]

Lean cogadh cathartha ar aghaidh i dtuaisceart na tíre, leis na Panjshir i mbun.[9]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2021-08-17). "Tús arís le haslonnú daoine ón Afganastáin" (as ga). 
  2. Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (10 Márta 2020). "Rún 2513". Dáta rochtana: 2021.
  3. "Mike Pompeo" (as en) (2021-08-04). Wikipedia. 
  4. Nuacht RTÉ (2021-08-16). "Taliban ag maíomh go bhfuil sé i gcumhacht san Afganastáin" (as ga). 
  5. Nuacht RTÉ (2021-08-16). "'Tubaiste mhór an scéal san Afganastáin'-An tAire Coveney" (as ga). 
  6. Ailbhe Ó Monacháin (2021-08-18). "Gael in Arm Mheiriceá an-bhuartha faoi thréigean na Afganastáine" (as ga). 
  7. 7.0 7.1 Nuacht RTÉ (2021-08-18). "Taidhleoirí ag cabhrú le 33 saoránach Éireannach san Afganastáin" (as ga). 
  8. 8.0 8.1 Nuacht RTÉ (2021-08-19). "Daoine fós ag teitheadh ainneoin ghealltanais an Talaban" (as ga). 
  9. "Panjshir resistance" (as en) (2021-08-17). Wikipedia.