An Chartaig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Iarsmaí na Cartaige.
Limistéar faoi smacht na Cartaige thart ar 264 RC.
Léarscáil lár na cathrach i dtréimhse Rómhánach

Ba chathair Fhéiníceach í an Chartaig (Féinícis: Qart-ḥadašt), a bhí lonnaithe i dTuaisceart na hAifrice ar Mhurascaill na Túinéise. Ba iad na Féinícigh a bhunaigh an chathair, de réir an traidisiúin, sa bhliain 814 RC.

Ar dtús, bhí sí ag brath ar an stát Féiníceach Tioras, ach bhain an Chartaig a neamhspleáchas amach thart ar 650 RC agus bhunaigh sí mórcheannas amach ar na lonnaíochtaí Féiníceacha eile ar fud na Meánmhara. Nuair a bhí an chathair in airde a réime, mhéadaigh a tionchar polaitiúil fud fad na Meánmhara Thiar agus bhí sí ar cheann de na moil trádála ba mhó.

Thosaigh turnamh na cathrach Féinícigh leis na Cogaí Púnacha idir Poblacht na Róimhe agus an Chartaig, ón bhliain 264 RC go dtí 146 RC. Ag deireadh an tríú chogaidh bhí an Chartaig áit scríosta go hiomlán ag na Rómánaigh.

Níos mó ná céad bliain, bhí an Chartaig áit thréigthe. Tháinig athfhoirgniú na cathrach sa bhliain 29 RC mar Colonia Iulia Concordia Carthago faoi Impire Ágastas ach ní raibh sí ach amháin cathair Rómhánach choiteann san Impireacht na Róimhe. D'fhás an chathair go tapa agus sa dara aois bhí an Chartaig ar ais arís: an ceathrú cathair ba mhó san Impireacht na Róimhe. Ba iad cathair na Róimhe féin, Cathair Alastair agus an Antioch na cathracha amháin a bhí níos mó ná cathair na Cartaige.

Bhí an Chartaig lárionad na Luath-Chríostaíochta agus cathaoir an easpaig ba thábhachtaí san Iarthar na Impireachta ach amháin an Róimh. Bhí Augustinus as Hippo (354-430) nó Naomh Agaistín, mar a dtugtar air freisin, ina chónaí sa Chartaig ar feadh tamaillín. Thosaigh sé ag freastail mar mhac léinn reitric ar ollscoil na Cartaige sa bhliain 371 . Níos déanaí, bhí sé ag múineadh reitric ar an ollscoil chéanna chomh maith. Nuair a d'ionsaigh na Vandail cathair Hippo sa bhliain 430, fuair Agaistín bás san áit chéanna agus naoi mbliana i ndiaidh sin, ghlac na Vandail seilbh ar an Chartaig freisin.

Beagnach céad bliain i ndiaidh sin, thart ar 532/533, tháinig na Rómhánaigh ar ais chuig an Chartaig agus d'éirigh leo an chathair a ghabháil arís faoi Impire an Oirthir Iustinianus I.

Thosaigh na hArabaigh Mhuslamacha concas ar an Afraic Thuaidh sa bhliain 647 agus thart ar 50 bliain níos déanaí, ghlac siad seilbh ar an Chartaig i gcath na Cartaige sa bhliain 698. Ba é sin an dara huair a scriosadh an chathair go hiomlán agus anois go buan. Tháinig deireadh leis an tSeanaois Chlasaiceach san Afraic Thuaidh le concas agus scríos na Cartaige ag na hArabaigh sa bhliain sin.

Sa lá atá inniu ann, tá fothracha na Cartaige le feiceáil i mbruachbhaile Thúinis, príomhchathair na Túinéise.