Cumarsáid
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is éard atá sa chumarsáid smaointe, faisnéis nó mothúcháin a chur in iúl. Is féidir a rá gur cuid de bhunús na beatha féin í an chumarsáid agus í ar siúl ag na horgánaigh is simplí amach. Tá córas an-chasta cumarsáide in úsáid ag an gcine daonna, cuma más sméideadh beag atá i gceist nó áiseanna aimhréidhe leictreonacha. Ar na saghsanna cumarsáide is mó is dual don aois atá anois ann tá an bholscaireacht agus an fhógraíocht, rudaí ar chuspóir dóibh rud a áitiú ort agus é de chumas acu é a dhéanamh ar chéad bealach, más go híoróineach nó go féinchomhfhiosach féin é. Is mór an cúnamh don chumarsáid an cultúr céanna a bheith ag na daoine atá i gceist, cé gur minic ráite é nach féidir an mhíthuiscint a sheachaint sa chás sin féin. Tá dlúthbhaint ag an gcumarsáid leis an staidéar atá déanta ag fealsúnaithe agus ag anailísí cultúrtha ar nádúr na gcomharthaí agus na samhailchomharthaí.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.

