Tacsanomaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is tacsanomaíocht (ón nGréigis Ársa:τάξις taxis "socrú" agus νομία nomia "modh") ann ná an eolaíocht a bhaineann le haithint agus le hainmniú speiceas, agus le hiad a shocrú in aicmiú faoi leith. Baineann réimse na tacsanomaíochta, uaireanta dá ngairtear "tacsanomaíocht na bitheolaíochta", le cur síos agus úsáid na n-aonad tacsanomaíoch, ar a dtugtar 'tacsóin' (uatha:tacsón). Bíonn tacsanomaíocht ar leith mar thoradh ar an phróiseas ("an tacsanomaíocht de ..."), eagraithe i struchtúr ordlathach nó scéim rangúcháin. Is sampla de rangú nua-aimseartha an ceann a foilsíodh sa bhliain 2009 ag an nGrúpa Fhíligineacht Angaispeirmeach do gach beo-theaghlach de phlandaí bláthanna (An córas APG III).