Aicmiú eolaíoch
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Úsáideann bitheolaithe an lae inniu córas rangaithe nó aicmiú eolaíoch a bhunaigh an bitheolaí Sualannach, Carolas Linnaeus ( 1707-1778). Rangaigh
Linnaeus gach ainmhí agus planda dá raibh ar eolas aige ina saghsanna, agus thug sé sainainm faoi leith ar gach saghas. Is í an Tacsanamaíocht an eolaíocht ina rangaítear rudaí beo. Rangaítear na horgánaigh bheo de réir na gcosúlachtaí/na ndifríochtaí a bhíonn acu/eatarthu.
Go dtí le déanaí, bhí cúig phríomh rangú in úsáid (na Cúig Ríochtaí):
Sa lá atá inniu ann, áfach, bíonn formhór na n-eolaithe den tuairim go bhfuil an rangú seo míchruinn agus as dáta. Baineann Aicmiú Bitheolaíoch leis an eolaíocht córasaíocht bhitheolaíoch.
Rangaítear rudaí beo i dtrí Ríocht san tacsanamaíocht nua-aimseartha mar seo a leanas;
Archaea (i gcéaduair mar Archaebacteria) -- Baictéir (i gcéaduair mar Eubacteria) -- Eukaryota.
[athraigh] Príomh-Aicmiú Tacsanomaíocht
| Príomh-Aicmiú Tacsanomaíocht | |
| Laidin | Gaeilge |
| regnum | ríocht |
| phylum | fíleam |
| divisio | roinn |
| classis | rang |
| ordo | ord |
| familia | fine |
| genus | géineas |
| species | speiceas |