Fungas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fungi
Raon iontaiseach: Deavónach - Úrnua
Fungi collage.jpg
Aicmiú eolaíoch
Fearann: Eocarót
(L., 1753) R.T. Moore, 1980
Ríocht: Fungi
Fo-ríochta/Fílim
Chytridiomycota
Blastocladiomycota
Neocallimastigomycota
Glomeromycota
Zygomycota
Dikarya (+Deuteromycota)
Ascomycota
Basidiomycota

Is Orgánach eocarótach é anFungas, atá ina bhaill den Ríocht Fungi. Grúpa monaifíléiteach is ea na fungais, glaoite na Eumycota ( fíor-fhungais nó Eumycetes), atá éagsúil go fíligheinitiúil ó na slam-mhúscáin (myxomycetes) agus na huisce-mhúscáin (oomycetes). Tá fungais ilcheallacha ann (m.sh. muisiriúin agus beacáin), bíonn cillbhalla citineach acu, agus fásann an chuid is mó díobh filiméid ilcheallacha, glaoite hífí, a mhúnlaíonn mícéiliam. Tá, freisin, fungais aoncheallacha ann (m.sh. giostanna agus múscáin). De gnáth, cuirtear atáirgeadh gnéasach agus éignéasach i gcrích trí sprórú agus go minic bíonn sain-struchtúir nó spórthorthaí bainteach leis. Chaill roinnt díobh a gcumas le haghaidh struchtúr atáirgeach a chruthú, agus nuair a síolraíonn siad ní bhíonn ach atáirgeadh fásúil ar siúl acu. Tugtar an mhíceolaíocht ar an disciplín sa Bhitheolaíocht a bhíonn dírithe ar staidéar na bhfungas, agus is minic a shonraítear é mar chraobh na Luibheolaíochta, cé go bhfuil gaolmhaireacht níos mó idir fungais agus ainmhithe ná plandaí.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí