Frithsheasmhacht i gcoinne Antaibheathach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is Frithsheasmhacht i gcoinne Antaibheathach ann ná an tslí gur féidir le baictéir agus míocróib cur i gcoinne éifeacht na n-antaibheatach. Táthar den tuairim go bhfuil bagairt ann nach mbeidh aon éifeacht ag cuid de na hantaibheathaigh amach anseo. Tá roinnt ag tuar go mbeidh an chuid is mó acu as feidhm in imeacht roinnt glún eile. Is beag cineál antaibheathach a rinneadh fionnachtain air le tamall de bhlianta anois i ngeall ar an gcostas a bhaineann leis is cuireann seo leis an bhfadhb.

Bealaí leis an bhFadhb a sheachaint[athraigh | edit source]

Leis an gcríoch seo a sheachaint ba chóir leas níos fearr a bhaint as tástálacha diagnóisíocha le pataiginí agus an cineál frithsheasmhachta atá acu a chinntiú roimh chógais a ordú. Bíonn forbairt vacsaíní leis, ina chabhair, mar gur féidir leis cinntiú nach mbeidh galar ar leith ag duine agus nach mbeidh gá dul i muinín na n-antaibheathach. An tslí is fusa ar fad, áfach, dul i ngleic leis, ná láimhseáil cheart a dhéanamh ar na drugaí atá againn faoi láthair.

De bharr nach bhfuil seo á dhéanamh tá ar na heolaithe iarracht a dhéanamh drugaí úra cliste a chumadh le dul i ngleic leis na baictéir. Toisc go ndéanann baictéir éabhlóid an-mhear ar fad is deacair fanacht i bhfad chun tosaigh orthu ó thaobh antaibheathach, ach go háirithe agus cineálacha éagsúla tagtha chun cinn a bhfuil frithsheasmhacht acu i gcoinne na n-antaibheathach is cumhachtaí ar fad. Fós féin tig díriú isteach ar úrchruthú antaibheathach, nó fiú víris a thabhairt do na baictéir (tá siad so-ghabhálach i leith víreas).

Tá taighdeoirí in Ollscoil Luimnigh ag tabhairt aghaidhe ar an gcaoi gur féidir le baictéar amháin a bhfuil frithsheasmhacht aige i gcoinne druga, atáirgeadh agus sliocht de na milliúin a chruthú in aon lá amháin. Tá ráite acu go bhfuil antaibheathach s’acu in ann baictéir atá ar tí a n-atáirgthe a aithint is a mharú. Chomh maith bítear ag caint ar bhaictéarafagaigh, a itheann baictéir, mar leigheas ar an ngéarchéim, ach is iomaí fadhb lena gcomhoiriúnú.

An rud is tábhachtaí gur féidir leis an bpobal a dhéanamh ná treoracha an lia-chleachtóra a leanúint; réimse cógais a chomhlíonadh san iomlán, agus gan iad a ghlacadh ach amháin sa chás a bhfuil gá leo.