Paul Ehrlich

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Baictéareolaí a saolaíodh i Strzelin na Polainne ab ea Paul Ehrlich (1854-1915). Ceannródaí i réimsí éagsúla—haemaiteolaíocht, imdhíoneolaíocht, agus ceimiteiripe —a d'aimsigh leigheas ar an tsifilis. Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine i 1908 le Ilya Mechnikov as a gcuid oibre ar imdhíonacht.