John Tyndall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a saolaíodh i Leithghlinn an Droichid, Contae Cheatharlach, ab ea John Tyndall (1820-1893). Ball den tSeirbhís Ordanáis in Éirinn (1839) agus Sasana (1842), ina innealtóir iarnróid (1844-1847). Ceapadh ina Chomhalta den Chumann Ríoga é i 1852, ina ollamh san Institiúid Ríoga i 1853. Ba chomhghleacaí ansin le Michael Faraday é, agus tháinig sé i gcomharbacht air mar stiúrthóir (1867). Rinne sé taighde suntasach ar an iliomad ábhar tábhachtach, ina measc iompar criostal i réimse maighnéadach is faoi bhrú, radaíocht teasa, teocht is radaíocht na gréine, na himoibrithe idir solas na gréine agus na gáis san atmaisféar, agus scaipeadh solais le páirteagail san atmaisféar. Mhínigh sé cén fáth go bhfuil an spéir gorm, agus an iarmhairt cheaptha teasa (iarmhairt an teach gloine) san atmaisféar de thoradh an dé-ocsaíd charbóin ann. Thaispeáin sé go bhfuil páirteagail deannaigh is páirteagail bheo san aer, agus thug isteach iarmhairt Tyndall is scaipeadh Tyndall. Chabhraigh sé le bunú an iris cháiliúil eolaíochta Nature (An Dúlra) i 1869. Ceannródaí sa scríbhneoireacht eolaíochta do ghnáthdaoine. Scríobh sé beathaisnéis Faraday, Faraday as a Discoverer (Faraday mar Fhionnachtaí, 1868), Glaciers of the Alps (Oighearshruthanna na nAlp, 1860) agus Fragments of Science for Unscientific People (Blúirí Eolaíochta do Dhaoine gan Eolaíocht, 1871).