Polladh lumbach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cur isteach snáthaide idir na veirteabraí sa chaoldroim (an réigiún lumbach) agus isteach sa spás caol idir an dá chiseal inmheánacha scannán a thímpeallaíonn corda an dromlaigh is fréamhacha na néaróg ann. Déantar é seo chun sampla den sreabhán ceirbrispíonach a fháil le hanailísiú chun ionfhabhtú (mar shampla, i gcás meiningítise) nó cur fola (mar a tharlaíonn i rith fola fo-aracnóideach) a dhiagnóisiú.