Lille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lille
Ville de Lille
Lille

Place du Général de Gaulle, nó 'Grand'Place'

Suíomh

50°37′ Thuaidh 3°03′ Thoir

Rialtas
Tír: Flag of France.svg An Fhrainc
Réigiún: Nord-Pas de Calais
Méara: Martine Aubry (PS)
Déimeagrafaic
Achar: 39.51 km²
Daonra: 226,800
Dlús daonra: 5,470/km²/km²
www.mairie-lille.fr

Is cathair i dtuaisceart na Fraince í Lille, príomhchathair Lille-Metropole. Tá sí ar an gceathrú limistéar ceannchathartha is mó sa Fhrainc. Tá Lille suite cois Deûle agus í gar do theorainn na Beilge. Is í príomhchathair réigiúin an Nord-Pas de Calais í agus is í príomhchathair an départment Nord í freisin.

Bhí 226,800 duine ina gcónaí sa chathair sa bhliain 2005 agus bhí 1,091,438 duine ina gcónaí in Lille-Metropole.

Is crosbhealach tábhachtach í Lille i gcóras iarnród na hEorpa - bíonn an Eurostar ag stopadh ann idir Londain agus Páras agus baineann an chathair le gréasán iarnród mórluais na Fraince freisin.

Tagairtí[athraigh | edit source]