Benito Mussolini
| Benito Mussolini | |
|
40ú Presidente del Consiglio dei Ministri
(Ó 1925 mar Duce) |
|
| In oifig 31 Deireadh Fómhair, 1922 – 25 Iúil, 1943 |
|
| Réamhtheachtaí: | Luigi Facta |
| Comharba: | Pietro Badoglio |
|
Ceannaire Repubblica Sociale Italiana
|
|
| In oifig 23 Meán Fómhair, 1943 – 26 Aibreán, 1945 |
|
|
|
|
| Dáta breithe | 29 Iúil, 1883 |
| Predappio, An Iodáil | |
| Dáta báis | 28 Aibreán, 1945 |
| Giulino di Mezzegra | |
| Páirtí | PNF |
| Céile | Rachele Mussolini |
| Síniú |
|
B'é Benito Amilcare Andrea Mussolini, deachtóir na hIodáile agus bunaitheoir an Fhaisisteachais. Rugadh é i Dovia di Predappio, Forlì, ar an 29 Iúil 1883 agus cuireadh chun báis é i Giulino di Mezzegra, Como, ar an 28 Aibreán 1945. Bhí sé i gceannas ar an Iodáil idir 1922 agus 1943.
Mac le gabha dubh Sóisialach ab ea é Mussolini. Rugadh i réigiún ar a dtugtar Romagna é agus bhí cáil ar an réigiún sin mar gheall ar fhoréigean a bhain le cúrsaí talún. Cuireadh athair agus seanathair Mussolini sa phríosún de bharr gur Shóisialaithe iad. Bhí sé ina Shóisialach freisin nuair a bhí sé óg, ach tháinig athrú ar a chuid smaointí polaitiúla le linn an Chéad Chogadh Domhanda.
Bhunaigh Mussolini an Fasci Italiani di Combattimento i 1919, a athraíodh go dtí Páirtí Náisiúnta na bhFaisisteach i 1921. Chabhraigh fadhbanna eacnamaíochta agus neamhsheasmhacht pholaitiúil na hIodáile iar-chogaidh le fás na Faisistigh agus tháinig Mussolini chun cumhacht i 1922 ar iarratas Rí Victor Emmanuel III tar éis an Máirseáil ar an Róimh.
Thug sé an Iodáil isteach sa Dara Cogadh Domhanda sa bhliain 1940, agus bhí an cogadh tubaisteach don tír. Bhí Mussolini curtha as cumhacht sa bhliain 1943 nuair a thosaigh na Comhghuaillithe ag déanamh ionsaithe ar an tír.
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |