Ealaín
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Oilteacht an bhunbhrí a bhí le hEalaín sa Ghaeilge ach dála a comhbhríonna i dteangacha eile tá an bhunbhrí seo ag leathnú an t-am ar fad agus sa lá atá inniu ann san Eoraip is ionann ealaín agus táirge ar bith de chuid na samhlaíochta a dhíritear ar an tsamhlaíocht féin.
Ó Athbheochan an Léinn anall ba ghnách san Eoraip na Míndána i.e. ealaíona na péintéireachta, na líníochta, na dealbhóireachta agus na hailtireachta, a dhealú amach ó na hEalaíona Feidhmeacha, ealaíona a cuireadh i bhfeidhm ar earraí chun iad a mhaisiú; ach bhí seo bunoscionn le dearcadh cultúr agus sibhialtachtaí eile agus le dearcadh na hEorpa féin roimhe sin.
De réir an Choincheapúlachais, fealsúnacht ealaíne a tháinig chun cinn tar éis an Dara Chogadh Domhanda, is féidir le duine ar bith a bheith ina ealaíontóir agus is féidir le rud ar bith a bheith ina théama i saothar ealaíne. Meán chun pearsantacht, braistintí nó spiorad an ealaíontóra a léiriú atá san Ealaín de réir na teoirice seo. Is é an t-ealaíontóir ábhar a chuid ealaíne féin, murab ionann agus an scéal i dtraidisiúin nó i bhfealsúnachtaí ealaíne san am a chuaigh thart. Sainmhíniú de chuid an Iarthar é seo, ar ndóigh, agus gan baint aige le formhór na dtraidisiún eile. Bhí aidhmeanna dá gcuid féin acu siúd. Neamh agus an Domhan a nascadh le chéile ba chuspóir do Phéintéireacht na Síne, mar shampla, agus níor mhór duit dianstaidéar agus dianmhachnamh a dhéanamh roimh duit tabhairt faoin obair.
Déantar cineálacha difriúla de léiriú ealaíonta a rangú mar a leanas:
Nádúrachas, agus iarracht á déanamh ar an ábhar a léiriú mar a fheiceann an tsúil é.
Teibíochas, agus an t-ábhar á léiriú trí stíliú agus trí fhíoracha neamhnádúrtha.
Neamh-oibiachtúlachas, agus mothúcháin á spreagadh sa lucht féachana le dathanna agus le fíoracha, díreach mar a dhéanann an ceol.