Leo Tolstoy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLeo Tolstoy

(1908) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ru) Толсто́й Лев Никола́евич
Beathaisnéis
Breith28 Lúnasa 1828 (Iúlach)
Yasnaya Polyana (Impireacht na Rúise)
Bás7 Samhain 1910 (Iúlach)
82 bliana d'aois
Astapovo (Impireacht na Rúise)
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
Áit adhlacthaYasnaya Polyana Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaChristian anarchism (en) Aistrigh, síochánachas agus Georgism (en) Aistrigh
ReiligiúnCeartchreidmheach an Oirthir, Tolstoyan movement (en) Aistrigh agus An Chríostaíocht
Scoil a d'fhreastail sé/síKazan Imperial University (en) Aistrigh - dlí Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheYapeeva Street (en) Aistrigh
Dzerzhinsky Street, 11/2 (en) Aistrigh
Tolstoy Urama, 25/68 (en) Aistrigh
Pyatnitskaya Street (en) Aistrigh
Lev Tolstoy Street (en) Aistrigh
Denezhnyy Lane (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan Rúisis
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht agus ficsean
Suíomh oibre Impireacht na Rúise Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir litríocht pháistí, dialannaí, scríbhneoir próis, iriseoir tuairime, scríbhneoir aistí, úrscéalaí, oideolaí, drámadóir, fealsamh, Easparantóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1847 –  1910
FostóirAcadamh Eolaíochtaí Saint Petersburg Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraGearrscéal, úrscéal gairid, úrscéal agus drámaíocht
GluaiseachtRéalachas liteartha
Mac/iníon léinnVasily Morozov agus Isaak Feynerman
Faoi thionchar
Ainm cleiteЛ. Н. Т.
Л. Н. Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Rúisis
Saothar
Saothar suntasach
Eile
Teideal uasalGraf Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachTolstoy family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileSophia Tolstaya (1862–1910) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteSergey Tolstoy, Maria L'vovna Tolstaya, Andrey Tolstoy, Mikhail Tolstoy, Lev Lvovich Tolstoy, Tatyana Sukhotina-Tolstaya, Ilya Tolstoy, Alexandra Tolstaya Cuir in eagar ar Wikidata
AthairNikolay Tolstoy  agus Mariya Volkonskaya
SiblínMariya Tolstaya agus Nikolay Tolstoy
Duine muintearthaIlya Andreyevich Tolstoy (garmhac)
Tatyana Tolstoy-Paus (gariníon)
Nikita Ilyich Tolstoy (fionnó)
Fyokla Tolstaya (en) Aistrigh (great-great-granddaughter (en) Aistrigh)
Viktoria Tolstoy (great-great-granddaughter (en) Aistrigh)
Pyotr Olegovich Tolstoy (great-great-grandson (en) Aistrigh)
Vladimir Tolstoy (great-great-grandson (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Ciontaíodh ieiriceacht Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Márta 1933-Deireadh Fómhair 1933Nazi book burnings (en) Aistrigh
Deireadh Fómhair 1853-Feabhra 1856Cogadh na Crimé Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú


Veu de Leo Tolstoy (an Rúisis) Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáintolstoy.ru Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0866243 Allocine: 37181 Rottentomatoes: celebrity/leo_tolstoy Allmovie: p218718 Metacritic: person/leo-tolstoy TV.com: people/leo-tolstoy IBDB: 82628 AFI: 97358
iTunes: 398223035 Musicbrainz: 8a2f71c8-ccbe-42de-a2fa-2490fc015374 Discogs: 1959791 IMSLP: Category:Tolstoy,_Leo Find a Grave: 1438 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Rúiseach ab ea Leo Tolstoy, nó an Cunta Leo Nikolayevich Tolstoy (Rúisis: Лев Никола́евич Толсто́й​, fuaimniú). Rugadh in Yasnaya Polyana, in aice le Tula dhá chéad ciliméadar ó dheas ó Mhoscó é ar an 9 Meán Fómhair 1828, agus fuair sé bás in Astapovo ar an 20ú Samhain 1910. I ndiaidh Réabhlóid na Rúise, d'athraigh na húdaráis ainm Astapovo go Lev Tolstoy i ndilchuimhne ar an scríbhneoir. Úrscéalaí agus prós-scríbhneoir a bhí ann, agus áirítear ar rogha úrscéalaithe na litríochta domhanda é.

I ndiaidh dó a chuid mórshaothar a chríochnú, chuaigh Tolstoy le fealsúnacht shíochánachais dá dhéantús féin, agus bhí tionchar mór ag a chuid smaointí faoin bhfrithbheartaíocht shíochánta ar dhaoine mór le rá cosúil le Mahatma Gandhi agus Martin Luther King, Jr.

Is é an mórúrscéal eipiciúil úd Война и мир/Voyna i mir ("Cogadh is Síocháin") príomhshaothar an scríbhneora. Sa leabhar seo, tugann sé cur síos ar an dóigh a ndeachaigh ionsaí Napoléon ar an Rúis i bhfeidhm ar shaol na Rúiseach. Mórúrscéal eile é Анна Каренина/Anna Karenina. Scríobh sé tríológ dhírbheathaisnéiseach freisin, Детство - Отрочество - Юность/Detstvo - Otrochestvo - Yunost´ ("Aois an Linbh - Aois an Stócaigh - Aois an Ógánaigh"). Leag sé amach a fhealsúnacht phearsanta i leabhair ar nós Исповедь/Ispoved´ ("Faoistin"), В чём моя вера/V chom moya vera ("Céard is creideamh dom"), Царство Божие внутри вас/Tsarstvo Bozhie vnutri vas ("Tá ríocht Dé istigh ionaibh") agus Воскресение/Voskresenie ("Aiséirí").

A Shaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Lev Nikolayevich Tolstoy, ar a dtugtar "Leo Tolstoy" nó "Leon Tolstoy" sna teangacha Iartharacha, chun saoil in Yasnaya Polyana, teach mór in aice le cathair Tula. Teaghlach iomráiteach uasal ab ea muintir Tolstoy, agus bhí Lev óg ar an gceathrú duine clainne dár rugadh don Chunta Nikolay Ilyich Tolstoy agus dá bhean chéile, Mariya née Volkonskaya. Seansaighdiúir ab ea a athair a bhain amach clú agus cáil ag cur cogaidh ar thrúpaí Napoleon nuair a d'ionsaigh siad an Rúis sa bhliain 1812. Fuair tuismitheoirí Lev bás nuair nach raibh sé ach ina bhuachaill beag, agus ba iad gaolta a thuismitheoirí a thug suas é. Sa bhliain 1844 chuaigh Lev óg ag staidéar an dlí agus teangacha an Oirthir in Ollscoil Kazan, ach ní raibh maith ar bith ann don staidéar, agus d'éirigh sé as sula raibh céim ar bith bainte amach aige. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé le cearrbhachas, agus nuair a bhí sé báite i bhfiacha ar fad, fuair sé riachtanach dul sna saighdiúirí agus páirt a ghlacadh sa chogadh a bhí arm na Rúise ag cur ar na treibheanna beaga Cugasacha san am. Faoin taca seo a thosaigh sé ag scríbhneoireacht.

Ba é an tréimhse san arm agus an dá chuairt a thug sé ar an Eoraip sa dara leath de na 1850idí a rinne duine eile ar fad de Tolstoy. Sa bhliain 1857 chonaic sé príosúnach á chur chun báis go poiblí i bPáras. Bhain an radharc sin an-stangadh as, agus tháinig sé ar an gconclúid nach raibh i rialtas ar bith ach comhcheilg in aghaidh na cosmhuintire.