Litríocht na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I nGaeilge agus i Laidin atá litríocht luath na hÉireann. Cé gurb í litríocht Bhéarla na hÉireann an ceann is mó clú anois, is mó go mór an tábhacht atá le litríocht na Gaeilge sa tréimhse is luaithe, agus í ar na litríochtaí iarchlasaiceacha is sine san Eoraip.

Is ón mbéaloideas a thagann an chuid is mó de sheanlitríocht phróis na Gaeilge: scéalta faoi Chú Chulainn, faoi Fhionn Mac Cumhaill agus faoi na Fianna, mar shampla. Chomh maith leis sin tá filíocht fíorálainn ann. Dealraíonn sé gurb iad na manaigh a thosaigh ag cur an ábhair seo ar pár agus gur ghearr go ndeachaigh an t-aos dána féin i mbun pinn. Tháinig traidisiún tréan liteartha ann agus Gaeilge na scol, canúint aontaithe liteartha, á húsáid chuige. Lasmuigh den traidisiún "oifigiúil" bhí dánta galánta grá á scríobh ag fir agus ag mná. Mar seo a lean an scéal anuas go dtí an 17ú haois, agus an fhilíocht ar tosach i gcónaí. Bhí Béarla á úsáid sna bailte móra, ach ar éigean a bhí tábhacht leis in Éirinn i gcúrsaí litríochta nó gur mheath cumhacht na seanuaisle agus gur daingníodh an Béarla níos forleithne sa tír.

Fiú amháin sa 17ú haois bhí scoth litríochta á cumadh i nGaeilge, leithéid shaothar Sheathrúin Chéitinn, agus bhí bláthú éigin san 18ú haois féin, nuair a tháinig blas níos coitianta ar an litríocht, cé gurbh fhurasta rian na seanghalántachta a aithint fós uirthi. Ach lean an Béarla uirthi ag borradh sa 19ú haois, agus gan léamh agus scríobh na Gaeilge ag mórán faoin am sin. Thosaigh litríocht shuntasach Bhéarla ag teacht chun cinn. Faoi dheireadh na haoise, áfach, bhí gluaiseacht faoi lánseoil ar chuspóir di spéis na ndaoine sa Ghaeilge a mhúscailt arís, agus dá bhrí sin roghnaigh a lán daoine mar uirlis litríochta í. Socraíodh gurbh í "caint na ndaoine" an modh ceart scríbhneoireachta, agus sa chéad chuid den 20ú haois bhí scríbhneoirí an-nótálta ann, go háirithe Máirtín Ó Cadhain. Ach ba é an Béarla príomhtheanga na tíre agus na litríochta faoin am sin, agus gach údar eile faoi scáth an deoraí James Joyce (cé gur féidir an Cadhnach a chur i gcomparáid leis ina lán slite).

Faoi láthair aithnítear ar fud an domhain go bhfuil litríocht shonrach Éireannach ann agus í scríofa i mBéarla. Is beag léitheoir a bhfuil a dhóthain Gaeilge aige chun blas a fháil ar litríocht na teanga úd, cé go bhfuil saothair á bhfoilsiú inti i gcónaí. Tá foinse dhomhain á cailleadh aici le meath na Gaeltachta, agus tá sí á hathdhaingniú sna cathracha fós. I gcás an Bhéarla, caithfidh scríbhneoirí Éireannacha, dá fheabhas iad, glacadh leis go ndéanann an teanga fhorleathan úd scríbhneoirí réigiúnacha díobh, rud nach bhfuil go dona ann féin. Is iomaí duine díobh a tharraing clú air féin, agus gan Joyce a lua ar chor ar bith - William Butler Yeats, James Joyce, Patrick Kavanagh, William Trevor, Seamus Heaney, Paul Muldoon agus Seán O'Casey. Tá Liam Ó Flaithearta orthu siúd a scríobh sa dá theanga.

Féach freisin ar[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]