Fiannaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá san Fhiannaíocht ná an chraobh den scéalaíocht dhúchasach a phléann le Fionn mac Cumhaill agus na Fianna. An chraobh is bisiúla díobh uile. Téann na scéalta seo i bhfad siar i seanchas agus i litríocht na nGael agus tá siad ar eolas ó Éirinn agus ó Albain. Tá roinnt iarsmaí ar eolas ó Oileán Mhanann chomh maith. Bhíodh an-chion go deo ag Ghaeil ar na scéalta fiannaíochta ar feadh breis agus míle bliain agus d’fhág siad a rian ar an teanga le nathanna ar nós ‘cothrom na Féinne.’ Is cosúil gur tháinig fás ar an seánra i dtréimhse na Meán-Ghaeilge (900-1200AD). I dteannta na scéalta bhíodh dánta Fiannaíochta thar a bheith coitianta. Bhídís scríofa i meadaracht ar leith agus thugtaí Laoithe orthu. Dhéantaí iad a chantaireacht síos go dtí ár linn féin.

Scéalta Fiannaíochta[athraigh | edit source]

Téacsanna Tábhachtacha Fiannaíochta[athraigh | edit source]

I measc na téacsanna nó díolaim thábhachtacha den sheanchas Fiannaíochta a mhaireann seasann Agallamh na Seanórach amach mar shárshaothair. Téacs ó dheireadh ré na Meán-Ghaeilge (c. 1100) atá ann. Tá breis agus dhá chéad aistí ann idir scéalta agus laoithe a chuirtear i láthair i bhfoirm agallaimh idir Pádraig Naofa agus Oisín mac Fhinn.

Téacs barrthábhachtach eile is ea an Duanaire Finn, cnuasach mór de laoithe Fiannaíochta a cuireadh le chéile don Chaptaen Somhairle Mac Domhnaill sna blianta idir 1626-1627 nuair a bhí sé lonnaithe in Ostend na hÍsiltíre

Ar phríomhcharachtair na Fiannaíochta bíonn :

Seo sampla de Laoi Fiannaíochta a bhí i mbéal gach Gael tráth :

MIANA FHINN MHIC CUMHAILL

(Oisín a chan)

Ba mhian re Fionn na bhflath
Siansán a chon a bhfad ar shliabh,
Coin allta ag fághbháil chuain,
Mórdháil a shluaigh ba h-é a mhian.
Mian mhic Cumhaill ba mhaith gnaoi
Éisteacht re faoidh dordáin Deirg,
Codladh fa shruth Easa Ruaidh
‘S fiadh Gaillmhe na gcuan do sheilg.
Scaltarnach loin Leitreach Laoi
Tonn Ruadhraighe ag buain re tráigh,
Dordán an daimh ó Mhaigh Mhaoin,
Búireadh an laoigh ó Ghleann dá mháil!
Foghar seilge Sléibhe gCrot,
Fuaim na n-os uim Shliabh gCua,
Mongháir faoileann Iorrais thall,
Gáir na mbadhbh os cionn na sluagh!
Túrnamh creat na mbarc re tuinn
An-uaill chonairt de Dhruim Lis,
Briathra Bhrain i gCnoc an Áir
‘S gáir na sreabh uim Shliabh Mis.
Glaodh Oscair ag dul do sheilg,
Guth gadhar ar Leirg an bhFiann,
Bheith ‘na shuidhe i measc na ndámh
Ba h-é sin de ghnáth a mhian!

Faoidh : fuaim Os : fia

Leabhair[athraigh | edit source]