Nuala Ní Dhomhnaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Nuala Ní Dhomhnaill
NualaNíDhomhnaill,Béal Feirste,080510.JPG
Dáta breithe 1952
  Lancashire, Sasana
Náisiúntacht Éireannach
Gairm Scríbhneoir, file
Seánra Filíocht, drámaíocht, aistí, srl
Duaiseanna Duais Filíochta Uí Sheachnasaigh (1988), Gradam an Fhorais Chultúir Ghael-Mheiriceánaigh (1991)

Is file Éireannach í Nuala Ní Dhomhnaill.

Saol[athraigh | edit source]

Rugadh i Lancashire Shasana í sa bhliain 1952. B'Éireannaigh iad a tuismitheoirí. Nuair nach raibh ach cúig bliana slánaithe aici bhog sí go Ceann Trá agus chónaigh lena haintín ar feadh dhá bhliain sular lean a tuismitheoirí í. Chomh maith le Gaeltacht Chorca Dhuibhne chaith sí tréimhsí i Luimneach agus in Aonach Urmhumhan le linn a hóige. Uncail léi is ea Pádraig Ó Fiannachta. Nuair a d'fhág sí Corca Duibhne chun dul go dtí an tAonach ar dtús bhí ionadh uirthi go raibh teanga eile, seachas an Ghaelainn, á labhairt. Uair amháin labhair banaltra san ospidéal Béarla léi agus d'fhiafraigh sise dá hathair: "Cad ina thaobh go bhfuil sí seo ag labhairt Béarla liomsa? Nach í seo Éire?". D'fhreastail sí ar mheánscoil i gCnoc na Labhras i gCathair Luimnigh agus bhain sí BA amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh idir 1969 agus 1972. Bhí sí ar bhaicle Innti agus mhait tionchar na tréimhse sin ina cuid filíochta. Rinne sí an tArd-Teastas san Oideachas sa bhliain 1973. Phós sí geolaí Turcach, Dogan Leflef, tar éis di e sin a dhéanamh agus chaith seacht mbliana thar lear. Ar dtús chuaigh an lánúin óg go dtí an Ollainn, áit a raibh Dogan ag críochnú dochtúireachta agus ansan thugadar aghaidh ar an Tuirc sa bhliain 1975. Fuair Nuala post mar mhúinteoir Béarla sa Middle East Technical University nó Orta Doğu Teknik Üniversitesi ("Ollscoil Theicniúil an Mheánoirthir"), in Ancara agus thaitin an tír léi.

Bhí taithí agam ar mhuintir na Tuirce atá ana-fháiltiúil agus atá ana-mhuinteartha. Bhíomar go léir chomh bocht, is ar éigin go raibh aon mhaoin saolta ag daoine, agus, dá bhrí sin, an t-aon rud a bhí agat ná caradas.

D'éirigh coimhlint idir an eite chlé agus an eite dheis ní ba mheasa le himeacht ama, áfach, agus ghéaraigh ar a míshuaimhneas dá bharr, go mór mhór anois agus beirt leanaí aici. Cheap sí freisin go raibh an Ghaelainn "ag éalú uaithi".

Sa bhliain 1980 dhíol an lánúin an troscán uile chun ticéid eitleáin a cheannach agus d'fhilleadar ar Éirinn. Tá cónaí ar Ní Dhomhnaill agus a fear céile gar do Bhaile Átha Cliath anois, agus tá ceathrar clainne acu.

Filíocht[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1981 a foilsíodh cnuasach dá fílíocht Ghaeilge den chéad uair: An Dealg Droighin (1981). Glacadh léi mar bhall d'Aosdána.

Tá filíocht Ní Dhomhnaill tagtha in inmhe ach maireann tionchar thréimhse Innti ina dánta. Samhlaíocht agus béaloideas agus na sean-amhráin a bhíonn aici mar thobar dá cuid saothair. Go minic, cuirteann sí sainchomharthaí an bhéaloidis agus gnéithe den saol nua-aimseartha i gcodarsnocht lena chéile. Dar léi, "‘Myth is a basic, fundamental structuring of our reality, a narrative that we place on the chaos of sensation to make sense of our lives’. Tá féith an ghrinn agus rian den fheimineachas le brath ar chuid dá saothair chomh maith.

Is iomaí duais a bronnadh uirthi in Éirinn agus go hidirináisúnta.

Tá dánta lé Ní Domhnaill le fáil san iliomad díolaimí ach seo iad na cnuasaigh aonair: An dealg droighin (Corcaigh: Mercier, 1981); Féar suaithinseach (Maigh Nuad: An Sagart, 1984); Feis (Maigh Nuad: An Sagart, 1991); Spíonáin is róiseanna (leabhar agus caisead) (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 1993); Cead aighnis (Maigh Nuad: An Sagart, 1999).

Is iomaí cnuasach filíochta, dráma do pháistí, script scannán, díolaim, alt, léirmheas agus aiste atá foilsithe aici. I measc a saothar eile tá Féar Suaithinseach (1984); Feis (1991), agus Cead Aighnis (2000), cnuasach ina bhfuil dánta faoi shlua atá ag cur fúthu faoin bhfarraige darbh ainm na Murúcha.

Aistriúcháin[athraigh | edit source]

I nGaeilge amháin a scríobhaíonn sí féin, ach cuireann sí fáilte roimh aistriúcháin. Is aoibhinn léi an teanga agus dar léi ‘Irish is a language of beauty, historical significance, ancient roots and an immense propensity for poetic expression through its everyday use’. Tá Béarla, Tuircis, Fraincis, Gearmáinis agus Ollainnnis ar a toil aici freisin.

Tá aistriúcháin dá dánta go Béarla le fáil i Rogha Dánta/Selected Poems (1986, 1988, 1990); The Astrakhan Cloak (1992), agus The Fifty Minute Mermaid (2007). Foilsíodh Selected Essays sa bhliain 2005. Ba é Micheál Ó hAirtnéide a d'aistrigh Rogha dánta / Selectedpoems aistrithe ag Michael Hartnett (BÁC: Raven Arts, 1988). Ar na haistriúcháin eile tá Pharaoh's daughter (An Mhí: Gallery Press, 1990) ina raibh roinnt dánta nua móide aistriúcháin le daoine éagsúla; The Astrakhan Cloak (Oldcastle: Gallery Press, 1992) ina raibh dánta nua móide aistriúcháin le Paul Muldoon; agus The Water Horse (Oldcastle: Gallery Press, 1999) ina bhfuil aistriúcháin le Medbh McGuckian agus Eiléan Ní Chuilleanáin.

Tá aistriúcháin le fáil i bhFraincis, i nGearmáinis, i bPolainnis, in Iodáilis, in Ioruais, in Eastóinis agus i Seapáinis freisin.

Aistríonn filí mór le rá mar Seamus Heaney, Paul Muldoon agus Michael Longley a cuid filíochta. Tá sí réasúnta sásta leis na haistriúcháin atá déanta ar a saothar ach deir sí go dtéann filí áirithe ar strae an iomarca óna bundán. Deir sí, áfach, go dtaitníonn cuid aistriúchán Paul Muldoon léi thar aistriúcháin aon duine eile, cé go bhfágann sé rian láidir ar a saothar.[1]

Leabharliosta[athraigh | edit source]

  • An Dealg Droighin (Cló Mercier, 1981)
  • Féar Suaithinseach (Maigh Nuad, 1984)
  • Jimín (dráma do pháistí, BÁC, 1985)
  • Rogha Dánta/Selcted Poems (Raven Arts, 1986, Aistriúcháin le Michael Hartnett)
  • Feis (Maigh Nuad, 1991)
  • Pharaoh's Daughter (1990)
  • The Astrakhan Cloak (1992, Aistriúcháin le Paul Muldoon)
  • Spíonáin is róiseanna (Cló Iar-Chonnachta, 1993)
  • Cead Aighnis (An Sagart, An Daingean, 1998)
  • The Water Horse: Poems in Irish (Gallery, 1999, Aistriúcháin le Medbh McGuckian agus Eiléan Ní Chuilleanáin)

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]