Pádraig Ó hIrighile
| Pádraig Ó hIrighile | ||
|
|
||
|
6ú Uachtarán
|
||
| I bhfeidhmeannas: | 3 Nollaig 1976 – 2 Nollaig 1990 | |
| Uimhir tréimhsí: | 2 | |
| Réamhtheachtaí: | Cearbhall Ó Dálaigh | |
| Comharba: | Máire Mhic Róibín | |
| Ainmnithe ag: | Fianna Fáil | |
| Iarrthóirí eile: | Duine ar bith | |
|
|
||
| Dáta breithe: | 2 Bealtaine 1923 | |
| Áit bhreithe: | An Chláir, Éire | |
| Dáta báis: | 12 Aibreán 2008 | |
| Áit bháis: | Baile Átha Cliath, Éire | |
| Céile: | Meadhbh Uí Irighile (Maeve Hillery) | |
| Gairm: | Dochtúir leighis, polaiteoir | |
Polaiteoir Éireannach, agus iar-Uachtarán ar Phoblacht na hÉireann ab ea an Dochtúir Pádraig Ó hIrighile (2 Bealtaine 1923 - 12 Aibreán 2008), an séú ceann a chaith dhá théarma san oifig idir na blianta 1976 agus 1990.
[athraigh] Saol
Rugadh Pádraig Seán Ó hIrighile (Béarla: Patrick John Hillery) i Sráid na Cathrach i gContae an Chláir i 1923. Is dochtúir leighis é. Toghadh é mar Theachta Dála do dháilcheantar an Chláir i 1951 agus ceapadh ina Aire Oideachais é i 1959. Bhí postanna éagsúla eile aige i gcomhaireachtaí Fhianna Fáil agus bhí sé i mbun na gcainteanna a thug Poblacht na hÉireann isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa i 1973. Bhí sé ina Leas-uachtarán ar Choimisiún na hEorpa agus ina Choimisnéir go dtí an bhliain 1976. Insealbhaíodh é mar Uachtarán na hÉireann ar an 3 Nollaig 1976. Chaith sé dhá thréimhse mar Uachtarán.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.