Gearóid Mac Gearailt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gearóid Mac Gearailt
Gearóid Mac Gearailt

I bhfeidhmeannas: (1) 30 Meitheamh, 1981 - 9 Márta, 1982
(2) 14 Nollaig, 1982 - 10 Márta, 1987
Réamhtheachtaí: (1)/(2) Cathal Ó hEochaidh
Comharba: (1)/(2) Cathal Ó hEochaidh
Dáta breithe: 9 Feabhra, 1926
Áit bhreithe: Baile Átha Cliath, Éire
Dáta báis: 19 Bealtaine 2011
Áit bháis: Baile Átha Cliath
Gairm: Eacnamaí
Páirtí polaitíochta: Fine Gael
Tánaiste: Micheál Ó Laoire
Risteard Mac An Earraigh
Peadar de Barra

Ba é an Dr. Gearóid Mac Gearailt (Béarla: Garret Fitzgerald; 9 Feabhra 1926 - 19 Bealtaine 2011) an seachtú Taoiseach ar Phoblacht na hÉireann. Chaith sé dhá théarma mar Thaoiseach, an chéad cheann idir Iúil 1981 agus Feabhra 1982, agus an dara ceann idir mí na Nollag 1982 agus mí an Mhárta 1987. Tháinig Mac Gearailt chun cinn i Seanad Éireann ar dtús agus toghadh é mar Theachta Dála de chuid Fhine Gael go Dáil Éireann i 1969. Bhí sé mar Aire Gnóthaí Eachtracha ó 1973 go 1977, nuair a ceapadh mar cheannaire ar Fhine Gael é. Is mac le Desmond Mac Gearailt é, a bhí ina Aire Gnóthaí Seachtracha (an seanainm a bhí ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha roimh 1972) nuair a fuair Saorstát Éireann neamhspleáchas ón mBreatain i 1922. Ceaptear go forleathan gurbh eisean an ceannaire ab fhearr de chuid Fhine Gael le blianta.

Le linn a shaoil mar pholaiteoir bhí an-ghnaoi air - ghlaoigh gach taobh an t-ainm 'Garret' air, mar shampla. Lena nádúr cuideachtúil, an cumas a bhí aige labhairt níos tapúla ná mar a cheap daoine a d'fhéadfaí a dhéanamh agus an dealramh a bhí aige le hollamh dearmadach, ba pholaiteoir feidhmiúil é ó tháinig sé isteach sa saol polaitiúil i lár na 1960í go dtí gur éirigh sé as i 1992. Scríobh sé colún seachtainiúil i The Irish Times freisin.

Fuair sé bás tar éis dó éirí tinn i mBaile Átha Cliath ar an 19 Bealtaine 2011.

Tús a shaoil[athraigh | edit source]

Ba mac é le Desmond Mac Gearailt, a bhí ina Aire Gnóthaí Seachtracha (an seanainm a bhí ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha roimh 1972) i rith na 1920í. Bhí Desmond ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na nGaedhael, páirtí polaitiúil a bunaíodh chun tacaíocht a thabhairt don Chonradh Angla-Éireannach a síníodh i 1921 idir an Bhreatain agus Éire chun Saorstát Éireann a bhunú. Cé gur dhuine sinsearach é a athair ar thaobh an chonartha i ndeighilt pholaitiúil na hÉireann (troideadh Cogadh Cathartha idir lucht an chonartha agus an dream a bhí ina choinne i 1922 agus 1923), choinnigh sé a chuid cairde i measc an dreama a bhí i gcoinne an chonartha, leithéidí Seán Mac an tSaoi, a bhí ina Aire i rialtas Éamoin de Valera. I gcontrárthacht lena athair, ba Phrotastúnach í a mháthair Mabel, a bhí ní ba phoblachtaí ná a athair. Is isteach sa mheascán sin, trasna na deighilte polaitiúla, a rugadh Gearóid.

Tús a shaoil pholaitiúil[athraigh | edit source]

Mac léinn éirimiúil ab ea Gearóid. Bhí sé sa rang céanna le Cathal Ó hEochaidh a bheadh mar namhaid aige sa todhchaí. Mar gheall ar a chumas le matamaitic agus a bhua intleachtúil, thug ceannaire Fhianna Fáil, Seán F. Lemass, cuireadh dó bheith ina bhall den pháirtí sin. Ach lean Gearóid a athair agus chuaigh sé isteach i bhFine Gael, páirtí a d'eascair as Cumman na nGaedhael. Chuaigh sé díreach isteach i Seanad Éireann i 1965 agus toghadh sé mar Theachta Dála i 1969.

Aire Gnóthaí Eachtracha[athraigh | edit source]

Beagnach ar an bpointe, piocadh Gearóid amach mar dhuine mór le rá sa pháirtí. Nuair a bhí an bua ag an bpáirtí (in éineacht le Páirtí an Lucht Oibre) sa toghchán i 1973, cheap a lán daoine go gceapfaí é mar Aire Airgeadais. Seachas an tAire Airgeadais, cheap an Taoiseach Liam Mac Cosgair mar Aire Gnóthaí Eachtracha é, an post céanna a bhí ag a athair nuair a bhí seisean i rialtas le hathair Liam Mhic Cosgair, W.T. Mac Cosgair, daichead bliain ní ba luaithe. Sa lá atá inniu ann, measann go leor daoine go raibh Gearóid ar dhuine de na hAirí Gnóthaí Eachtracha ab fhearr riamh.[fíoras?]

Nuair a bhí sé ina Aire bhí an post athraithe go mór ó ré a athar; ní raibh Éire ina ball den Chomhlathas Briotanach ach bhí sí ina ball den Chómhargadh Eorpach (CE), nó an tAontas Eorpach (AE) mar a ghlaoitear air anois.

Ceannaire Fhine Gael[athraigh | edit source]

I 1977 d'éirigh go dona le Fine Gael agus le Páirtí an Lucht Oibre san olltoghchán, d'éirigh Mac Cosgair as an bpost mar cheannaire agus ceapadh Mac Gearailt mar chomharba air. Faoi cheannas Mhic Gearailt, tháinig méadú an-mhór ar thacaíocht Fhine Gael agus ar ghnaoi na ndaoine orthu. Sa toghchán i mí na Samhna 1982 ní raibh ach cúig shuíochán ní ba lú ag Fine Gael ná mar a bhí ag Fianna Fáil (an difríocht is lú riamh idir an dá pháirtí; anois is arís, bíonn Fianna Fáil thart ar dhá uair níos mó ná Fine Gael). Idir an Seanad agus an Dáil bhí níos mó suíochán ag Fine Gael ná mar a bhí ag Fianna Fáil.

Ba mar gheall ar Mhac Gearailt den chuid is mó a d'éirigh le Fine Gael an toradh sin a fháil. Bhí sé tar éis glúin nua de pholaiteoirí óga a thabhairt chun cinn, daoine mar Seán de Briotún, Alan Dukes, Micheál Ó Nuanáin, Jim Mitchell, Ivan Yates agus Gemma Hussey. Ach bhí baint ag an míshásamh a bhí ar an bpobal maidir le ceannaire Fhianna Fáil Cathal Ó hEochaidh leis an toradh chomh maith. Chuaigh na cogaí eipiciúla idir an dá 'Charlie' agus 'Garret' go mór i bhfeidhm ar an saol polaitiúil le linn na tréimhse sin.

Taoiseach[athraigh | edit source]

Bhí sé mar Thaoiseach den chéad uair i mí Iúil 1981, agus é i gceannas ar rialtas mionlaigh idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre. Nuair a tháinig siad i réim, fuair siad amach go raibh cúrsaí airgeadais poiblí i ndroch-chaoi. Ar an bpointe, thug siad isteach cáinaisnéis dhanartha i lár an bliana. Theip ar an rialtas leis an dara cáinaisnéis i mí Eanáir 1982; chiallaigh sé sin nach raibh tacaíocht ón Dáil ag an rialtas. Thug Mac Gearailt aghaidh ar Áras an Uachtaráin chun iarraidh ar an Uachtarán Pádraig Ó hIrighile an rialtas a lánscor láithreach. Nuair a bhain sé amach an tÁras, fuair sé amach go raibh an tUachtarán tar éis sruth glaonna gutháin a fháil ó dhaoine sinsearacha sa fhreasúra. Tháinig na glaonna sin ó dhaoine mar Chathal Ó hEochaidh (ceannaire Fhianna Fáil), Brian Ó Luineacháin agus Sylvester Barret. Bhí siad ag éileamh ar an Uachtarán diúltú don iarratas ó Mhac Gearailt (mar bhí sé de cheart aige a dhéanamh de réir an Bhunreachta). Dá ndiúltódh an tUachtarán dó, chiallódh sé sin go mbeadh ar Mhac Gearailt éirí as a phost mar Thaoiseach agus go mbeadh deis ag an bhfreasúra ar dhuine eile a chur chun tosaigh don phost. Bhí an tUachtarán den tuairim gur mí-iompar a bhí i gceist i gcás an fhreasúra, mar sin dhiúltaigh sé d’iarratas an fhreasúra agus rinne sé an rialtas a lánscor. (Tháinig eachtraí na hoíche sin ar ais chun dochar a dhéanamh do dhuine de an daoine a bhí ag cur brú ar an Uachtarán. Nuair a bhí Brian Ó Luineacháin mar iarrthóir i dtoghchán na huachtaránachta, thug sé cur síos ar eachtraí na hoíche a bhí ag teacht salach ar an bhfírinne, cuireadh an ruaig air as a phost sa rialtas agus theip air sa toghchán). Chaill Mac Gearailt an toghchán ina dhiaidh sin, ach tháinig sé ar ais í gcumhacht go luath sa chéad toghchán eile, í mí na Samhna 1982.

Cé gur Aire Gnóthaí Eachtracha an-éifeachtach ab ea é, síltear anois nach raibh sé go rómhaith mar Thaoiseach. Bhí an ghráin dhearg ag a airí rialtais ar na cruinnithe comhaireachta fada, leadránacha. Ní raibh sé ar chumas an rialtais fadhbanna airgeadais na tíre a réiteach mar gheall ar easaontas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre. Agus é ina Thaoiseach chuir sé polasaithe liobrálacha chun cinn i sochaí na hÉireann. Bhí sé ag iarraidh sochaí neamhsheicteach 'Tone agus Davis' a chruthú. Rinne sé iarracht córas colscartha a thabhairt isteach ach theip air sa reifreann; d’éirigh leis na dlíthe frithghiniúna a dhéanamh ní ba shaoire, áfach. Bhí an leasú ar son na beatha a cuireadh sa Bhunreacht in aghaidh chomhairle Mhic Gearailt. Bhí an Comhaontú Angla-Éireannach ar cheann de na rudaí ba dhrámatula a bhain sé amach. Thug an comhaontú bealach do Rialtas na hÉireann chun ionchur bheith aige i gcursaí rialtais i dTuaisceart Éireann.

Tar éis na polaitíochta[athraigh | edit source]

Chaill Fine Gael an chéad toghchán eile i 1987 go trom, agus d’éirigh Mac Gearailt as a phost mar cheannaire go díreach ina dhiaidh. D’éirigh sé as an Dáil i dtoghchán na bliana 1992. Ó shin bhí sé ag scríobh ailt an-ghnaoi i The Irish Times gach Satharn. Bhí sé as comhair an phobail arís in 2002 agus é ag obair ar son an vóta 'Tá' sa dara reifreann ar Nice.

Cailleadh a bhean chéile Joan sna 1990í, tar éis di bheith breoite blianta fada. Fuair Mac Gearailt féin bás tar éis dó éirí tinn i mBaile Átha Cliath ar an 19 Bealtaine 2011.

Tagairtí[athraigh | edit source]