Clann na Poblachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Páirtí polaitiúil Éireannach ab ea Clann na Poblachta.

Stair an pháirtí[athraigh | edit source]

Bhunaigh gníomhaithe poblachtaigh Seán Mac Giolla Bhríde (Béarla: Seán MacBride), Nollaig Hartnett, Seán Mac Uighilín (Béarla:Jack McQuillan) agus Micheál Ó Ceallaigh an páirtí sa bhliain 1946. Ba é Mac Giolla Bhríde ceannaire an pháirtí. Thacaigh a lán daoine a bhí mí-shásta le Fianna Fáil leis an gClann agus d'fhás an páirtí go tapaigh. Bhuaigh an páirtí dhá fhothoghchán sa bhliain 1947. Ghair De Valera olltoghchán go luath sa bhliain 1948 chun cur isteach ar fhás an pháirtí nua. Fuair Clann na Poblachta 13.2% de na vótaí san olltoghchán agus 10 suíochán sa Dáil.

Bunaíodh an chéad rialtas idir-pháirtí tar éis an olltoghcháin. Tháinig Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre, Páirtí an Lucht Oibre Náisiúnta, Clann na Poblachta, Clann na Talmhan agus roinnt Teachtaí neamhspleácha le cheile chun Fianna Fáil a chur as oifig. Ba é Seán A Mac Coisdealbha Taoiseach an rialtais nua mar níorbh fhéidir le Clann na Poblachta glacadh le ceannaire Fhine Gael, Risteard Ó Maolchatha. Fuair an Clann dhá áit sa chomh-aireacht - ceapadh Mac Giolla Bhríde mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus ceapadh Nollaig de Brún mar Aire Sláinte.

D'fhág Éire an Comhlathas Briotanach sa bhliain 1949.

D'éirigh de Brún as an rialtas agus as an gClann sa bhliain 1951 nuair nár thacaigh an rialtas leis an Scéim Máthar agus Linbh. Bhí easaontas sa Chlann maidir leis an scéim freisin - bhí an Eaglais go mór in éadan na scéime agus níor thacaigh Mac Giolla Bhríde le de Brún. Tháinig meath ar an bpáirtí tar éis na conspóide agus ní bhfuair an páirtí ach 4.1% de na vótaí agus 2 shuíochan sa Dáil sa chéad olltoghchán eile (níos déanaí sa bhliain 1951). Toghadh de Brún mar Theachta Dála neamhspleách.

Ghlac Clann na Poblachta páirt i dtoghcháin suas go dtí 1965 ach bhí an páirtí i gcónaí i bhfad níos laige na mar a bhí sé ar dtús.

Olltoghcháin (1948-1965)[athraigh | edit source]

Torthaí Chlann na Poblachta in olltoghcháin

  • 1948 13.2% de na vótaí agus 10 dTeachta Dála
  • 1951 4.1% de na vótaí agus 2 Theachta Dála
  • 1954 3.8% de na vótaí agus 3 Theachta Dála
  • 1957 1.6% de na vótaí agus 1 Theachta Dála
  • 1961 1.1% de na vótaí agus 1 Theachta Dála
  • 1965 0.8% de na vótaí agus 1 Theachta Dála

Tagairtí[athraigh | edit source]

Foinsí[athraigh | edit source]